Fórgraíonn an tAire Heydon athruithe nua reachtaíochta chun feabhas a chur ar chaighdeáin le haghaidh Bunachais Pórúcháin Madraí agus cosaint leasa do mhadraí agus do choileáin a láidriú.
- Foilsithe: 19 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 21 Bealtaine 2026
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, pleananna inniu chun athchóirithe cuiditheacha ar reachtaíocht pórúcháin madraí na hÉireann a thabhairt isteach, agus mór-athrú á dhéanamh maidir le cleachtais pórúcháin eiticiúla a chinntiú agus caighdeán leasa ainmhithe a láidriú don earnáil sin ar fud na tíre.
Tabharfar isteach leis na hathcóirithe atá beartaithe, atá leagtha amach i ndréacht-Scéim Ghinearálta chun leasú a dhéanamh ar an Acht um Bunachais Pórúcháin Madraí 2010, bearta láidre nua a dhíríonn ar chleachtais pórúcháin, rialacháin díolachán, agus cumhachtaí forfheidhmithe. D'fhormheas an Rialtas inniu dréachtú tosaíochta den Bhille agus foilsiú na Scéime Ginearálta le haghaidh grinnscrúdúcháin réamhreachtaigh.
Dúirt an tAire Heydon:
"Léiríonn na hathchóirithe seo céim chinntitheach maidir le aghaidh a thabhairt ar chleachtais pórúcháin mádraí neamheiticiúla agus a chinntiú go bhfuil leas ainmhithe i gcroílár na hearnála. Trí rialacháin a ghéarú, trédhearcacht a mhéadú, agus pionóis shuntasacha a thabhairt isteach, tá teachtaireacht shoiléir á léiriú againn nach nglacfar le droch-chaighdeáin ná dúshaothrú.
Cuspóirí Beartais
Tá an reachtaíocht deartha chun:
• Feabhas a chur ar leas ainmhithe trí shrianta pórúcháin níos déine agus riachtanais éigeantacha foirne.
• Cosaintí tomhaltóirí agus inrianaitheacht maidir le díolcháin coileán a láidriú.
• Bearnaí forfheidhmithe riachtanacha a dhúnadh agus údaráis a chumhachtú le huirlísí éifeachtacha.
• Trédhearcacht a fheabhsú trí fhoilsiúchán ar líne de chláir údaráis áitiúla.
• Solúbthacht a sholáthar chun freagairt do chaighdeáin leas ainmhithe an Aontais Eorpaigh agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn.
Chuir an tAire Heydon leis sin:
"Beidh na hathruithe reachtaíochta seo mar mhór-athrú i gcaighdeáin, rialuithe agus forfheidhmiú i mbunachais pórúcháin madraí. Ba mhaith liom a mheabhrú don phobal i gcoitinne maidir leis an ról tábhachtach a d'fhéadfadh a bheith acu : is tiomantas saolré atá i gceist le madra. Ba cheart d'aon duine atá ag smaoineamh ar mhadra nó coileán a fháil mar pheata machnamh a dhéanamh ar cheann a uchtú ó dhídean áitiúil nó ceannachán a dhéanamh ó ionadaithe cláraithe amháin."
Bearta Leas Bunathraitheacha
Ghlac an tAire Heydon nóta de thuairimí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Rialú Madraí agus aighneachtaí a rinneadh chuig a Roinn maidir leis an gcéad Straitéis Leas Ainmhithe eile lena n-áirítear leibhéil foirne a fheabhsú, an iomarca pórúcháin a chosaint, inrianaitheacht a chinntiú, cumhachtaí forfheidhmithe a láidriú, agus díolacháin tríú páirtí a chosc.
Tá cosaintí níos láidre le haghaidh madraí a phórú i gcroílár na reachtaíochta atá beartaithe.
Áirítear leis na príomhbhearta:
- Teorainn saolré de cheithre n-ál in aghaidh an mhadra a phórú, ar féidir é a fhadú go sé cinn le ceadú tréidliachta amháin.
