English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Heydon sonraí faoin scéim nua mairteola dár luach €28m d'fheirmeoirí diúil


Osclófar Scéim Leasa Mairteola 2025 d'iarratais go luath i mí Lúnasa

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go n-osclófar scéim tacaíochta nua don earnáil mairteola diúil go luath i mí Lúnasa. Tá buiséad de €28m ag Scéim Leasa Mairteola 2025 (BWS) agus díreofar ar bhearta praiticiúla chun sláinte agus feirmeoireacht ainmhithe a fheabhsú ar fheirmeacha diúil.

Ag tagairt don fhógra luath, leag an tAire Heydon béim ar an tábhacht a chuireann sé le táirgeadh mairteola diúil a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dó.

“Bhí an-éileamh ar Scéim Leasa Mairteola 2024 i measc an spriocdhaonra agus an leithdháileadh buiséid caite go hiomlán agus os cionn 23,000 feirmeoir íoctha as a bheith páirteach inti. Coinníonn scéim fheabhsaithe na bliana seo na bearta céanna ón mbliain seo caite, ach mhéadaigh mé an buiséad iomlán 40% agus d’ardaigh mé an teorainn ar laonna incháilithe ó 40 go 45 lao. Tá roinnt bearta roghnacha breise tugtha isteach agam freisin. Mar thoradh air sin, ardóidh an íocaíocht uasta a fhéadfaidh feirmeoir a fháil ó €2,000 go €3,375 as trí bheart scéime a chur i gcrích i gceart. Is méadú 69% sin ar an uasmhéid iomlán iníoctha.”

Ag dearbhú go n-osclófar an scéim go luath i mí Lúnasa, mar a rinneadh sna blianta roimhe seo, dúirt an tAire go bhfuil na bearta a theastaíonn á bhfógairt aige roimh ré chun cinnteacht agus intuarthacht a thabhairt.

“Mar ab amhlaidh le scéimeanna náisiúnta roimhe seo, is ionann laonna incháilithe agus iad siúd a rugadh do bha diúil incháilithe sa tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. Is éard a bheidh i scéim na bliana seo ná trí bheart a bheidh dírithe ar éifeachtúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú: is é sin, beart éigeantach beathaithe mine, beart vacsaínithe roghnach do laonna scoite agus tríú beart roghnach is féidir a bheith ina thástáil uibheacha fhaecach nó ina thástáil sadhlais.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Nuair a chuirtear le chéile le SCEP í, beidh rannpháirtithe in BWS 2025 incháilithe le €225 a fháil in aghaidh na bó/an phéire laonna don chéad 22 péire.”


Nótaí d’Eagarthóirí

C: Cad é nach mór do rannpháirtithe a dhéanamh chun íocaíocht scéime a fháil?

Tá trí bheart sa scéim:

  • Beart 1 - Is beart éigeantach é beathú mine sula mbaintear den diúl iad agus ina dhiaidh sin.
  • Beart 2 - Is beart roghnach é vacsaíniú nach mór do rannpháirtithe (nó a gcomhairleoirí FAS ag gníomhú thar a gceann) a roghnú ag céim an iarratais.
  • Beart 3 - Is bearta roghnacha iad tástáil uibheacha fhaecach nó tástáil sadhlais nach mór a roghnú ag céim an iarratais.

C: Cad é an íocaíocht uasta atá ar fáil do rannpháirtithe a thugann an trí bheart i gcrích mar is ceart?

  Íocaíocht in aghaidh an lao incháilithe An líon uasta laonna atá incháilithe le haghaidh íocaíochta in aghaidh an rannpháirtí Íocaíocht uasta in aghaidh an rannpháirtí
Beart 1 – Beathú Mine (Éigeantach) €35 45 €1,575
Beart 2 – Vacsaíniú (Roghnach) €15 45 €675
Beart 3 – Tástáil Uibheacha Fhaecach nó Sadhlais (Roghnach)   €25 45 €1,125
Scéim Iomlán €75 45 €3,375

Nóta: Má tharlaíonn sé go mbíonn ró-éileamh ar an scéim, féadfar laghdú ar uaslíon na n-ainmhithe atá incháilithe le haghaidh íocaíochta a chur i bhfeidhm ar bheart amháin nó níos mó.

C: Cén áit ar féidir liom teacht ar níos mó eolais?

Beidh sonraí iomlána agus téarmaí agus coinníollacha na scéime ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne roimh oscailt na scéime.