Fógraíonn an tAire Heydon tús íocaíochtaí Bhliain a Dó faoin gClár Aistrithe Eolais
- Foilsithe: 1 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2026
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil íocaíochtaí maidir leis an dara bliain den Chlár Aistrithe Eolais tosaithe.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is féidir liom a dhearbhú go bhfuil íocaíochtaí rannpháirtithe i ndáil le bliain a dó den Chlár Aistrithe Eolais tosaithe anois. Tá áthas orm a thabhairt faoi deara go bhfuil na híocaíochtaí seo ag tosú de réir an sceidil agus i gcomhréir lenár ngealltanas sa Chairt Feirmeoirí.”
Ní bhaineann an Clár Aistrithe Eolais le tacaíocht airgeadais amháin – baineann sé le feirmeoirí a thabhairt le chéile – chun smaointe a mhalartú, foghlaim ó chéile agus cur chuige comhtháite a ghlacadh i leith cur chun cinn na talmhaíochta.
Dúirt an tAire chomh maith:
“Tá an clár seo ríthábhachtach chun cabhrú le feirmeoirí na scileanna agus an t-eolas a fhorbairt chun dul i ngleic le fíordhúshláin – inbhuanaitheacht, táirgiúlacht agus iomaíochas. Ach téann sé níos faide ná geata na feirme. Is infheistíocht i ndaoine é, agus is é an toradh ná pobal feirmeoireachta níos láidre agus níos nasctha.”
I bhfianaise struchtúr an chláir, tá íocaíochtaí le rannpháirtithe an Chláir Aistrithe Eolais tosaithe anois, agus cuirfear tús le híocaíochtaí d’éascaitheoirí an Chláir Aistrithe Eolais i lár na bliana. Is ceanglas rialála de chuid an Aontais Eorpaigh é go n-íocfar íocaíochtaí le feirmeoirí i nGrúpaí an Chláir Aistrithe Eolais trí éascaitheoir a ngrúpa. Dá bhrí sin, eiseofar íocaíochtaí aonair feirmeoirí nó rannpháirtithe chuig éascaitheoir an Chláir Aistrithe Eolais, agus cuirfidh an t-éascaitheoir sin an íocaíocht sin faoin gClár Aistrithe Eolais ar aghaidh chuig an bhfeirmeoir. I gcás ina bhfuil feirmeoir tar éis gach ceanglas de bhliain a dó (2025) den chlár a chomhlíonadh, is é €750 an íocaíocht.
Tá tríú bliain an chláir ar siúl faoi láthair agus mheabhraigh an tAire do rannpháirtithe go gcaithfidh siad freastal ar a laghad ar ocht gcruinniú agus a gcruinniú duine le duine a bheith críochnaithe faoin 31 Nollaig 2026. Mheabhraigh an tAire d’éascaitheoirí an Chláir Aistrithe Eolais freisin a chinntiú go reáchtálann siad an líon ceart agus na cineálacha cuí cruinnithe agus go n-uaslódálann siad an cháipéisíocht chuí in am.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Eisíodh íocaíochtaí ar fiú €3.16m iad inniu i leith 4,613 rannpháirtí do Bhliain 2 den Chlár Aistrithe Eolais.
Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT)
Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) a chinntíonn soláthar cobhsaí bia, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beomhar. Déanann tíortha an AE an CBT a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.
Tá Plean Straitéiseach CBT na hÉireann comhmhaoinithe ag an AE agus ag Rialtas na hÉireann don tréimhse 2023–2027. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap