English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon go bhfuil deireadh curtha leis na rialacháin bhithshlándála éanlaithe clóis maidir leis an bhfliú éanúil

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, go bhfuil deireadh curtha leis na rialacháin bhithshlándála d'éanlaith chlóis a tugadh isteach i Nollag 2024 mar gheall ar an riosca a bhaineann le fliú na n-éan. Cúlghairfear na rialacháin maidir leis an bhfliú éanúil (bearta bithshlándála) (SI 666/2024) le héifeacht ón 31 Bealtaine 2025.

Dúirt an tAire:

“Agus muid ag bogadh isteach sa samhradh, tá an baol go dtarlódh ráig den fhliú éanúil inár n-éanlaith chlóis níos ísle ná mar a bhí sé le linn mhíonna níos fuaire an gheimhridh. Is cuí anois deireadh a chur leis na rialacháin a rinne dianbhearta bithshlándála éigeantach chun éanlaith chlóis na hÉireann a chosaint. Is dea-chleachtas fós iad na gníomhaíochtaí bithshlándála seo agus molaim go láidir d'aon duine le héanlaith chlóis, bídís ina bhfeirm mhór nó cúpla cearc sa ghairdín cúil, leanúint dá gcur i bhfeidhm. Tá baol ann go fóill, agus táthar ag súil go leanfaidh an fliú éanúil de bheith ina bhagairt d’earnáil éanlaithe clóis na hÉireann i rith na bliana. Is í an bhithshlándáil an bealach is éifeachtaí chun cosc a chur ar leathadh an víris ó éin fhiáine go héanlaith chlóis, nó idir ealtaí éanlaithe clóis, agus ní mór í a chleachtadh ar feadh na bliana.”

Dúirt an tAire freisin:

“Is mian liom moladh a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ar fud na hearnála éanlaithe clóis chun ár dtionscal éanlaithe clóis a chosaint ar fhliú na n-éan agus ar na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le ráig”.

Moltar don phobal gan éin fhiáine atá breoite nó marbh a láimhseáil agus aon eipeasóid d’éin fhiáine atá breoite nó marbh a thuairisciú dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, má tá siad lasmuigh d’uaireanta gnó, teagmháil a dhéanamh leis an mBeolíne Náisiúnta Éigeandála Galar ar 01 492 8026 nó AipSeiceála Éanlaith na Roinne a úsáid.

Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag gov.ie/birdflu.