Fógraíonn an tAire Heydon pacáiste tacaíochta ar fiú €30 milliún é don earnáil curaíochta
- Foilsithe: 24 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2026
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil Scéim Náisiúnta Tacaíochta Inbhuanaitheachta Curaíochta nua á hoscailt.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá ról tábhachtach ag feirmeoireacht curaíochta in inbhuanaitheacht earnáil an agraibhia ina hiomláine agus aithnítear í mar cheann de na hearnálacha is éifeachtúla ó thaobh carbóin de i dtalmhaíocht na hÉireann. Mar sin féin, is mian liom aitheantas a thabhairt do na dúshláin shuntasacha atá roimh an earnáil le blianta beaga anuas. Tar éis dhá bhliain thar a bheith deacair in 2023 agus 2024, agus le déanaí staid mhargaidh dhúshlánach ina bhfuil brú anuas ar phraghsanna go hidirnáisiúnta. Mar aon le costais arda táirgthe, cuireadh brú suntasach ar bhrabúis na saothróirí.”
Tá maoiniú €30 milliún leithdháilte i mBuiséad 2026 do scéim nua tacaíochta curaíochta. Cuirfidh an scéim seo ráta íocaíochta céimnitheach ar fáil d’iarratasóirí a dhearbhaigh barraí gránach agus síolráibe ar a n-iarratas 2025 ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim ar mhaithe le hInbhuanaitheacht (BISS) agus ar iarratais limistéarbhunaithe eile.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Fuair mé an maoiniú seo chun tacú leis an earnáil agus chun muinín a neartú trí na tacaíochtaí airgeadais riachtanacha a chur ar fáil d’fheirmeoirí chun cabhrú leo sa séasúr atá rompu. Tá an earnáil curaíochta thar a bheith tábhachtach don Rialtas seo, agus is earnáil í ar mian linn a fheiceáil ag fás sna blianta amach romhainn. Léiríonn an scéim seo tiomantas an Rialtais chun tacú leis an earnáil agus cuireann sí chun cinn an gealltanas atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, chomh maith le príomh-mholadh i dTuarascáil an Ghrúpa Fís Bhia um Churaíocht maidir leis an tábhacht a bhaineann le tacaíochtaí suntasacha a sholáthar don earnáil curaíochta.”
Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir leis an Scéim Tacaíochta Inbhuanaitheachta Curaíochta glaoch ar an Líne Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha ag 057 8674422 nó ríomhphost a sheoladh chuig tillage@agriculture.gov.ie
Nótaí d'Eagarthóirí
Beidh gach íocaíocht faoi réir rialacha an AE maidir le cúnamh de minimis mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 3118/2024 ón gCoimisiún maidir le cúnamh de minimis san earnáil táirgthe talmhaíochta.
Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh trí thairseach MyAgFood agus dúnfar an scéim d’iarratais ar an 9 Márta 2026.
Is iad na barraí incháilithe faoin scéim ná eorna, cruithneacht, coirce, seagal, triticéil agus síolráib.
Ní mór na barraí incháilithe a bheith dearbhaithe ag an iarratasóir ar a n-iarratas 2025 ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim ar mhaithe le hInbhuanaitheacht (BISS) agus ar iarratas limistéarbhunaithe eile.
Táthar ag súil go dtosófar ar íocaíochtaí a eisiúint chuig iarratasóirí roimh dheireadh mhí an Mhárta.
Beidh na rátaí íocaíochta céimnitheacha seo a leanas i bhfeidhm.
|
HA |
Ráta Íocaíochta |
|
>1ha - </=100 ha |
€110 |
|
>100 ha - </= 125 ha |
€90 |
|
>125 ha - </= 150ha |
€70 |
|
>150 ha |
€50 |
Tá Téarmaí agus Coinníollacha na scéime seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an deasc chabhrach ag 057 8674422 le haon cheisteanna atá acu nó, mar rogha eile, is féidir leo ríomhphost a sheoladh chuig tillage@agriculture.gov.ie.