D’fhógair an tAire Heydon go bhfuil deireadh leis an ordú coinneála d’éanlaith chlóis agus d’iarr sé go leanfaí den aireachas mar gheall ar bhaol an fhliú éanúil
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2026
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., go gcuirfear deireadh leis an ordú éigeantach coinneála d’éanlaith chlóis agus d’éin choimeádta.
Cuireadh an t-ordú coinneála i bhfeidhm i mí na Samhna 2025 chun éanlaith chlóis agus éin choimeádta a chosaint le linn na tréimhse ba mhó riosca ó fhliú éanúil, agus cuirfear deireadh leis ón Máirt, an 5 Bealtaine 2026. Fanfaidh na rialacháin bhithshlándála a tugadh isteach an mhí chéanna i bhfeidhm.
Dúirt an tAire:
“Níl an baol a bhaineann leis an bhfliú éanúil dár dtír chomh hard anois agus a bhí sé le míonna beaga anuas agus, dá bhrí sin, is tráth cuí é chun deireadh a chur leis an ordú coinneála agus leis an gcosc ar éin bheo a bhailiú le chéile. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair chrua agus don chomhoibriú a rinne tionscal éanlaithe na hÉireann agus úinéirí éan le míonna beaga anuas. In ainneoin na ndúshlán, d’oibrigh feirmeoirí, tréidlianna, próiseálaithe agus mo Roinn féin le chéile chun an baol ráige a laghdú, rud a d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige don earnáil éanlaithe níos leithne.”
Lean an tAire air:
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil an baol a bhaineann leis an bhfliú éanúil imithe agus go gcaithfidh gach duine a bheith airdeallach i gcónaí, go háirithe maidir le bhithshlándáil a gcuid tréad agus feirmeacha. D’fhág mé na Rialacháin um Fhliú Éanúil (bearta bhithshlándála) i bhfeidhm ar an gcúis sin.”
Moltar do bhaill den phobal gan teagmháil a dhéanamh le héin fhiáine atá tinn nó marbh agus leanúint de thuairisciú aon eachtraí ina bhfuil éin fhiáine tinn nó marbh chuig a nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, lasmuigh d’uaireanta oibre, teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach Náisiúnta um Éigeandáil Galar ar 01 492 8026 nó úsáid a bhaint as Aip Seiceála Fhliú Éanúil na Roinne.
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag gov.ie/birdflu
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
I.R. I.R. Uimh. 532/2025 - Tháinig na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Coinneáil Réamhchúramach Éan agus Srian ar Éin Bheo a Bhailiú le Chéile), 2025 i bhfeidhm an 10 Samhain 2025 agus cuirfear deireadh leo ón 5 Bealtaine 2026.
I.R. I.R. Uimh. 520/2025 - Tháinig na Rialacháin um Fhliú Éanúil (bearta bhithshlándála), 2025 i bhfeidhm an 1 Samhain 2025 agus fanann siad i bhfeidhm.