- Teorainn ál-amháin-in-aghaidh-na-bliana chun an iomarca pórúcháin a chosc.
- Teorainn aois íosta nua le haghaidh pórúcháin: ní féidir madraí baineannacha faoi bhun 12 mhí d'aois a phórú.
- Teorainn aois uasta nua le haghaidh pórúcháin: Ní féidir madraí baineannacha os cionn ocht mbliana d'aois a phórú (ach amháin má tá deimhniúchán tréidliachta scríofa).
- Cosc ar inphórú agus pórú a dhéanamh ar mhadraí a raibh dhá ghearradh caesarach acu.
- Riachtanais fheabhsuithe le haghaidh sóisialú agus gnásbhunú madraí.
- Féadfaidh leis an Aire rialacháin a dhéanamh i dtaca leis na coinníollacha agus caighdeáin leasa i mbunachais pórúcháin madraí.
- I gcéim shuntasach, tabharfar cóimheas éigeantach foirne d'oibrithe amháin in aghaidh 20 madra pórúcháin isteach, á chinntiú go ndéantar cúram agus maoirseacht cheart laistigh de bhunachais pórúcháin. Tabharfar idirthréimhse dhá bhliain d'oibrithe chun na riachtanais nua seo a chomhlíonadh.
Cleachtais Díolacháin Fheabhsuithe
Tabharfar isteach leis an mBille freisin rialacha dochta nua maidir le díolacháin coileán a rialú:
• Cosc iomlán ar dhíolacháin tríú páirtí, chun trédhearcacht iomlán a chinntiú do cheannaitheoirí ionchasacha.
• Ní mór do choileáin a bheith ocht seachtaine d'aois ar a laghad sula féidir iad a bhaint ón láthair agus ní féidir iad a dhíol ó aon láthair eile ach amháin an áit ar rugadh agus tógadh iad.
• Ní mór an coileán a thaispeáint do cheannaitheoirí ionchasacha lena mháthair bhitheolaíoch ar an láthair ionas gur féidir le ceannaitheoirí an mháthair a fheiceáil.
Chomh maith leis sin, beidh mainneachtain maidir le fógra a thabhairt d'údaráis áitiúla faoi dhíol nó aistriú mar chion coiriúil, rud a láidríonn inrianaitheacht agus freagracht.
Forfheidhmiú agus Pionós Níos Láidre
Chun comhlíontacht a chinntiú, cuirtear feabhas suntasach ar chumhachtaí forfheidhmithe sa reachtaíocht seo:
- Beidh cumhachtaí nua ag oifigigh údaraithe chun madraí a ghabháil agus a choinneáil nuair a cheaptar go ndearnadh sárú leasa.
• Beidh údaráis áitiúla in ann costais a fháil ar ais a bhaineann le gabháil agus cúram ainmhithe.
• Méadóidh pionós uasta go suntasach, le fíneálacha suas go €250,000 agus/nó príosúnacht ar feadh tréimhse suas go cúig bliana le haghaidh cionta tromaí.
Beidh bunachais nua pórúcháin madraí faoi réir iniúchadh éigeantach roimh chlárú, a chuirfidh foirm ar an gcleachtas atá ann faoi láthair agus é a chur ar bhonn reachtúil.
Maoirseacht agus Trédhearcacht Feabhsuithe
Cuirfidh na hathchóirithe foirm ar an bhfoilseachán chlárúchán náisiúnta de bunachais pórúcháin madraí, agus feabhas á chur ar thrédhearcacht le haghaidh tomhaltóirí agus rialtóirí araon. Cumasóidh forálacha nua sonraí a roinnt idir an Roinn, údaráis áitiúla, agus an Garda Síochána, agus an comhordú forfheidhmithe a láidriú.
CRÍOCH
Nóta D'eagarthóirí
D'fhormheas an Rialtas inniu:
• Dréachtú tosaíocht den Bhille
• An Scéim Ghinearálta a fhoilsiú
• Tograí a chur ar aghaidh chuig an Oireachtas Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir le haghaidh ghrinnscrúdúcháin réamhreachtaigh