Fógraíonn an tAire Heydon nuashonrú ar chostais thagartha TAMS

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon nuashonrú ar chostais thagartha TAMS

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go mbeidh costais thagartha nuashonraithe i bhfeidhm do gach iarratas incháilithe a chuirfear isteach i dTráinse 10 den Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS 3). Osclófar an tráinse seo le haghaidh iarratas ar 10 Meán Fómhair. Rinne an tAire trácht freisin ar an líon ard iarratas a fuarthas go dtí seo i dtráinse reatha TAMS 3, is é sin Tráinse 9, ar a mbeidh meán oíche Dé hAoine, an 5 Meán Fómhair 2025 mar dháta deiridh le haghaidh iarratas.

Dúirt an tAire Heydon:

"Tá athbhreithniú ar chostais thagartha TAMS críochnaithe anois agus beidh na costais thagartha leasaithe i bhfeidhm do gach iarratas incháilithe a chuirfear isteach sa chéad tráinse eile, a osclóidh d’iarratais an 10 Meán Fómhair."

Dúirt an tAire freisin:

"Tá mionscrúdú déanta ar na costais thagartha go léir chun a chinntiú go léiríonn siad costais mhargaidh maidir le tógáil fhoirgneamh agus áiseanna feirme, agus trealamh feirme. Tá an scrúdú seo bunaithe ar chomparáid le costais a bhfuil admháil ag dul leo chun a chinntiú gur léiriú cruinn ar an staid reatha iad na costais leasaithe.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:

“Léiríonn an líon ollmhór iarratas a fuarthas go dtí seo faoi TAMS 3, lena n-áirítear iad siúd a fuarthas i dTráinse 9 a dhúnfaidh Dé hAoine, an 5 Meán Fómhair, tábhacht na scéime seo don earnáil feirmeoireachta agus cuirfidh sé ar a cumas infheistíochtaí a dhéanamh i réimse áiseanna ar a bhfeirmeacha.

"Bhí agus tá TAMS fós ina scéim thar a bheith rathúil agus tairbheach don phobal feirmeoireachta agus don gheilleagar tuaithe níos leithne. Tá sé tar éis nuachóiriú ríthábhachtach, feabhsuithe comhshaoil agus sábháilteachta a sholáthar do na mílte feirm ar fud na tíre. Tabharfaidh na costais thagartha leasaithe, a bheidh i bhfeidhm do gach iarratas amach anseo, níos mó muiníne d’fheirmeoirí agus iad ar an eolas go léireoidh an tacaíocht a sholáthróidh mo Roinn a gcostais infheistíochta."

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá TAMS cómhaoinithe ag an Státchiste Náisiúnta agus ag Ciste Talmhaíochta na hEorpa um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD) de chuid an Aontais Eorpaigh faoi Plean Straitéiseach na hÉireann CBT 2023–2027.”

Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) a chinntíonn oláthar cobhsaí bia, a chosnaionn ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT 2023–27 i bhfeidhm le Plean Straitéiseach CAP ar leibhéal náisiúnta.” Tá Plean Straitéiseach CBT na hÉireann cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann.

Spriocdhátaí

Spriocdhátaí Tráinse 2025

  • Tráinse 9: 5 Meán Fómhair 2025
  • Tráinse 10: 5 Nollaig 2025

Scéimeanna TAMS 3

Faoi Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm, ar a dtugtar TAMS 3, tá 11 scéim ar leith ann. Is iad seo a leanas iad:

An Scéim Leasa Ainmhithe agus Stórála Cothaitheach (AWNSS) le ráta deontais 40%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) le ráta deontais 40%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaith (PPIS) le ráta deontais 40%, agus uasteorainn infheistíochta €500,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) le ráta deontais 40%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) le ráta deontais 60%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS) le ráta deontais 60%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánach (OCIS) le ráta deontais 60%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000

An Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (FCIS) le ráta deontais 60%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000.

Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SCIS) le ráta deontais 60%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 atá scartha ó na scéimeanna eile.

Scéim Trealaimh Scaipeadh Sciodair Astuithe Íseal (LESS) le ráta deontais 60%, agus uasteorainn infheistíochta €40,000 atá scartha ó na scéimeanna eile.

Scéim Iompórtála agus Stórála Cothaitheach (NISS) le ráta deontais 70%, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 a bhíonn atá scartha ó na scéimeanna eile.

Faigh rochtain ar an réimse iomlán infheistíochtaí agus ar na Doiciméid um Chostas Tagartha.

Ba chóir fiosrúcháin theicniúla maidir leis na sonraíochtaí a chur isteach trí ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist seo: tams@agriculture.gov.ie.

Maidir le gach ceist eile faoi TAMS, déan teagmháil le Riarthóir TAMS 3 ar 053 9163425.

Is féidir le conraitheoirí a gcuid eTC agus cód rochtana a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig: TAMScontractors@agriculture.gov.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat