Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon rialacháin fheabhsaithe maidir le sláinteachas bitheolaíoch éanlaithe chun éanlaith chlóis agus éin i mbraighdeanas a chosaint ar Fliú Éanúil

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, tar éis rialacháin nua sláinteachais bhitheolaíoch a fhógairt a éileoidh ar gach coimeádaí éanlaithe cloí le bearta sonracha chun éanlaith chlóis agus éin eile braighdeanacha a chosaint. Tiocfaidh na bearta seo i bhfeidhm Dé Sathairn, an 1 Samhain 2025, agus tá siad deartha chun ráigeanna de Fhliú Éanúil Ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis agus in éin i mbraighdeanas a chosc.

Leanann an cinneadh seo as an mbaol méadaithe atá ann do éanlaithe agus d’éin i mbraighdeanas le linn thréimhse na bliana ina mbíonn priacail níos airde ann maidir le fliú éanúil, de dheasca méadú ar imirce isteach éan uisce fiáine arna n-aithint mar stór nádúrtha de víris fliú éanúil. Tá 41 éan fiáin tar éis tástáil dhearfach a fháil don HPAI le linn chéad naoi mí 2025, agus tuairiscíodh ráigeanna den ghalar in ealta mhór éanlaithe ar an Omáigh, Co. Thír Eoghain, Tuaisceart Éireann, agus in ealta éan braighdeanacha i gCo. Chorcaí.

Dúirt an tAire Heydon:

“Léiríonn na himeachtaí seo go bhfuil priacail suntasach ann d’éanlaith agus d’éin i mbraighdeanas in Éirinn, priacail atá ag méadú go mór agus an geimhreadh ag druidim linn mar gheall ar imirce shéasúrach éan fiáin go hÉirinn. Ina theannta sin, de réir mar a laghdaíonn na teochtaí, is féidir leis an víreas maireachtáil ar feadh tréimhsí níos faide ag teochtaí níos ísle.

Is é sláinteachas bitheolaíoch dian agus comhsheasmhach an bealach is éifeachtaí chun an baol tarchuir a laghdú agus chun cosaint i gcoinne fliú éanúil. Tá sé fíorthábhachtach anois gach réamhchúram a dhéanamh chun a chosc go dtiocfadh cáithníní den víreas ó éin fhiáine atá sa timpeallacht i dteagmháil le héanlaith chlóis nó le héin i mbraighdeanas."

Faoin reachtaíocht nua a fógraíodh inniu, beidh ar gach coimeádaí éanlaithe agus éan eile i mbraighdeanas, lena n-áirítear ealtaí beaga clóis, na bearta seo a chur i bhfeidhm chun a gcuid éan, a slí bheatha, agus earnáil éanlaithe na hÉireann a chosaint. I gcás ealtaí móra (350 éan nó níos mó), beidh ar úinéirí na n-ealtaí bearta breise sláinteachais bhitheolaíoch fheabhsaithe a chur i bhfeidhm, de réir scála a gcuid oibríochtaí.

Tá an Roinn ag impí ar gach coimeádaí, beag beann ar mhéid an stoc, fanacht ar an airdeall faoi chomharthaí galair, bearta dian sláinteachais bhitheolaíoch a chur i bhfeidhm agus a chothú, agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú don Oifig Réigiúnach Tréidliachta áitiúil nó má bhíonn sé lasmuigh d’uaireanta oifige, glaoigh ar an Líne Chabhrach Náisiúnta Éigeandála Galair ar 01 492 8026.

Moltar don phobal gan éin fhiáine bhreoite nó mharbha a láimhseáil. Ba chóir aon éin fhiáine mharbha a thuairisciú don Roinn trí úsáid a bhaint as an Aip ThuairiscitheÉan Fiáin FhliúÉanúil.

Leanann an Roinn de bheith ag déanamh monatóireachta agus measúnaithe dlúth ar an staid galair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le geallsealbhóirí tionscail.

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá doiciméad treorach ar fáilar líne anseo a mhíníonn cad atá ag teastáil faoin reachtaíocht nua agus conas is féidir í a chur i bhfeidhm i gcleachtas.

Tá an nuashonrú is déanaí ar Fhliú Éanúil foilsithe ar líne agus ar fáil anseo freisin.

Tugtar ar na hIonstraimí Reachtúla nua Rialacháin um Fhliú Éanúil (Bearta Sláinteachais Bitheolaíoch) 2025.

Tá tuilleadh eolais faoi fhliú éanúil ar fáil anseo: gov.ie - Fliú Éanúil (Fliú na nÉan) (www.gov.ie).

Comharthaí cliniciúla ar chóir do choimeádaí éanlaithe a bheith ag faire amach dóibh ina n-éan ná ceann ata, dath neamhghnách ar an muineál agus an scornach, easpa ocrais, deacrachtaí análaithe, buinneach agus laghdú ar líon na n-uibheacha – cé go n-athraíonn siad seo idir speicis éan.

Má bhíonn amhras ort faoi ghalar i do ealta, cuir in iúl é don Oifig Réigiúnach Tréidliachta áitiúil nó má bhíonn sé lasmuigh d’uaireanta oifige déan teagmháil leis an Líne Chabhrach Náisiúnta Éigeandála Galair ar 01 492 8026

Má aimsíonn tú éin fhiáine mharbha mar lachain, géanna, ealaí, faoileáin nó éin chreiche, ná leag lámh ar na héin. Tuairiscigh an fhaisnéis sin don roinn ag úsáid na haipe tuairiscithe Éan Fiáin Fhliú Éanúil (AvianCheck).

Áit a mbíonn dóthain faisnéise faireachais eipidéimeolaíochta ag an Roinn i limistéir gheografacha ar leith, ní gá go mbaileoidh sí éin mharbha lena dtástáil.

Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a gcuid sonraí teagmhála ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat