Fógraíonn an tAire Heydon síneadh leis an gcomhairliúchán poiblí maidir le Rialacháin an Chomhbheartais Talmhaíochta i ndiaidh 2027

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon síneadh leis an gcomhairliúchán poiblí maidir le Rialacháin an Chomhbheartais Talmhaíochta i ndiaidh 2027

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., inniu go bhfuil síneadh seachtaine curtha leis an gcomhairliúchán poiblí a seoladh i mí Feabhra maidir le todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta i ndiaidh 2027. Fanfaidh an comhairliúchán, a seoladh chun tuairimí a bhailiú ó fheirmeoirí, ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal i gcoitinne maidir le tosaíochtaí na hÉireann don chéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile, ar oscailt anois go dtí an 27 Márta 2026.

Ag fógairt an tsínte, dúirt an tAire Heydon:

“Tá áthas orm an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán poiblí maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta i ndiaidh 2027 a shíneadh. Tabharfaidh sé seo breis ama do pháirtithe leasmhara agus don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas agus a dtuairimí a roinnt faoi threoir an Chomhbheartais Talmhaíochta amach anseo.”

Leag an tAire béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht leathan chun seasamh na hÉireann a mhúnlú sna caibidlíochtaí leanúnacha AE:

“Tá ról fíorthábhachtach ag an gComhbheartas Talmhaíochta maidir le tacú le hioncaim feirme, pobail tuaithe a neartú, cur le slándáil bia agus torthaí comhshaoil a bhaint amach. De réir mar a leanann plé ar an gcéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá sé tábhachtach go gcloisfimid ó oiread daoine agus is féidir chun cur le cur chuige na hÉireann.”

Is gné thábhachtach de phróiseas rannpháirtíochta leanúnach na Roinne é an comhairliúchán poiblí agus cabhróidh sé le tosaíochtaí na hÉireann a mhúnlú de réir mar a théann an chaibidlíocht ar thograí an Chomhbheartais Talmhaíochta i ndiaidh 2027 ar aghaidh.

D’iarr an tAire Heydon ar gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh:

“Spreagfainn gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear feirmeoirí, ionadaithe tionscail, eagraíochtaí comhshaoil agus baill den phobal, aighneacht a dhéanamh agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le todhchaí an bheartais talmhaíochta in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh.”

Féadfar aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an gceistneoir comhairliúcháin nó iad a sheoladh chuig post2027capconsultation@agriculture.gov.ie. Is é 5pm Dé hAoine, an 27 Márta 2026, an spriocdháta nua le haghaidh aighneachtaí a fháil. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear an ceistneoir comhairliúcháin agus an próiseas aighneachta, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Comhairliúchán Poiblí maidir le Rialacháin an Chomhbheartais Talmhaíochta i ndiaidh 2027.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat