Fógraíonn an tAire Heydon go n-athosclófar an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta d’iarratasóirí nua
- Foilsithe: 20 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2026
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, go n-athosclófar an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta (DBWS) d’iarratasóirí nua Dé Máirt, an 21 Aibreán 2026. Tá buiséad €25 milliún ag an DBWS thar cheithre bliana (2024–2027) agus tá sí cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach mar chuid den Phlean Straitéiseach CBT (CSP).
Ag labhairt dó faoin athoscailt, dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm a fhógairt go n-athosclófar iarratais do bhliain a trí den DBWS d’iarratasóirí nua an tseachtain seo. Léiríonn an scéim seo faoin bPlean Straitéiseach CBT tiomantas an Rialtais seo do chomhtháthú níos fearr idir tréada déiríochta agus mairteola chun feabhas a chur ar cháilíocht, leas agus inmharthanacht lao fireann ó thréada déiríochta.”
Is beart pórúcháin í an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta a sholáthraíonn tacaíocht d’fheirmeoirí déiríochta chun sláinte agus leas ainmhithe an tréada náisiúnta déiríochta a fheabhsú trí úsáid a bhaint as tairbh mhairteola a bhfuil fiúntas géiniteach níos fearr acu. Ceanglaítear ar rannpháirtithe tuí AI nó tairbh stoic a úsáid a bhfuil rátáil íosta trí réalta acu ar Innéacs Mairteola Déiríochta ICBF (DBI) agus ar fho-innéacs mairteola an DBI.
Is í seo an tríú bliain den scéim mar chuid den Phlean Straitéiseach CBT, agus íocaíochtaí €5.98 milliún eisithe do thart ar 9,175 feirmeoir i mí Feabhra 2026 a raibh laonna incháilithe acu a rugadh idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2025. Ní gá d’iarratasóirí ar an scéim in 2024 nó 2025 iarratas a dhéanamh arís mar go bhfuil a n-iarratas rollaithe ar aghaidh go huathoibríoch go dtí 2026.
Dúirt an tAire:
“Chomh maith leis an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta, rud a léiríonn arís tiomantas an Rialtais seo tacú leis an earnáil seo, fuair mé suim €4 mhilliún i mBuiséad 2026 do bhliain eile den Scéim Náisiúnta Meá Mairteola Déiríochta (NDBWS). Tá an NDBWS 2026 oscailte freisin d’iarratais trí MyAgfood.ie go dtí meán oíche an 15 Bealtaine 2026 agus ní mór d’fheirmeoirí iarratas a dhéanamh arís don scéim in 2026, fiú má ghlac siad páirt in NDBWS 2025.”
Chríochnaigh an tAire trí mheabhrú d’fheirmeoirí:
“Má rinne tú iarratas ar Scéim Leasa Mairteola Déiríochta an CSP in 2024 nó 2025, ní gá duit iarratas a dhéanamh arís mar leanfaidh do rannpháirtíocht sa scéim go huathoibríoch.”
Gheobhaidh feirmeoirí a chomhlíonann riachtanais na scéime íocaíocht €20 in aghaidh gach lao incháilithe, suas le huasmhéid de 50 lao in aghaidh an tsealúchais.
Is féidir le hiarratasóirí nua, nó le comhairleoir faoin gCóras Comhairleach Feirme (CCF) atá údaraithe gníomhú thar a gceann, a n-iarratas ar Scéim Leasa Mairteola Déiríochta an CSP a chur isteach ar líne trí MyAgfood.ie go dtí 23.59 uair an 15 Bealtaine 2026.
Nótaí do na hEagarthóirí
Maidir le Plean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023–2027
Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) a chinntíonn soláthar cobhsaí bia, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta trí Phlean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023–2027.
Tugadh isteach an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta chun tacaíocht a chur ar fáil d’fheirmeoirí déiríochta chun sláinte agus leas ainmhithe an tréada náisiúnta a fheabhsú trí thairbh mhairteola a bhfuil fiúntas géiniteach níos fearr acu a úsáid. Beidh an scéim ar siúl ar feadh ceithre bliana ó 2024 go 2027. Is é €20 in aghaidh gach lao incháilithe an íocaíocht, suas go huasmhéid de 50 lao, do gach bliain den scéim ina bhfuil an t-iarratasóir ina rannpháirtí gníomhach.
Beidh rannpháirtithe gníomhacha a rinne iarratas in 2024 incháilithe le haghaidh íocaíochta do gach ceann de cheithre bliana na scéime, faoi réir chomhlíonadh théarmaí agus choinníollacha na scéime. Beidh feirmeoirí a rinne iarratas ar an scéim in 2025 incháilithe le haghaidh íocaíochta do 2025, 2026 agus 2027. Beidh feirmeoirí a dhéanann iarratas ar an scéim in 2026 incháilithe le haghaidh íocaíochta do 2026 agus 2027, faoi réir chomhlíonadh théarmaí agus choinníollacha na scéime.
Déanfar íocaíochtaí le rannpháirtithe incháilithe i mí an Mhárta tar éis dheireadh bhliain na scéime, mar shampla, déanfar íocaíochtaí do Bhliain 3 na Scéime (1 Eanáir 2026 go 31 Nollaig 2026) i mí an Mhárta 2027 do na hiarratasóirí incháilithe.