An tAire Heydon i láthair ag cruinniú den Ghrúpa Curaíochta Físe Bia

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Heydon i láthair ag cruinniú den Ghrúpa Curaíochta Físe Bia

Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, leis an nGrúpa Curaíochta Físe Bia inniu agus chuir sé fáilte roimh an dul chun cinn leanúnach atá déanta maidir leis na moltaí sa tuarascáil ón nGrúpa Curaíochta Físe Bia a sheachadadh.

Ag labhairt ag cruinniú an Ghrúpa Curaíochta Físe Bia inniu, d'aithin an tAire Heydon na dúshláin shuntasacha atá os comhair na hearnála le blianta beaga anuas, lena n-áirítear staid dhúshlánach an mhargaidh i mbliana agus brú anuas ar phraghsanna go hidirnáisiúnta. Dúirt an tAire:

"Ag am dúshlánach leantach don earnáil, beidh mé ag tacú le saothróirí in 2026 trí Scéim Tacaíochta Curaíochta nua, a chuirfear ar fáil in éineacht leis an Scéim Cabhrach Próitéine agus leis an mBeart Ionchorpraithe Tuí. I dteannta a chéile, cuirfidh siad sin tacaíochtaí spriocdhírithe €50 milliún ar fáil. Beidh ról tábhachtach ag na tacaíochtaí seo maidir le taca a chur faoi ioncaim feirme curaíochta agus cuirfidh siad bunús láidir ar fáil chun todhchaí na feirmeoireachta curaíochta in Éirinn a chosaint. Maoiniú nua a bhfuarthas i mBuiséad 2026 is ea maoiniú €30m don Scéim Tacaíochta Curaíochta nua agus cuireann sé leis an tacaíocht shuntasach atá á cur ar fáil do shaothraithe in 2025."

Chuir an tAire Heydon fáilte roimh roinnt tionscnamh chun aitheantas níos fearr a bhaint amach d'inbhuanaitheacht ghrán na hÉireann atá tábhachtach chun inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála a chinntiú. Leag sé béim ar an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le Scéim Phíolótach Dearbhaithe Inbhuanaitheachta a fhorbairt le haghaidh curaíochta atá ailínithe le Origin Green. Dúirt an tAire freisin:

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don rannpháirtíocht an-dearfach idir mo Roinn féin, Bord Bia, Cumann Gránach na hÉireann ar leo Scéim Dearbhaithe Grán na hÉireann, Cropsure agus Cuideachta Bhrachadh na hÉireann atá ag obair i gcomhar le chéile chun an Scéim Phíolótach seo a fhorbairt. Tá maoiniú faighte agam chun tacú leis an tionscnamh seo lena chinntiú nach mbeidh aon chostas breise ar shaothraithe. Is díol sásaimh dom freisin an t-idirphlé dearfach le húsáideoirí deiridh sa mhargadh chun a áirithiú go mbeidh torthaí breise ann do shaothraithe bunaithe ar dhintiúir inbhuanaitheachta a thomhas agus a fhíorú ar leibhéal na feirme."

Leag an tAire béim ar fhorbairt AgNav a léiríonn an chéad ghlúin eile d'uirlisí inbhuanaitheachta trí ligean d'fheirmeoirí lorg carbóin a ngrán a thomhas agus a léiriú. I dteannta a chéile, cuirfidh na tionscnaimh sin ar chumas saothróirí dintiúir ísealcharbóin ghrán na hÉireann a léiriú, rud a neartóidh an margadh éagsúil agus tacú le rochtain ar mhargaí préimhe.

Chuir an tAire fáilte freisin roimh infheistíochtaí i saoráidí táirgthe ar scála píolótach le haghaidh grúdaireachta, driogaireachta agus comhábhar plandabhunaithe chun tacú le forbairt agus nuálaíocht táirgí luathchéime, ag cuidiú le deiseanna breisluacha nua a chruthú sa slabhra soláthair do ghrán na hÉireann.

Ina theannta sin, d'fhéadfadh staidéir féidearthachta maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le próiseáil olashíolta agus muilleoireacht beatha orgánaí, a bhfuil an dá cheann acu ar siúl anois, aird a tharraingt ar dheiseanna nua maidir le próiseáil intíre.

Agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá sé iomaíochas agus éifeachtúlacht fhadtéarmach na hearnála a neartú, chuir an tAire Heydon fáilte roimh an gcomhaontú sealadach maidir leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Teicnící Géanómaíocha Nua idir an Chomhairle Eorpach agus an Pharlaimint an 4 Nollaig, lena gcuirtear deis mhór ar fáil trí thréithe barr feabhsaithe a sheachadadh níos tapúla ná pórú traidisiúnta, rud a chabhraíonn le feirmeoirí borradh a chur faoi fheidhmíocht, athléimneacht agus torthaí comhshaoil.

Mar fhocal scoir, d’athdhearbhaigh an tAire Heydon tiomantas an Rialtais d’fhás inbhuanaithe na hearnála curaíochta trí thacaíocht shuntasach airgeadais, le hinfheistíocht i dtaighde agus i dteicneolaíocht, agus le fís chomhroinnte do thodhchaí ghrán na hÉireann. Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le hobair an Ghrúpa Curaíochta Físe Bia agus ar an ngá atá le comhoibriú agus tiomantas leanúnach ó pháirtithe leasmhara chun cur chun feidhme a thuarascála a chur i gcrích.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat