Fógraíonn an tAire Heydon tacaíocht leanúnach don fheirmeoireacht shóisialta faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) in 2025
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Lúnasa 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, gurb í Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CLG an tairgeoir rathúil faoi phróiseas tairisceana iomaíoch an Líonra Feirmeoireachta Sóisialta 2025.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is fiontar spreagúil rathúil í an fheirmeoireacht shóisialta a théann chun tairbhe do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus don tsochaí i gcoitinne. Is é an cleachtas atá ann rannpháirtíocht feirmeoireachta agus gairneoireachta a thairiscint, ar bhonn deonach, i dtimpeallacht chuí do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí tacaíochta lae teiripeacha. Reáchtáiltear na hoibríochtaí seo i roinnt suíomhanna, ó fheirmeacha teaghlaigh oibre agus tionscnaimh phobail áitiúla go creataí níos institiúidí. Is úsáideoirí seirbhísí míchumais agus meabhairshláinte iad formhór na rannpháirtithe. Trí obair iontach an Líonra, áfach, fuarthas rannpháirtithe freisin ó earnálacha eile amhail cláir óige atá i mbaol, seirbhísí easpa dídine, cláir oideachais, seirbhísí cúraim do dhaoine scothaosta agus eile. Is soláthraithe seirbhíse a bhfuil taithí acu iad Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CLG a bhfuil sé de chumas agus d’fhís acu clár oibre saincheaptha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú leis an bhfeirmeoireacht shóisialta ar an leibhéal náisiúnta.”
Tá maoiniú €900,000 á chur ar fáil do 2025 chun maoiniú a dhéanamh ar sholáthar tacaíochtaí do Líonra Náisiúnta Feirmeoireachta Sóisialta.
Tá síneadh curtha ag an Aire Heydon freisin le ceithre chonradh lena dtacaítear le tionscadail samhla feirmeoireachta sóisialta le haghaidh 2025/26. Tá maoiniú á chur ar fáil faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe do na tionscadail seo a leanas:
- Down Syndrome Irl (Brainse Chorcaí)
- Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas
- IRD Dhúiche Ealla Teoranta
- Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CTR