Deimhníonn an tAire Heydon go gcuirfear Rangú agus Roghnú i bhfeidhm ar Thrains 10 den Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Heydon go gcuirfear Rangú agus Roghnú i bhfeidhm ar Thrains 10 den Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go leanfar de Rangú agus Roghnú a chur i bhfeidhm ar iarratais a fhaightear faoin Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3. Mar a tharla le Trains 9, cuirfear rangú agus roghnú i bhfeidhm ar Thrains 10 ar bhonn difreáilte, agus tabharfar tosaíocht d’iarratais faoi na scéimeanna sábháilteachta feirme agus stórála cothaitheach.

Fuarthas líon gan fasach iarratas arís i dTrains 10 (7,906 iarratas), a dúnadh ar an 5 Nollaig seo caite. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 59,302 iarratas faighte san iomlán sna chéad deich dtrainsí faoin Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3.

Dúirt an tAire Heydon:

Tá an Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3 fós ina scéim an-rathúil, agus íocaíochtaí beagnach €139 milliún eisithe chuig feirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh ina bhfeirmeacha. Agus mé aireach ar na srianta buiséid, chinn mé, mar a rinneadh le Trains 9, Rangú agus Roghnú a chur i bhfeidhm ar Thrains 10 mar gheall ar an líon ollmhór iarratas a fuarthas, atá trí huaire níos mó ná an líon a fuarthas sa tréimhse chomhfhreagrach faoin dara Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe.”

“Agus an cinneadh seo á dhéanamh agam, chinntigh mé go mbeidh líon cosúil d’iarratais ceadaithe le haghaidh infheistíochtaí i stóráil cothaitheach, in ainneoin an mhéadaithe ar líon na n-iarratas, mar a bhí i gcás Trains 9.”

“Tá líon na n-iarratas a fuarthas agus na gceaduithe a eisíodh go dtí seo faoi scéimeanna áirithe i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leo. Mar shampla, i gcás na Scéime Infheistíochta Caipitil Gréine, caitheadh os cionn 20% de bhuiséad na Scéime Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe ar an mbeart seo amháin. Ar an gcúis sin, chinn mé cúnamh deontais do phainéil ghréine a theorannú chun tacú le tomhaltas fuinnimh ar an bhfeirm amháin. Beidh feidhm leis seo maidir le hiarratais a chuirfear isteach sa chéad tráinse eile, a thosóidh ar an 7 Márta.

Dheimhnigh an tAire freisin go roghnófar 100% d’iarratais incháilithe faoin scéim sábháilteachta feirme arís faoin tráinse seo.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Tá sábháilteacht feirme fíorthábhachtach ar gach feirm, beag beann ar chineál na fiontraíochta feirmeoireachta. Dá bhrí sin, chinn mé arís gach iarratas incháilithe a chuirtear isteach faoin mbeart seo a cheadú. Mholfainn d’fheirmeoirí leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar a bhfeirmeacha ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de, agus tacaíocht a lorg chun aon fhadhbanna a réiteach.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá an Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe cómhaoinithe ag an Státchiste Náisiúnta agus ag Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe an Aontais Eorpaigh faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.

Tá Plean Straitéiseach CBT na hÉireann comhmhaoinithe ag an AE agus Rialtas na hÉireann 2023-2027. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap

Cuirfear Rangú agus Roghnú i bhfeidhm ag na rátaí seo a leanas ar fud gach scéime chun líon na gceaduithe faoi Thrains 10 a bhainistiú.

  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine – Roghnúchán 10%
  • An Scéim um Scaipeadh Sciodair Íseal-Astaíochtaí – Roghnúchán 10%
  • Stóráil Cothaitheach ar Leas Ainmhithe - Roghnúchán 60%
  • SICB (An Scéim Infheistíochta Caipitil Banfheirmeoirí) - Roghnúchán 60%
  • SICFÓ (An Scéim Infheistíochta Caipitil Feirmeoirí Óga) - Roghnúchán 60%
  • SICFO - (An Scéim Infheistíochta Caipitil Feirmeoirí Orgánacha) - Roghnúchán 60%
  • STD - (An Scéim um Threalamh Déiríochta) - Roghnúchán 10%
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaith - Roghnúchán 60%
  • SICC - (An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta) - Roghnúchán 50%
  • SICSF - (An Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme) - Roghnúchán 100%

Spriocdhátaí Tráinse 2026

Spriocdhátaí Deiridh Trainsí 2026 Trains 11 – 6 Márta 2026
Trains 12 - 5 Meitheamh 2026
Trains 13 – 4 Meán Fómhair 2026
Trains 14 – 4 Nollaig 2026

Faoin Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm, ar a dtugtar an Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3, tá 11 scéim ar leith ann. Seo a leanas iad:

  • An Scéim um Leas Ainmhithe agus um Stóráil Cothaitheach (SLASC) agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (SICC) agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaith (SICMÉ) agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €500,000 ann
  • An Scéim um Threalamh Déiríochta agus ráta deontais 40% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (SICFÓ) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil do Bhanfheirmeoirí (SICB) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil um an bhFeirmeoireacht Orgánach (SICFO) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (SICSF) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann.
  • An Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SICG) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann atá ar leithligh ó na scéimeanna eile.
  • An Scéim Scaipthe Sciodair Íseal-Astaíochtaí (SSSÍA) agus ráta deontais 60% ann, agus uasteorainn infheistíochta €40,000 ann atá ar leithligh ó na scéimeanna eile
  • An Scéim Iompórtála agus Stórála Cothaitheach (SISC) agus ráta deontais 70% ann, agus uasteorainn infheistíochta €90,000 ann atá ar leithligh ó na scéimeanna eile

Faigh rochtain ar an réimse iomlán infheistíochtaí agus ar na Doiciméid um Chostas Tagartha.

Ba chóir fiosrúcháin theicniúla maidir leis na sonraíochtaí a chur isteach trí ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist seo: tams@agriculture.gov.ie

Maidir le gach ceist eile faoin Scéim Nua-Chóiriúcháin Talmhaíochta Spriocdhírithe 3, déan teagmháil le riarthóir na scéime ar 053 9163425.

Is féidir le conraitheoirí a gcuid eTC agus cód rochtana a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig: TAMScontractors@agriculture.gov.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat