Fógraíonn an tAire Heydon ceapachán Martin Sisk ag an Rialtas mar Chathaoirleach nua ar Fhoras na Mara

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon ceapachán Martin Sisk ag an Rialtas mar Chathaoirleach nua ar Fhoras na Mara

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil Martin Sisk ceaptha ag an Rialtas mar Chathaoirleach ar Fhoras na Mara.

Dúirt an tAire Heydon:

“Fáiltím go mór roimh cheapachán an Rialtais Martin Sisk mar Chathaoirleach ar Fhoras na Mara. Tugann Martin Sisk cúlra láidir dlí agus taithí fhairsing leis i roinnt Coistí Rialtais. Tá meas forleathan ar Fhoras na Mara agus cuireann sé comhairle eolaíoch agus theicniúil den chéad scoth ar fáil don Rialtas, rud a chabhraíonn le bonn eolais a chur faoi bheartas agus a thacaíonn le forbairt inbhuanaithe acmhainní muirí na hÉireann. Cinnteoidh ceannaireacht an Uasail Sisk ar an mBord go leanfar den obair chriticiúil sin a chur i gcrích.”

Is é Foras na Mara gníomhaireacht náisiúnta taighde mara na hÉireann a bunaíodh faoi Acht Fhoras na Mara, 1991. Is é an aidhm atá aige, taighde agus forbairt mhuirí a ghabháil de láimh, a chomhordú, a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt ina leith agus seirbhísí a bhaineann le taighde agus forbairt mhuirí a sholáthar.

Ag trácht ar cheapachán Martin Sisk, dúirt an tAire Stáit um Iascach agus Muir, Timmy Dooley TD:

“Is obair fhairsing í an obair a dhéanann Foras na Mara - cibé acu sonraí stoic éisc, seirbhísí aigéin agus aeráide, monatóireacht ar an gcomhshaol muirí, mapáil ghrinneall na farraige a sholáthar - agus cuireann sí ar ár gcumas tuiscint níos fearr a fháil ar ár n-éiceachórais mhuirí ar a bhfuil earnáil bia mara na hÉireann ag brath. Go deimhin, tá forbairt inbhuanaithe earnáil bia mara na hÉireann agus bainistiú inbhuanaithe fharraigí agus aigéin na hÉireann ag brath ar an gcomhairle eolaíoch a chuireann Foras na Mara ar fáil.”

Ceaptar Martin Sisk ar feadh téarma cúig bliana.

ENDS

Nótaí d’Eagarthóirí

Is gníomhaireacht Stáit é Foras na Mara, faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht in Éirinn. Cuireann sé comhairle eolaíoch agus theicniúil ar fáil don Rialtas chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus chun tacú le forbairt inbhuanaithe acmhainn mhuirí na hÉireann.

Bunaíodh Foras na Mara faoin Acht um Fhoras na Mara 1991: “chun taighde agus forbairt mhuirí a thabhairt faoi, a chomhordú, a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt ina leith agus chun seirbhísí den sórt sin a bhaineann le taighde agus forbairt a sholáthar, ar seirbhísí iad a dhéanfaidh, i dtuairim na hInstitiúide, forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn agus fostaíocht a chruthú agus an mhuirthimpeallacht a chosaint.”

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh gréasáin Fhoras na Mara: Baile | Foras na Mara

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat