Fógraíonn an tAire Heydon go bhfuil an Maolú Níotráití ar fáil go leanúnach in Éirinn
- Foilsithe: 9 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil an Maolú Níotráití ar fáil go leanúnach in Éirinn. D’fháiltigh sé roimh vóta dearfach i bhfabhar iarraidh na hÉireann ar mhaolú Níotráití ag cruinniú an Choiste Níotráití inniu.
Ag labhairt dó tar éis na vótála sa Bhruiséil, thug an tAire breac-chuntas ar an méid seo a leanas:
“Ba phríomhthosaíocht domsa mar Aire agus, go deimhin, don Rialtas ar fad é go mbeadh fáil leanúnach ar mhaolú an Níotráite. Tá obair shuntasach déanta ó chuireamar an Coiste Níotráití ar an eolas faoinár n-iarratas ar rochtain leanúnach ar an tsaoráid breis agus bliain ó shin. Tá iarraidh na hÉireann bunaithe ar na critéir eolaíocha dá bhforáiltear sa treoir agus atá ag teacht le samhail táirgthe féarbhunaithe, lasmuigh na hÉireann. Is ionann vóta an lae inniu agus rath na coda sin den phróiseas. Tosaímid anois ar an gcéad chéim eile, ag cur tús leis an obair chun aghaidh a thabhairt ar an bpríomhchoinníollacht laistigh den chinneadh maidir le maolú’.
Mar a leagadh amach roimhe seo, thángthas ar chomhaontú leis an gCoimisiún maidir le cinneadh cur chun feidhme trí bliana ar ionstraim dlí é lena bhforáiltear don mhaolú. Cuireadh an cinneadh cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choiste um Níotráití inniu. Tar éis vóta dearfach, glacfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme in am trátha. Leagtar amach leis an gcinneadh cur chun feidhme na coinníollacha faoina gcaithfidh Éire an maolú a oibriú, lena n-áirítear an gá atá le comhlíonadh feabhsaithe na Treorach maidir le Gnáthóga a léiriú mar aon le roinnt ceanglas breise ó 2028 d’fheirmeoirí maolaithe i gceithre dhobharcheantar na hÉireann ina bhfuil an bhearna is mó le díriú orthu i dtéarmaí laghdú ualaigh nítrigine.
Thug an tAire aitheantas don chaidreamh a bhí ag an Taoiseach le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula Von der Leyen, agus don chaidreamh a bhí ag an Tánaiste lena gcomhghleacaithe san Aontas maidir le cás na hÉireann a chur chun cinn. Thug an tAire aitheantas freisin do chuairt an Choimisinéara Roswall ar Éirinn i mí na Samhna.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is mian liom aitheantas a thabhairt do chuairt an Choimisinéara Roswall ar Éirinn i mí na Samhna, arna iarraidh sin dom, agus chonaic mé féin an tábhacht a bhaineann leis an maolú ar Níotráití d’fheirmeoirí na hÉireann. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht an Choimisinéara le páirtithe leasmhara agus go háirithe don chuairt ar ghnáthfheirm in Éirinn áit a bhfaca muid an chuid is fearr de chóras féarbhunaithe na hÉireann, amuigh faoin aer, agus dhá ghlúin ag maireachtáil ón bhfeirm. Is í an tsamhail feirme teaghlaigh sin, atá bunaithe ar ainmhithe a bheith amuigh faoin aer, bunchloch ár n-inbhuanaitheachta.”
Dúirt an tAire chomh maith:
“Is cuid ríthábhachtach den rochtain leanúnach ar an maolú maidir le Níotráití é cáilíocht an uisce a fheabhsú. Is cuid lárnach é sin dár bplean, mar a foilsíodh anuraidh é, ‘Uisce sa Talmhaíocht, cur chuige comhoibríoch’. Tá mo Roinn ag obair go cuiditheach leis an earnáil tríd an nGrúpa Oibre AG um Cháilíocht Uisce i rith na bliana. Glacann feirmeoirí na hÉireann a gcuid freagrachtaí comhshaoil go han-dáiríre agus tá siad ar thuras feabhsúcháin leanúnaigh. Tá an cuspóir sin i gcoiteann ag an tionscal, ag na páirtithe leasmhara agus ag na feirmeoirí uile. Shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an6ú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití ina dhlí inné, arb é is aidhm dó gníomhaíochtaí feirmeoirí maidir le cáilíocht uisce a neartú tuilleadh’.
