Tús €28.07 milliún in íocaíochtaí faoin Scéim Leasa Mairteola 2025 deimhnithe ag an Aire Heydon

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tús €28.07 milliún in íocaíochtaí faoin Scéim Leasa Mairteola 2025 deimhnithe ag an Aire Heydon

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim Leasa Mairteol San iomlán, tá os cionn €28.07 milliún tosaithe ag eisiúint do 24,214 feirmeoir rannpháirteacha a thacaíonn le 450,895 lao.

Is é cuspóir na Scéime Leasa Mairteola 2025 éifeachtúlacht eacnamaíoch feirmeacha diúil a mhéadú tuilleadh, agus sláinte ainmhithe agus feirmeoireacht ar fheirmeacha diúil a fheabhsú.

Tacaíonn an Scéim Leasa Mairteola 2025 le feirmeoirí laonna diúil a bheathú ar bhéilí sula mbaintear den diúl iad agus ina dhiaidh sin, vacsaíniú a dhéanamh in aghaidh galar clostridial agus/nó niúmóine laonna agus bearta tástála a dhéanamh, bíodh sin anailís foráiste nó áireamh na n-uibheacha faecacha. Íocfar beathú béilí, ar gníomh éigeantach é faoin scéim, ag ráta €35 in aghaidh an lao incháilithe agus an vacsaínithe (gníomh roghnach), a íocfar ag ráta €12 in aghaidh an lao incháilithe agus íocfar an gníomh tástála (gníomh roghnach) ag ráta €20 in aghaidh an lao incháilithe suas le huasmhéid 45 lao ar fud gach gnímh. Íocfar €67 in aghaidh an lao do fheirmeoirí a roghnaíonn agus a chríochnaíonn gach gníomh scéime faoi réir uasíocaíocht fhoriomlán de €3,015 (45 lao) arb ionann é agus méadú de €1,015 ar scéim 2024.

Dúirt an tAire Heydon:

“Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn. Tá eisiúint íocaíochta faoin Scéim Leasa Mairteola 2025 ríthábhachtach d’earnáil na mairteola agus do theaghlaigh feirme agus is príomhthosaíocht de chuid mo Roinne fós é íocaíochtaí den sórt sin a phróiseáil a luaithe is féidir agus tá sé ag teacht leis na gealltanais a thug mo Roinn faoin gCairt um Chearta d’Fheirmeoirí.”

Dúirt an tAire freisin:

“Ba mhaith liom a mheabhrú d’fheirmeoirí gur cheart dóibh iad a thabhairt ar ais a luaithe is féidir má tá iarraidh faighte acu chun doiciméid beathaithe, vacsaínithe nó tástála mine a chur isteach.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:

“Tá €28 milliún breise faighte agam chun leanúint leis an scéim seo nó le scéim chomhchosúil in 2026 agus tá plé déanta cheana féin leis na heagraíochtaí feirmeoireachta ina leith.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Scéim Leasa Mairteola 2025

Miondealú na nÍocaíochtaí sa Chontae

Contae 

 Iomlán na nIarratas 

Glanmhéid Iomlán

CEATHARLACH

                         309 

€445,761

AN CABHÁN

                      1,191 

€1,340,003

AN CLÁR

                      1,878 

€2,337,872

CORCAIGH

                      1,654 

€2,004,183

DÚN NA nGALL

                      1,505 

€1,200,668

BAILE ÁTHA CLIATH

                           58 

€76,865

GAILLIMH

                      2,987 

€3,270,405

CIARRAÍ

                      1,185 

€1,259,741

CILL DARA

                         253 

€385,971

CILL CHAINNIGH

                         449 

€805,837

LAOIS

                         473 

€766,401

LIATROIM

                      1,140 

€869,178

LUIMNEACH

                         561 

€720,318

AN LONGFORT

                         737 

€838,978

                         176 

€233,468

MAIGH EO

                      2,558 

€2,368,802

AN MHÍ

                         551 

€828,132

MUINEACHÁN

                         892 

€993,235

UÍBH FHAILÍ

                         471 

€696,136

ROSCOMÁIN

                      1,462 

€1,650,401

SLIGEACH

                      1,048 

€983,814

TIOBRAID ÁRANN

                         842 

€1,292,049

PORT LAIRGE

                         233 

€391,636

AN IARMHÍ

                         799 

€1,108,866

LOCH GARMAN

                         465 

€701,831

CILL MHANTÁIN

                         337 

€501,107

Iomlán Íoctha (uimhreacha)

                        24,214 

 

Iomlán Íoctha (airgead)

 

€28,071,657

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat