Fógraíonn an tAire Heydon Comhairliúchán Poiblí maidir le Food Vision 2030
- Foilsithe: 7 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2026
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go bhfuil comhairliúchán poiblí á sheoladh maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar Food Vision 2030.
Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh tréimhse sé seachtaine, go dtí Déardaoin, an 14 Bealtaine 2026, agus tabharfaidh sé deis do pháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne cur leis an Athbhreithniú.
Ag fógairt an chomhairliúcháin dó, dúirt an tAire Heydon:
“Agus muid ag dul isteach sa dara leath den deich mbliana seo, is tráthúil machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach agus breithniú foirmiúil a dhéanamh ar conas is féidir le Food Vision 2030 forbairt níos faide, chun a chinntiú go bhfanfaidh sé uaillmhianach, dírithe agus freagrúil do dhúshláin agus do dheiseanna atá ag teacht chun cinn.
Chinn mé tús a chur le hathbhreithniú meántéarma ar Food Vision 2030 seachas próiseas straitéise nua a thosú, toisc go bhfuil a phríomh-mhisin agus a uaillmhianta chomh hábhartha do dhúshláin agus do dheiseanna earnáil an agraibhia inniu agus a bhí siad ceithre bliana ó shin nuair a foilsíodh é. Cuirfidh athbhreithniú meántéarma ar ár gcumas aon ní is gá a nuashonrú a thabhairt cothrom le dáta, agus cobhsaíocht fhoriomlán beartais á cinntiú ag an am céanna. Tar éis don an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) i ndiaidh 2027 a bheith comhaontaithe, beidh sé tráthúil féachaint ar an tréimhse i ndiaidh 2030.
Tá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara bunriachtanach don phróiseas seo, chun a chinntiú go bhfanfaidh Food Vision mar straitéis atá bunaithe ar pháirtithe leasmhara. Is deis é an comhairliúchán poiblí seo do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne, a dtuairimí a chur in iúl."
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh ar líne tríd an gceistneoir comhairliúcháin agus a sheoladh chuig FoodVision2030@agriculture.gov.ie Is é Déardaoin, an 14 Bealtaine 2026, an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil.
Tá tuilleadh sonraí faoin gcomhairliúchán, lena n-áirítear an ceistneoir comhairliúcháin agus an próiseas aighneachta, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag Comhairliúchán Poiblí maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma ar Food Vision 2030.
Nóta don eagarthóir:
Is féidir tuilleadh eolais faoi Food Vision 2030 a fháil ag Food Vision 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe