Ceapann an tAire Heydon Cathaoirleach nua ar an nGníomhaireacht Náisiúnta Bainne
- Foilsithe: 20 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 24 Aibreán 2026
Tá Jackie Cahill ceaptha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, mar Chathaoirleach ar an nGníomhaireacht Náisiúnta Bainne.
Dúirt an tAire Heydon:
"Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach atá ag imeacht as oifig, Denis Murphy, as a dhúthracht agus a thiomantas i maoirseacht agus i dtreorú na Gníomhaireachta Náisiúnta Bainne. Ba é Denis Cathaoirleach bunaitheach na Gníomhaireachta Náisiúnta Bainne, agus molaim é as a cheannaireacht agus a chuidiú. Is iad a shaineolas, a cheannaireacht agus a thaithí shuntasach a mhúnlaigh agus a threoraigh obair na gníomhaireachta le linn na tréimhse seo.
Tugann an tUasal Cahill taithí agus ceannaireacht luachmhar don ról, agus tá stór eolais aige san earnáil déiríochta. Le linn a shlí bheatha, bhí sé ina bhall de roinnt boird agus tá taithí fhairsing agus eolas fairsing aige ar na struchtúir rialachais agus cuntasachta atá riachtanach d’eagraíochtaí stáit.
Is é trí bliana téarma oifige Chathaoirleach na Gníomhaireachta Náisiúnta Bainne, agus rinneadh an ceapachán i ndiaidh próiseas iomaíoch arna bhainistiú ag poistphoiblí.