Ch a biss Deimhníonn an tAire Heydon go bhfuil 123,705 iarratas ar íocaíocht a curtha isteach faoin spriocdháta
- Foilsithe: 26 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Bealtaine 2025
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, go ndearna 123,705 feirmeoir iarratas ar líne ar an Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim don Inbhuanaitheacht (BISS) agus ar scéimeanna limistéarbhunaithe eile roimh spriocdháta an 15 Bealtaine.
Dúirt an tAire:
‘Tá scéimeanna tacaíochta limistéarbhunaithe ríthábhachtach d’fheirmeoirí. Ceann de na príomh-gharspriocanna is ea spriocdháta an 15 Bealtaine agus tá an-áthas orm gur chuir an oiread sin feirmeoirí a bhfoirmeacha isteach in am.”
Áirítear leis an iarratas limistéarbhunaithe raon scéimeanna lena n-áirítear an Éiciscéim, Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach don Inbhuanaitheacht (CRISS), Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga (CIS-YF), Cúnamh Próitéine, Beart Ionchorpraithe Tuí (SIM), Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), An Beart um Bháinseach Ilspeicis (MSSM) agus An Beart maidir le Sadhlas Seimre Deirge (RCSM) agus na héilimh bhliantúla maidir leis an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) agus an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach (OFS).
Dúirt an tAire freisin:
“Léiríonn an figiúr seo an iarracht ollmhór a rinne feirmeoirí, Comhairleoirí FAS agus mo Roinnse chun cabhrú le feirmeoirí leis na scéimeanna seo agus lena riachtanais éagsúla. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do na seirbhísí comhairleacha arís i mbliana, a d’oibrigh go dian lena gcliantfheirmeoirí chun raon spriocdhátaí iarratais a chomhlíonadh le míonna beaga anuas.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Chun tacú le feirmeoirí, reáchtáil mo Roinn 16 chlinic duine le duine ar fud na tíre. Tugadh cúnamh do bheagnach 1,441 feirmeoir ag na himeachtaí seo agus fuair 338 feirmeoir eile cabhair dhíreach ag an oifig phoiblí i bPort Laoise. Rinne Deasc Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha mo Roinne breis agus 10,110 glao ar fheirmeoirí ón 1 Aibreán chun cabhrú leo lena n-iarratais agus lena gceisteanna. Ba mhaith liom go ndéanfadh gach feirmeoir incháilithe a n-íocaíochtaí a uasmhéadú toisc go bhfuil a fhios agam féin agus ag gach duine i mo Roinn cé chomh ríthábhachtach agus atá siad do theaghlaigh feirme.”
Nótaí don Eagarthóir
Iarratais dhéanacha
Glacfar le hiarratais tar éis spriocdháta an 15 Bealtaine. Mar sin féin, beidh pionós 1% in aghaidh an lae ann, de réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha.
BISS and other area based Schemes Amendments
BISS agus Leasuithe Scéimeanna limistéarbhunaithe eile
Sa chás go bhfuil iarratas déanta ag feirmeoirí ar scéimeanna BISS agus ar scéimeanna limistéarbhunaithe eile, ach gur mian leo leasú a dhéanamh anois, féadfaidh siad na hathruithe sin a dhéanamh ar líne ag www.agfood.ie go dtí meán oíche Dé Sathairn 31 Bealtaine, gan aon phionós.
Teidlíochtaí a Aistriú
Fuarthas 33,951 iarratas chun teidlíochtaí íocaíochta a aistriú.
De réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha, ba é an 15 Bealtaine 2025 an dáta deiridh chun iarratais ar Aistriú Teidlíochtaí a fháil. Mar sin féin, má fhágann athrú a dhéantar ar iarratas BISS ar líne nach bhfuil dóthain talún ag feirmeoir chun a theidlíochtaí uile a úsáid, beidh an deis acu iarratas ar Aistriú Teidlíochtaí a chur isteach go dtí meán oíche an 31 Bealtaine 2025.Níl sé sin ar fáil ach d’fheirmeoirí ar féidir leo a thaispeáint go bhfuil athrú déanta acu ar a n-iarratas BISS faoin 31 Bealtaine 2025 agus go bhfuil gá díreach le teidlíochtaí a aistriú mar thoradh ar an athrú sin.
Miondealú na scéime
|
Scéim |
Iarratais incháilithe* |
|
Iomlán* |
123,705 |
|
BISS* |
c.120,000 |
|
CRISS* |
c.120,000 |
|
ECO |
119,676 |
|
ANC |
116,444 |
- Tabhair faoi deara go n-áirítear sna figiúirí sa tábla 2,792 iarratas ar Uimhir Thagartha Shealadach, iarratais i gcás nach sealbhaítear teidlíochtaí BISS (más infheidhme), agus iarratais gan aon limistéar a éilítear. Beidh iarratais faoi réir seiceálacha riaracháin chun incháilitheacht a chinneadh.
- *Tabhair faoi deara go bhféadfadh athrú teacht ar na figiúirí seo de réir mar a chuirtear próiseáil trádálacha teidlíochta i gcrích sna míonna amach romhainn.
- Tá miondealú de réir contae ar na figiúirí seo i gceangal leis seo