D’iarr an Coimisiún dearbhuithe maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Gnáthóga i leith feirmeacha maolaithe níos luaithe i mbliana. Cuirfidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tús anois leis an bpróiseas chun measúnuithe ar leibhéal dobharcheantair a dhéanamh faoin Treoir.
Rinne an tAire cur síos ar an méid seo a leanas:
“Is saothar suntasach é seo, rud a raibh orainn gealltanas a thabhairt ina leith mar chuid de mhaolú a fháil agus tá an gá atá le ham agus spás sainaitheanta agam go comhsheasmhach chun cur chuige críochnúil, cuimsitheach a áirithiú i leith an chúraim sin. Sna trí bliana amach romhainn, rachaidh mo Roinn i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus an obair seo á cur i gcrích againn.”
Ar deireadh, chuir an tAire fáilte roimh an gcinneadh trí bliana, rud a thabharfaidh cinnteacht d'fheirmeoirí, ag críochnú:
“Leanfaidh mé de bheith ag obair le feirmeoirí ar an turas seo agus ar an gcúram cáilíocht an uisce a fheabhsú agus infhaighteacht leanúnach an mhaolaithe a áirithiú tar éis an chinnidh reatha. Ní mór é sin a bheith mar thosaíocht againn anois agus ár mbealach chun cinn á leagan amach againn.”
Nótaí don Eagarthóir:
Shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an6ú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití (NAP) ina dhlí. Leagtar amach sa Chlár na ceanglais rialála íosta a bheidh i bhfeidhm thar na trí bliana atá romhainn do gach feirmeoir, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhaolú. Tá na hathruithe faoin6ú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití leagtha amach thíos i bhfoirm tábla.
Ina theannta sin, faoin gcinneadh cur chun feidhme d’fheirmeoirí maolúcháin, beidh feirmeoirí maolúcháin faoi réir na gceanglas breise seo a leanas i ndobharcheantair Abhann na Sláine, na Bearú, na Feoire agus (Cúige Mumhan) na hAbhann Duibhe: Léirítear leis na dobharcheantair sin an t-achar is faide ón sprioc is gá chun tacú le héiceachórais uisceacha shláintiúla mar a leagtar amach i dTuarascáil an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil dar teideal ‘Fianaise bunaithe ar spriocdhíriú ar bhearta talmhaíochta chun nítrigin a laghdú i ndobharcheantair chun cuspóirí cáilíochta uisce a bhaint amach’ a foilsíodh i mí Lúnasa seo caite.
- Ón 1 Eanáir 2028, laghdófar an t-uasráta toirchithe féarthalún bliantúil ó leasacháin cheimiceacha ar ghabháltais a bhfuil údarú acu ionas go mbeidh na rátaí 5 % níos ísle ó 2028 ar aghaidh ná na rátaí a fhoilsítear i gClár Gníomhaíochta na hÉireann mar a chuirtear chun feidhme in Ionstraim Reachtúil Uimh. 42 de 2025, Rialachán an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2022, arna leasú. Má shocraítear luachanna níos ísle le hathbhreithniú ar na noirm leasacháin, beidh feidhm ag na luachanna níos ísle sin.
- Ón 1 Eanáir 2028, ar ghabháltais a bhfuil údarú acu, ní chuirfear leasacháin cheimiceacha i bhfeidhm ar fhéarthalamh laistigh de 4 mhéadar ó aon uiscí dromchla, mura leagtar amach ceanglais níos déine i gClár Gníomhaíochta na hÉireann, agus sa chás sin beidh feidhm ag na ceanglais níos déine sin. Ón 1 Eanáir 2028, ní chuirfear leasacháin orgánacha, lena n-áirítear aoileach agus uisce salaithe, ar thalamh laistigh de 8 méadar feadh aon uisce dromchla agus laistigh de 20 méadar ó aon uiscí dromchla ina bhfuil meánlíne níos mó ná 20 % ag an talamh i dtreo an uisce, mura leagtar amach ceanglais níos déine i gClár Gníomhaíochta na hÉireann, agus sa chás sin beidh feidhm ag na ceanglais níos déine sin.
Bearta Rialála an 6ú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití mar a leagtar amach i rialacháin náisiúnta.
|
Beart |
Achar Ama |
|
Tráth chur i bhfeidhm BISS 2026 |
|
|
1 Deireadh Fómhair 2028 |
|
|
2026 |
|
|
1 Eanáir 2028 |
|
|
2026 |
|
|
2026 |
|
|
31 Nollaig 2027 |
Bearta neamhrialála an 6ú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití