English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon deireadh leis an ordú cró d’éanlaith chlóis, ach iarrann sé aireachas fós ar an riosca a bhaineann le fliú na n-éan

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, deireadh leis an ordú riachtanach cró d’éanlaith chlóis agus d’éin ghafa, a thug sé isteach i mí Feabhra chun iad a chosaint ón bhfliú éanúil le linn na tréimhse ardriosca. Cúlghairfear an t-ordú cró (SI 31/2025) le héifeacht ón 10 Bealtaine 2025.

Dúirt an tAire an méid seo a leanas:

“Níl an riosca a bhaineann le fliú na n-éan chomh hard agus a bhí sé le míonna beaga anuas, mar sin, tá sé oiriúnach deireadh a chur leis an ordú cró agus leis an gcosc ar theacht le chéile na n-éan beo. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair dhícheallach agus don chomhoibriú ó thionscal éanlaithe na hÉireann le míonna beaga anuas, le feirmeoirí, tréidlianna, próiseálaithe agus daoine eile, iad ar fad ag obair le chéile chun an riosca ráige a laghdú, ráig a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aici. Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara go bhfuil an riosca i leith fhliú na n-éan fós ann agus go mbeidh an riosca sin ann go ceann i bhfad.”

Leag an tAire béim ar thábhacht na bithshlándála:

“Is í an bhithshlándáil an bealach is éifeachtaí chun an víreas a chosc ó leathnú ó éin fhiáine isteach in éanlaith chlóis, nó idir ealtaí éanlaithe clóis, agus ní mór é a dhéanamh ó thús deireadh na bliana.”

Tá na rialacháin bhithshlándála maidir le héanlaith chlóis a tugadh isteach ar an 6 Nollaig 2024 (IR 666/2024, Rialacháin (Bearta bithshlándála) Fhliú na nÉan) fós i bhfeidhm.

Moltar don phobal gan éin fhiáine atá breoite nó marbh a láimhseáil agus tuairisc a thabhairt ar aon eachtra d’éin fhiáine atá breoite nó marbh dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, más rud é go dtarlaíonn sé lasmuigh d’uaireanta gnó, dul i dteagmháil leis an mBeolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar 01 492 8026 Avian Check App na Roinne a úsáid.

Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/50ce4-avian-influenza-bird-flu/?referrer=https%3A%2F%2Fwww.gov.ie%2Fbirdflu%2F].