English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Heydon béim ar dheiseanna do churaíocht orgánach

Tharraing an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, aird ar maidin inniu ar na deiseanna fáis san earnáil curaíochta orgánaí ag Fóram na Straitéise Orgánaí in Flahavan’s, Coill Mhic Thomáisín, Co. Phort Láirge.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá ag éirí thar barr leis an earnáil curaíochta orgánaí do theaghlaigh feirmeoireachta na hÉireann. Tá éileamh láidir ar choirce orgánach, agus margadh na RA chun tosaigh ar an éileamh sin, agus tá spéis mhéadaitheach ann ó mhargaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Oirthear na hÁise. Le roinnt blianta anuas, tá an Rialtas ag cur tacaíocht láidir ar fáil tríd an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach agus an Deontas Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice, chomh maith le cur chun cinn straitéiseach ó Bhord Bia. Is sampla iontach é Flahavan’s de chomhlacht teaghlaigh a léirigh tiomantas le fada an lá d’inbhuanaitheacht, táirgeadh orgánach, agus fostaíocht faoin tuath in Éirinn trí luach a fhágáil ar choirce a fhad leis an tráth go bhfuil sé ar an mbranda coirce orgánaigh is mó sa RA faoi láthair. Tagann sé seo go hiomlán lenár mianta don talmhaíocht inbhuanaithe mar atá leagtha amach in bhFís don Bhia 2030.”

Tugann Fóram na Straitéise Orgánaí 23 eagraíocht le chéile a chuimsíonn an slabhra soláthair ón bhfeirm go dtí an margadh. Cuireann an fóram ardán ar fáil chun gníomhartha ríthábhachtacha a shainaithint agus a chomhaontú chun fás a chur chun cinn agus deiseanna a shainaithint laistigh den earnáil. I mí Mheán Fómhair 2024, seoladh an Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach nua do 2024-2030. D’fhorbair an Fóram é seo faoi cheannaireacht a Chathaoirligh, Pádraig Brennan, agus leagann sé amach spriocanna uaillmhianacha don earnáil.

Ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht chomhoibríoch chun earnáil orgánach láidir agus athléimneach a thógáil, dúirt an tUasal Brennan:

“Tá dul chun cinn suntasach déanta ag earnáil orgánach na hÉireann trí infheistíocht níos mó agus trí chomhordú méadaithe ar iarrachtaí. Tá comhoibriú ríthábhachtach chun fuinneamh a choinneáil san earnáil. Soláthraíonn an Fóram Straitéise ardán le haghaidh idirphlé oscailte, ailíniú straitéiseach, agus smaointeoireacht atá dírithe ar réitigh. Tá an-áthas orainn bualadh le chéile in Flahavan’s inniu, ar sampla iontach é den chaoi leis an margadh orgánach a fhás.”

Dúirt Annie Flahavan, Rialaitheoir Airgeadais Flahavan’s:

“Tá bród ar Flahavan’s as a bheith ar an ngnó teaghlaigh is sine faoi úinéireacht phríobháideach in Éirinn, atá ar a bhfód le 240 bliain agus sinne mar an 7ú glúin anois. Cuid mhór dár ngnó is ea bia orgánach agus tá muid chun tosaigh mar an branda coirce orgánaigh is mó a dhíoltar sa RA faoi láthair. Tá an t-éileamh ar tháirgí coirce orgánaigh ag fás ar luas suntasach, agus tá dúshláin ann maidir leis an soláthar a bheith ag teacht leis an éileamh sin.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an Fhóraim, lena n-áirítear Flahavan’s, as a dtacaíocht leanúnach don earnáil. Bhí earrach iontach againn ansin le cur agus tá súil againn go bhfeicfidh muid bliain eile fáis san earnáil orgánach.”


Nótaí don Eagarthóir:

Uaillmhian na Straitéise Náisiúnta i leith Bia Orgánach go dtí 2030

  • Méadú ar an luach mórdhíola bia orgánaigh ó €200 milliún in 2024 go €750 milliún faoi 2030.
  • Méadú faoi bhreis agus a dhá oiread ar an limistéar curaíochta faoi 2030, agus deiseanna móra a bheith ag baint le coirce agus meascán barr (próitéin agus arbhar). Measadh i suirbhé de chuid na Roinne ar bheatha orgánach in 2024 go raibh gá le 50,000 tona dé bheatha beostoic (beatha dlútháin agus meascán barr) gach bliain. Déanfar thart ar 30,000 tona de sin a allmhairiú. Tá suirbhé nua ar siúl faoi láthair, agus beidh na torthaí ar fáil go luath.

Tá an t-ionchas margaidh reatha don earnáil bia agus dí orgánaí san Eoraip agus in Éirinn dearfach, tar éis tréimhse trádála dheacair in 2022 mar gheall ar na géarchéimeanna costais maireachtála. De réir sonraí neamhspleácha, in 2023 baineadh fás díolacháin amach arís i roinnt margaí easpórtála táirgí orgánacha lena ngabhann acmhainn ard amhail:

  • An Ghearmáin (+5% díolachán orgánach, margadh ar fiú €16 bhilliún é)
  • An Bheilg (+20% díolachán orgánach, margadh ar fiú €1.1 billiún é)
  • An Ríocht Aontaithe (+2% díolachán orgánach, margadh ar fiú £3.2 billiún é)
  • An Ísiltír (+50% fás díolacháin orgánaigh ó 2019, margadh ar fiú €1.4 billiún é)

In 2023, an bhliain iomlán dheireanach de shonraí a bhí ar fáil, bhí luach €55 billiún ar mhargadh miondíola na hEorpa do bhia orgánach agus éileamh méadaithe ar allmhairí ann ar fud gránbharr, feola, déiríochta agus bia mara. Níos gaire don bhaile, tháinig méadú 5.3% ar luach na ndíolachán miondíola in Éirinn in 2024, á spreagadh ag níos mó siopadóirí ag ceannach bia orgánach ar mhinicíocht níos airde agus líon níos mó in aghaidh an turais. Forbairt an-dearfach é seo don chatagóir.

Leagann na treochtaí seo béim ar an acmhainn atá ann do bhia orgánach na hÉireann spleáchas ar allmhairí a laghdú agus onnmhairí a mhéadú.


Príomheolas faoi Flahavan’s:

  • Bunaithe in 1785
  • Ceanncheathrú: Coill Mhic Thomáisín, Co. Phort Láirge
  • Fostaithe: timpeall 100
  • Láimhdeachas bliantúil: 2021 - timpeall €25 milliún