Fógraíonn an tAire Heydon beagnach €3 mhilliún maoiniú trí bliana do dheich dtionscadal chun an earnáil orgánach a chur chun cinn
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu gur bronnadh maoiniú iomlán de bheagnach €1 milliún in aghaidh na bliana ar dheich dtionscadal chun táirgeadh orgánach a chur chun cinn do na blianta 2025, 2026 agus 2027.
Dúirt an tAire Heydon:
“Níos luaithe i mbliana d’fhógair mé glao ar thionscadail chun táirgeadh orgánach a chur chun cinn in Éirinn, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Tháirgeacht Orgánach agus le Straitéis Orgánach Náisiúnta na hÉireann, 2024-2030. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hiarratasóirí go léir as ardchaighdeán na dtograí éagsúla a fuair mo Roinn. Cabhróidh na tionscadail a roghnófar le cuspóirí ár Straitéise Orgánaí Náisiúnta a bhaint amach. Clúdaíonn siad réimse an-leathan, ó acadamh orgánach ar féidir leis oiliúint a chur ar fáil do chomhairleoirí talmhaíochta agus d’fhiontraithe, go tionscadail a thacaíonn le siúlóidí feirme agus feachtas fógraíochta náisiúnta de chuid ‘Moreganic’.”
Fuarthas tríocha cúig iarratas don ghlao, a bhfuil buiséad bliantúil de thart ar €1 milliún aige don tréimhse 2025 go 2027, san áireamh. Moltar dóibh siúd nár éirigh leo, nó nár chuir isteach ar an nglao, am a thógáil chun Mol Náisiúnta na Fiontraíochta a fheiceáil ag: https://www.neh.gov.ie/. Is í seo an t-aon fhoinse do gach tacaíocht rialtais do ghnólachtaí, lena n-áirítear iad siúd san earnáil talmhaíochta.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas ar leith orm gur éirigh le dhá thionscadal ón earnáil gairneoireachta. Níos luaithe i mbliana, d’óstáil mo Roinn comhdháil inar leagadh béim ar na deiseanna atá le fáil sa ghairneoireacht orgánach. Tacóidh an dá thionscadal rathúla seo, atá curtha ar fáil ag Organic Growers of Ireland, le fás agus forbairt earnáil na gairneoireachta orgánaí in Éirinn. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na hiarratasóirí uile lena dtionscadail, agus táim ag tnúth leo a fheiceáil ag imirt fíorthionchair ar fhás leanúnach na hearnála orgánaí in Éirinn.”
Glao Oscailte le haghaidh forbairt na hEarnála Orgánaí
|
Is tionscnamh tiomnaithe um uasghrádú scileanna é The Organic Academy a chuirfidh oiliúint speisialaithe dírithe ar ghnó, saineolas teicniúil agus tacaíocht forbartha margaidh ar fáil d'earnáil orgánach na hÉireann. Cuirfidh sé feabhas ar scileanna feirmeoirí, próiseálaithe agus comhairleoirí, feabhsóidh sé táirgeadh breisluacha, feabhsóidh sé lóistíocht an tslabhra soláthair, agus spreagfaidh sé leathnú an mhargaidh.
Grúpa |
|
Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 | ||
Comhairle Contae Thiobraid Árann & Comhairle Contae Luimnigh | Foghlaim idir Feirmeoirí trí Shiúlóidí Feirme & imeachtaí eile, 2025 | €15,000 | €15,000 | €15,000 |
Plean 1 Eagraigh 8 n-imeacht gach bliain, lena léireofar an dea-chleachtas i ndáil le Bainistíocht Féaraigh, Comhshaol, Gránaigh Orgánacha & Nuálaíochtaí, Leas Ainmhithe, Torthúlacht & Bitheolaíocht Ithreach, agus Tithíocht & Críochnú Beostoic Orgánaigh, i gcomhar le Saineolaithe Tionscail.
