Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Críochnaíonn an tAire Heydon misean trádála rathúil agraibhia go Poblacht na Cóiré agus go dtí an tSeapáin

Críochnaíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., inniu an misean trádála agraibhia go Poblacht na Cóiré agus go dtí an tSeapáin, misean a raibh sé ina cheannaire air i gcomhar le Bord Bia agus Fiontraíocht Éireann.

Le linn an mhisin trádála sé lá ar fhad, bhí sraith gníomhartha rannpháirtíochta ag an Aire le grúpaí trádála agus ionadaithe tráchtála, dírithe ar an gcaidreamh trádála atá ag Éirinn le Poblacht na Cóiré agus leis an tSeapáin a neartú agus a leathnú.

Dúirt an tAire Heydon:

“Nuair a bhí mé sa tSeapáin , bhí áthas orm an deis a bheith agam bualadh leis an Aire Koizumi, mo chomhghleacaí sa Aireacht Talmhaíochta, Bia agus Iascaigh, chomh maith leis an Aire Niki san Aireacht Sláinte, Saothair agus Leasa. Ba dheis iontach é seo le saincheisteanna a raibh spéis ag an dá thír iontu a phlé, lena n-áirítear deiseanna trádála agus comhoibriú níos leithne.”

In Osaka, chuir an tAire Heydon fáilte roimh an gCoimisinéir Talmhaíochta agus Bia ón Aontas Eorpach, Christophe Hansen, chuig Paball Éireann ag EXPO 2025 Osaka Kansai. Tar éis a chruinnithe leis an gCoimisinéir Hansen, ghlac an tAire Heydon páirt i bplé painéil ar Inbhuanaitheacht agus Nuálaíocht i Réimse na Feirmeoireachta agus na Bia”, áit ar éirigh leis torthaí na hÉireann i réimse na hinbhuanaitheachta agus na nuálaíochta sa earnáil agraibhia a léiriú do lucht féachana idirnáisiúnta.

Amárach, freastalóidh an tAire Heydon ar an Taispeántas Idirnáisiúnta 2025 in Osaka le haghaidh Lá Náisiúnta na hÉireann . Tá an Paball Éireannach, a tógadh as adhmad ó Iarthar Chorcaí a chuir Coillte ar fáil, uathúil mar go gcuireann sé ceol beo agus damhsa ar fáil gach lá ar feadh ré EXPO.

Ag trácht ar thábhacht an mhisin trádála, dúirt an tAire Heydon:

“Tá an misean trádála seo tar éis na naisc láidre trádála atá ag Éirinn le Poblacht na Cóiré agus leis an tSeapáin a léiriú. Tá earnáil agraibhia na hÉireann faoi bhláth sa réigiún seo, agus táim muiníneach go leanfaidh sí uirthi ag fás sna blianta amach romhainn. Chuir an misean trádála deis iontach ar fáil freisin le comhoibriú níos leithne a phlé agus an deis le comhoibriú i réimse infheistíochta, nuálaíochta agus córais bhia inbhuanaithe sa Chóiré agus sa tSeapáin.

“Ba spreagúil é a fheiceáil go díreach an tionchar láidir atá ag onnmhaireoirí agraibhia na hÉireann ar mhargaí na Cóiré agus na Seapáine. Mar shampla, bhuail mé an tseachtain seo le Negishi , slabhra bialainne móréilimh i dTóiceo a dhéanann speisialtóireacht ar theanga mairteola. Soláthraíonn ABP, an comhlacht próiseála mairteola Éireannach, an tslabhra bialainne ina bhfuil 50 láthair le teanga mairteola, agus luaigh siad freisin go bhfuil tóir ar leith ag tomhaltóirí ar mhairteoil Hereford agus Angus Éireannach.

“Is léir anois ón misean trádála seo go bhfuil spéis shuntasach ag muintir na Seapáine i dtáirgí déiríochta agus feirmeoireachta mairteola Éireannacha atá bunaithe ar fhéar, agus go bhfuil suim faoi leith acu i dtáirgí a tháirgtear go hinbhuanaithe. Tá earnáil agraibhia na hÉireann go hiomlán feiliúnach le luach a cuid onnmhairí sa réigiún seo a mhéadú .

“Scéal rathúil eile d’fhorbairtí agraibhia Éireannacha atá ag feidhmiú sa réigiún seo ná Irish Premium Oysters atá lonnaithe i nDún na nGall agus a onnmhairíonn idir 100 agus 200 cileagram dá dtáirge gach mí go dtí an tSeapáin. Bhuail siad le Bord Bia ag Taispeántas Idirnáisiúnta Bia Mara na Seapáine 2024 chun rochtain ar an margadh sa tSeapáin a fhiosrú , agus laistigh de cheithre mhí , bhí a dtáirge , ar tá an-éileamh air, isteach i margadh na Seapáine.

“Tá mo Roinn tiomanta dul chun cinn na mblianta beaga anuas a chothú chun rochtain mhargaidh níos mó a bhaint amach do tháirgí agraibhia na hÉireann i bPoblacht na Cóiré agus sa tSeapáin, agus i réigiún níos leithne na hÁise. Tá sé soiléir ón misean trádála seo go bhfuil earnáil agraibhia na hÉireann i suíomh den scoth.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat