Leagann an tAire Heydon béim ar an imní atá ann maidir le cuótaí iascaireachta 2026
- Foilsithe: 12 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
Ar maidin, leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, béim ar na dúshláin atá roimh an earnáil iascaireachta agus bia mara in 2026.
Dúirt an tAire Heydon:
“Thug mé an t-eolas is déanaí do chomhghleacaithe an Rialtais ar maidin maidir leis an staid dheacair atá roimh earnáil bia mara na hÉireann in 2026. Foilsíodh an chomhairle eolaíoch a úsáidtear chun Gabhálacha Iomlána Incheadaithe a shocrú le haghaidh gach speicis agus tá an tionchar ar Éirinn suntasach.
“Is cúis mhór imní é scála an laghdaithe ar mholtaí maidir le Gabháil Iomlán Incheadaithe agus beidh tionchar suntasach aige ar earnáil bia mara na hÉireann. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag na laghduithe sin ar oibreoirí bád iascaireachta ach áirítear leo an slabhra luacha iomlán in earnáil an bhia mara, go háirithe i gcás próiseálaithe éisc a chailleann amhábhar agus seirbhísí coimhdeacha a thacaíonn leis an tionscal ar fud an chósta.
"In éineacht leis an Aire Stáit, Timmy Dooley TD, mo chuid oifigigh, agus le cúnamh ó Bhord Iascaigh Mhara, déanfaimid measúnú ar gach tacaíocht agus ar aon tacaíocht a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don earnáil bia mara i gcomhthéacs na rialacha maidir le státchabhair agus na gcistí a bheidh ar fáil amach anseo agus déanfaimid an Rialtas a thabhairt cothrom le dáta in am trátha.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Léirítear i gcomhairle eolaíoch le déanaí, a chuireann eolas ar fáil maidir le “Gabháil Iomlán Incheadaithe” agus socrú cuótaí ar fud bhallstáit an Aontais Eorpaigh go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar chuótaí do speicis a bhfuil tábhacht shuntasach leo do chabhlach iascaireachta agus d’earnálacha próiseála na hÉireann. Beidh tionchar mór ag laghduithe molta 70% ar ronnach agus 20% ar chloicheáin Bhá Bhaile Átha Cliath agus ar cloicheán bhá Bhaile Átha Cliath, dhá cheann de na speicis is luachmhaire in Éirinn, ar inmharthanacht na n-oibreoirí atá buailte.