Is é Plean 2 tacú le líonra grúpaí plé, feirmeoirí nua agus feirmeoirí óga chun táirgí orgánacha a chur chun cinn agus meantóireacht a dhéanamh orthu i gcéimeanna luatha na forbartha.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
Bord Bia | Feachtas More-ganic an Fhómhair | €150,000 | €150,000 | €150,000 |
Tá sé beartaithe ag Bord Bia feachtas Fómhair More-ganic a reáchtáil chun cur leis an bhfeachtas bliantúil Earraigh ag More-ganic agus an leas is fearr a bhaint as. De réir saineolaithe taighde agus margaíochta agus ag obair leis an tionscal, tá sé ríthábhachtach go reáchtálfar an feachtas More-ganic faoi dhó sa bhliain le dhá bhabhta mhóra de chun tionchar dearfach a imirt ar iompar siopadóirí orgánacha
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
Bord Bia | Taispeántas Gairdín Orgánaigh ag Bloom | €50,000 | €50,000 | €50,000 |
Úsáidfidh Bord Bia Bloom chun gairneoireacht orgánach agus an earnáil orgánach níos leithne a chur chun cinn. Le maoiniú, tacófar le gairdín taispeántais chun tomhaltóirí a mhealladh chuig earnáil orgánach na hÉireann. Beidh an gairdín taispeántais oscailte do bhreis is 100,000 cuairteoir ar Bloom agus cuirfear chun cinn é do 88% de dhaonra na hÉireann atá eolach ar an ócáid.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
Whitethorn productions ltd | Organic Isle | €128,587 | €128,587 | €128,587 |
Sraith teilifíse ardchaighdeáin ina bhfuil ocht gclár thar dhá shraith is ea Organic Isle a chraolfar in 2026 agus 2027 agus atá dírithe ar tháirgeoirí orgánacha agus fiontraithe tuaithe spreagúla trí imeachtaí tábhachtacha ina mbliain shéasúrach. Breathnaíonn an tionscadal ar tháirgeadh orgánach agus ar tháirgeoirí orgánacha i gcomhthéacs na hÉireann agus míníonn sé an rúndiamhair faoi na próisis atá i gceist d’fhonn an
cleachtas, na táirgeoirí agus an táirge a cheiliúradh.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
Talamh Beo | Bealaí chuig Slabhraí Soláthair Bia Orgánacha Gearra: Treoir & Meantóireacht do Tháirgeoirí | €13,500 | €13,500 | €13,500 |
Tá Talamh Beo ag lorg maoiniú chun tacú le táirgeoirí orgánacha agus iad ag nascleanúint bealaí dáilte gearra trí thrí thionscnamh: treoir do tháirgeoirí maidir le nascleanúint a dhéanamh ar Shlabhraí Soláthair Bia Gearra (SFSC), Triail-chlár Meantóireachta ina gcuirtear iontrálaithe nua le chéile le meantóirí a bhfuil taithí acu, agus Tuarascáil Staidéir Chás ar tháirgeoirí rathúla.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
Taispeántas Faisnéise maidir le Beostoic Orgánach | Seó Faisnéise chun soláthairtí beostoic orgánacha a chomhordú | €12,000 | €12,000 | €12,000 |
Sraith bhliantúil imeachtaí chun faisnéis phraiticiúil a roinnt faoi fheirmeoireacht
orgánach, deiseanna chun ainmhithe a dhíol laistigh den slabhra soláthair orgánach agus an t-éileamh ar mhairteoil agus caoireoil orgánach. Díreoidh siad ar fheirmeoirí
a nascadh le feirmeoirí eile agus soiléireacht a sholáthar maidir le hasraonta margaidh orgánacha chun cabhrú le dul i ngleic leis an dúshlán sceite.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
OGI, Organic Growers of Ireland | Scileanna agus Nuálaíocht a Neartú i ndáil le Gairneoireacht Orgánach na hÉireann | €120,000 | €120,000 | €120,000 |
Leis an tionscadal seo neartófar scileanna agus tógfar an acmhainn sa ghairneoireacht orgánach trí chláir spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun lucht saothair oilte a fhorbairt agus an nuálaíocht a chothú chun freastal ar riachtanais atá ag athrú i gcónaí san earnáil, trí dheiseanna intéirneachta, comhpháirtíochtaí oiliúna agus oideachais a chur ar fáil, chomh maith leis an malartú eolais faoi stiúir feirmeoirí, agus iniúchadh ar dheiseanna feabhsaithe margaidh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
OGI, Organic Growers of Ireland | Tacú le forbairt earnáil na Gairneoireachta Orgánaí in Éirinn trí chomhordú agus comhoibriú. |
€130,000.00 | €130,000.00 | €130,000.00 |
Neartóidh an tionscadal seo earnáil na gairneoireachta orgánaí in Éirinn trí dhá ról lárnacha a bhunú atá tiomnaithe dá forbairt a thiomáint. Tabharfaidh na róil seo aghaidh ar bhearnaí criticiúla, cuirfidh siad tacaíocht riachtanach, comhordú agus comhoibriú ar fáil chun a chinntiú gur féidir le táirgeoirí leas iomlán a bhaint as na deiseanna maidir le hionadú allmhairí atá ann mar gheall ar an Straitéis Orgánach Náisiúnta i láthair.
Grúpa | Ainm an tionscadail | Maoiniú 2025 | Maoiniú 2026 | Maoiniú 2027 |
Comharchumann Soláthraithe Bainne Orgánach na hÉireann IOMS | Scálú Déiríochta Orgánaí na hÉireann: Próiseáil, Margaí & Inmharthanacht Feirmeoirí a Neartú | €150,000 | €150,000 | €150,000 |
Tionscnamh trí bliana chun tacú le feirmeoirí déiríochta orgánacha trí phraghsáil chóir, slándáil slabhra soláthair, agus leathnú margaidh. Cuirfidh an tionscadal seo dlús le tiontú, feabhsóidh sé coinneáil táirgí, agus déanfaidh sé an déiríocht orgánach mar chuid lárnach d’aistriú talmhaíochta inbhuanaithe na hÉireann.