Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon oscailt na Scéimeanna Tacaíochta um Ioncam Breosla d'fheirmeoirí agus do chonraitheoirí

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil Scéim Tacaíochta um Ioncam Breosla nua á hoscailt.

Dúirt an tAire Heydon:

"Aithníonn an Rialtas an brú éagsamhalta atá ar fheirmeoirí, conraitheoirí agus iascairí mar gheall ar an méadú tobann ar chostas Cháin Ola Mianraí, agus mar fhreagra, leithdháil an Rialtas maoiniú €100 milliún chun tacaíocht ioncaim tábhachtach a sholáthar do na hearnálacha seo.

Clúdaíodh an scéim tacaíochta um ioncam breosla d'fheirmeoirí agus do chonraitheoirí na míonna ó mhí Márta suas go deireadh mhí Iúil, atá mar thréimhse chriticiúil sa fhéilire talmhaíochta. Is scéim shimplí í atá dírithe orthu siúd a bhfuil an tionchar is mó ag an méadú tobann ar chostas Cháin Ola Mianraí orthu."

Beidh incháilitheacht don scéim bunaithe ar úsáid Ola Gáis Mhargaidh le haghaidh táirgeadh príomhúil de tháirgí talmhaíochta ar an bhfeirm (lena n-áirítear foraoiseacht) anuraidh. Beidh feirmeoirí agus conraitheoirí feirme agus foraoiseachta incháilithe chun iarratas a dhéanamh uirthi.


Déanfaidh iarratasóirí na scéime féin-dhearbhú ar úsáid bunaithe ar ráitis nó ar admhálacha a bheidh faoi réir seiceálacha bunaithe ar riosca.


Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh ar líne trí My AgFood, agus is féidir le conraitheoirí na foirmeacha riachtanacha a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne agus foirmeacha comhlánaithe agus admhálacha a sheoladh isteach chuig fuelsub@agriculture.gov.ie nó chuig an seoladh poist atá ar na foirmeacha.

Faoin scéim, beidh íocaíocht amháin in aghaidh an iarratasóra ann chun tréimhse iomlán cúig mhí a chlúdach seachas íocaíochtaí míosúla. Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a sholáthar faoina n-úsáid don 12 mhí de 2025 bunaithe ar chaiteachas admhálaithe.

Maidir le conraitheoirí talmhaíochta agus foraoiseachta, ceanglófar faoin scéim go mbeidh siad cláraithe le haghaidh CBL, comhlíontach ó thaobh cánach de, agus go soláthróidh siad seirbhísí le haghaidh táirgeadh príomhúil de tháirgí talmhaíochta (lena n-áirítear foraoiseacht) ar an bhfeirm.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

"Tá an pacáiste tacaíochta seo mar thoradh ar obair dhian le grúpaí ionadaithe geallsealbhóirí le roinnt seachtainí anuas agus déantar cinnte leis go bhfuil an maoiniú dírithe orthu siúd is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu, ag cabhrú le táirgeadh riachtanach bia agus gníomhaíocht eacnamaíochta tuaithe a chothú."

Fanfaidh an scéim a bheith ar oscailt go dtí Dé Céadaoin an 27 Bealtaine 2026 agus íocaíochtaí le heisiúint go luath ina dhiaidh sin.

Is féidir le hiarratasóirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir leis an Scéim Tacaíochta um Ioncam Breosla glaoch ar an Líne

Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha ag 057-8674422 nó ríomhphost a sheoladh chuig fuelsub@agriculture.gov.ie

Fógrófar sonraí ar an scéim tacaíochta d'iascairí agus uisceshaothrú go luath.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Déanfar cinneadh ar incháilitheacht feirmeoirí agus conraitheoirí talmhaíochta agus foraoiseachta de réir:

  • A bheith ag feirmeoireacht go gníomhach in 2025, nó gur cuireadh tús le bheith ag feirmeoireacht go gníomhach in 2026
  • Leanfar le bheith ag feirmeoireacht go gníomhach in 2026
  • I gcás conraitheoirí, a bheith cláraithe CBL agus comhlíontach ó thaobh cánach de agus obair conraitheora talmhaíochta i dtáirgeadh príomhúil (lena n-áirítear foraoiseacht) ar fheirmeacha ar bheith ar bun acu.

Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh ar líne trí My AgFood agus iarratais á ndéanamh ag conraitheoirí talmhaíochta/foraoiseachta tríd an bhfoirm iarratais páipéir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Déanfar an íocaíocht iomlán a gheobhaidh gach iarratasóir a ríomh nuair a bheidh na héilimh ar fad curtha isteach. Ach, meastar go mbeidh thart ar 20 cent in aghaidh an lítir den úsáid inmheasta thar thréimhse 5-mhí mar bhunús na híocaíochta.

Déanfar an cóimheas úsáide measta agus an méid cent in aghaidh an lítir a shocrú chun a chinntiú go measfar an buiséad iomlán scéime. Déanfar iad sin a ríomh nuair a bheidh na hiarratais ar fad faighte.

Faoin scéim, beidh íocaíocht amháin in aghaidh an iarratasóra ann chun tréimhse iomlán cúig mhí a chlúdach seachas íocaíochtaí míosúla. Iarrfar ar iarratasóirí sonraí a sholáthar faoina n-úsáid don 12 mhí de 2025 bunaithe ar chaiteachas admhálaithe. Déanfaidh an t-iarratasóir féin-dhearbhú ar úsáid bunaithe ar ráitis nó ar admhálacha atá ina sheilbh aige/aici agus a d’fhéadfadh a bheith faoi réir seiceálacha bunaithe ar riosca.

Maidir le conraitheoirí feirme agus foraoiseachta, ceanglófar faoin scéim go mbeidh siad cláraithe le haghaidh CBL, comhlíontach ó thaobh cánach de, agus go soláthróidh siad seirbhísí le haghaidh táirgeadh príomhúil de tháirgí talmhaíochta (lena n-áirítear foraoiseacht) ar an bhfeirm.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat