Freastalaíonn an tAire Heydon ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i Lucsamburg
- Foilsithe: 27 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2026
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., i láthair inniu ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i Lucsamburg.
I measc na bpríomhábhar ar an gclár oibre tá plé ar dhearadh na tacaíochta ioncaim faoi chreat an CBT i ndiaidh 2027 agus ar an staid reatha sa mhargadh.
Ag labhairt dó roimh chruinniú na Comhairle, dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm a bheith i Lucsamburg inniu don Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh.I gceann beagán os cionn dhá mhí, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Táim ag súil le bualadh leis an gCoimisinéir Hansen agus le mo chomhghleacaithe AE inniu chun réimse leathan saincheisteanna tábhachtacha a phlé.
"Tharraing an ghéarchéim sa Mheánoirthear aird arís ar leochaileacht na hEorpa i leith athruithe ar infhaighteacht agus ar phraghas breosla agus leasacháin.
"Aithníonn Éire an brú eisceachtúil atá costais arda breosla ag cur ar ár bhfeirmeoirí, ar chonraitheoirí feirme agus ar iascairí, agus fógróidh mé sonraí faoi scéimeanna tacaíochta náisiúnta níos déanaí an tseachtain seo.
"Leanann an ghéarchéim sa Mheánoirthear freisin de bhrú a chur ar phraghsanna leasacháin agus d’fhéadfadh sí difear a dhéanamh don infhaighteacht de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh. Táim ag súil freisin le níos mó a chloisteáil ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Leasacháin atá molta agus maidir leis an gcaoi a gcabhróidh sé linn dul i ngleic lenár n-imní faoi phraghsanna agus soláthar leasacháin, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.
"Ní mór dúinn freisin an tionchar atá ag an ngéarchéim reatha ar shlándáil bia dhomhanda a mheas.Táimid ag feiceáil arís coinbhleachta ag cur isteach ar tháirgeadh, ar shlabhraí soláthair agus ar mhargaí, rud a imríonn an tionchar is mó ar na grúpaí is leochailí. Is colún den tslándáil dhomhanda í slándáil bia agus ba cheart go mbeadh sí mar thosaíocht againn uile.”
Ag trácht dó ar an bplé maidir le dearadh na tacaíochta ioncaim faoi chreat an CBT i ndiaidh 2027, dúirt an tAire Heydon:
“Aithníonn Éire a thábhachtaí atá sé a chinntiú go ndírítear an tacaíocht ar bhealach cothrom agus éifeachtach ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit."
"Dar le hÉirinn, beidh sé tábhachtach leibhéal cuí solúbthachta a chothabháil do Bhallstáit i leith íocaíocht na dtacaíochtaí ioncaim, mar shampla maidir leis na moltaí a bhaineann le pinsin, chun cothroime i leithdháileadh na tacaíochta agus leanúnachas athléimneachta earnáil na talmhaíochta ar fud an Aontais a áirithiú.”
CRÍOCH