Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá cruinniú mullaigh le páirtithe leasmhara gairthe ag an Aire Heydon chun aghaidh a thabhairt ar rátaí ardaithe eitinne

D’fhógair Martin Heydon, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu go bhfuil sé chun príomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile ag cruinniú Déardaoin seo chugainn, an 8 Bealtaine, chun athshocrú an chláir eitinne a phlé, ar clár é atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar leibhéil eitinne atá ag dul in olcas.

Tá méadú suntasach tagtha ar na leibhéil eitinne le blianta beaga anuas. Tá méadú tagtha ar mhinicíocht tréada, ó 4.31% in 2022 go dtí 6.04% in 2024, ar méadú 36% sin ar an líon tréad a raibh srian orthu idir 2022 agus 2024.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá an cruachás mothúchánach agus airgeadais a bhaineann le cliseadh eitinne i ndán do roinnt mhaith teaghlaigh feirme. Tar éis do na leibhéil ghalair a bheith ag titim, tá siad ag ardú arís le blianta beaga anuas agus táthar anois ag pointe nach bhfacthas ó bhí 2003 ann. Is é lomchlár na fírinne go bhfuil cor cinniúnach romhainn anois agus muid ag iarraidh eitinn bólachta a choinneáil faoi smacht agus í a dhíothú.

“Tá sé fíordheacair an galar seo a choinneáil faoi smacht agus í a dhíothú, ach is féidir sin a dhéanamh agus rinneadh amhlaidh in áiteanna eile. Mar sin féin, mura gcoinnítear faoi smacht é, cuirfidh an galar seo isteach ar níos mó teaghlach faoin tuath in Éirinn agus ar aschur ár n‑earnála talmhaíochta, go háirithe i dtaobh táirgeadh caillte ar leibhéal na feirme agus leibhéal an phróiseálaí araon. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid beart cinntitheach anois chun na treochtaí reatha a thiontú. Ní féidir linn seasamh siar gan dul i ngleic leis an ngalar seo agus ár bhfeirmeoirí agus ár ngeilleagar tuaithe ag fulaingt”.

“Tá sé i gceist agam tograí le haghaidh plean díothaithe athchóirithe a chur i láthair tar éis an chruinnithe sin. Beidh siad sin bunaithe ar an gcomhairle eolaíochta agus tréidliachta is fearr dá bhfuil ar fáil, a phléifear go mion ag an gcruinniú mullaigh, agus atá dírithe ar leas na bhfeirmeoirí, na dteaghlach feirme agus na hearnála talmhaíochta. Dá mbeadh cur chuige eolaíochta láidir againn chun eitinn a choinneáil faoi smacht, tá mé muiníneach gur féidir linn stad a chur leis an méadú atá feicthe againn le blianta beaga anuas ní hamháin, ach gur féidir linn é a laghdú go dtí leibhéal óna mbeimid in ann oibriú i dtreo na sprice deiridh, is é sin í a dhíothú”.

Dúirt an tAire Heydon:

“Beidh ceannaireacht ag teastáil ar gach leibhéal den earnáil, i mo Roinn féin chomh maith, chun a chinntiú go gcuirtear na bearta is éifeachtaí i bhfeidhm chun smacht a fháil ar an ngalar seo agus chun an líon teaghlach feirme atá buailte a laghdú.”

Mar fhocal scoir, d’aithin an tAire Heydon an obair atá déanta acu siúd ar fad atá ag dul i ngleic le heitinn bólachta ar bhonn laethúil agus dúirt arís gur gá tacú lena gcuid iarrachtaí le clár díothaithe eitinne éifeachtach:

“Ba mhaith liom go mbeadh taifead ar an aitheantas a thugaim dóibh siúd atá ag dul i ngleic go díreach leis an ngalar seo gach lá nó atá ag tacú leo siúd atá buailte aige. Ina measc sin tá feirmeoirí a bhfuil cliseadh rompu, eagraíochtaí feirme a thugann tacaíocht dá mbaill atá buailte ag ráig, cleachtóirí tréidliachta príobháideacha atá ag tástáil ar fheirmeacha agus ag tabhairt comhairle d’fheirmeoirí maidir le déileáil le ráig eitinne nó na bearta is féidir a dhéanamh chun ceann a sheachaint, agus an fhoireann ó mo Roinn féin.

“Cinntí deacra a bheidh i roinnt cinntí a dhéanfar. Mar sin féin, mura ndéantar na cinntí sin, ní fheabhsóimid cúrsaí do na teaghlaigh feirme sin lena n‑oibrímid gach lá, atá buailte ag eitinn bólachta, ná ní chosnóimid na teaghlaigh feirme sin, a raibh ráig eitinne acu, ar an mbrú agus ar an gcruatan a bhaineann le ráig.”