Leagann an tAire Heydon béim ar thábhacht an fhaireachais i gcoinne an chonfadh ar Lá Domhanda an Chonfadh 2025

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Heydon béim ar thábhacht an fhaireachais i gcoinne an chonfadh ar Lá Domhanda an Chonfadh 2025

Tá Lá Domhanda an Chonfadh comórtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, trí aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le bheith airdeallach i gcoinne an chonfadh.

Gach bliain, reáchtáiltear Lá Domhanda an Chonfadh ar an 28 Meán Fómhair, chun feasacht a mhúscailt faoi chosc an chonfadh. Tá Éire saor ó chonfadh ó 1903, agus tá beartais i bhfeidhm ag an Roinn chun an tsaoirse seo a choinneáil. Mar sin féin, níl Éire saor ó riosca an chonfadh, mar a tuairiscíodh cásanna i measc peataí agus fiadhúlra ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas.

Dúirt an tAire Heydon:

“Táim ag baint leasa as an deis seo chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le bheith airdeallach i gcoinne an chonfadh, go háirithe má tá tú ag tabhairt do pheata thar lear nó ag allmhairiú peata go hÉirinn. Ní mór dúinn fanacht ar an eolas faoin mbaol seo agus cloí leis na rialacha atá ann chun ár bpeataí agus sinn féin a chosaint.”

Is é an bealach is dóichí a d’fhéadfaí confadh a thabhairt isteach sa tír ná trí thaisteal peataí nó easpórtáil ainmhithe coimhthíocha. Bíonn ceanglais reachtacha maidir le hainmhithe a easpoórtáil éagsúil de réir speiceas agus thír thionscnaimh. Is féidir sonraí a fháil ar shuíomh gréasáinna Roinne. Tá sé tábhachtach na ceanglais dhlíthiúla, lena n-áirítear ceanglais vacsaínithe, a thuiscint agus cloí leo má tá tú ag taisteal le peataí nó ainmhithe coimhthíocha.

Tá confadh fós i láthair i níos mó ná 150 tír ar fud an domhain. Is féidir é a tharchur chuig daoine trí sheile trí ghreim nó scríobadh ainmhí ionfhabhtaithe, amhail madra, cat nó ainmhí fiáin m.sh. moncaí. In ainneoin gur féidir cosc a chur ar an gconfadh le vacsaín, faigheann 59,000 duine bás gach bliain ón ngalar seo, agus is páistí faoi bhun 15 bliana d'aois iad leath díobh.

Is é aidhm Lá Domhanda an Chonfadh ar an 28 Meán Fómhair feasacht a mhúscailt ar fud an domhain faoi thionchar an chonfadh agus conas is féidir linn oibriú le chéile chun deireadh a chur leis an ngalar uair amháin agus go deo. Is é téama Lá Domhanda an Chonfadh 2025 ná ‘Act now: You, Me, Community’ agus is é an aidhm cabhrú leis an troid chun deireadh a chur le gach bás daonna de bharr confadh de bharr madraí faoi 2030. Tá imeachtaí á n-eagrú ar fud an domhain ag eagraíochtaí rannpháirteacha chun cabhrú le feasacht a mhúscailt.

Má cheapann tú go bhfuil confadh ar ainmhí, cuir an Roinn ar an eolas láithreach trí theagmháil a dhéanamh le d’Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil. Is féidir tuilleadh eolais faoi chonfadh a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo, agus is féidir eolas faoi thaisteal le peataí a fháil anseo.

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

Eagraíonn an Comhghuaillíocht Dhomhanda um Rialú an Chonfadh Lá Domhanda an Chonfadh. Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir acmhainní agus cúrsaí a fháil anseo.

Meastar ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) go bhfaigheann beagnach 59,000 duine ar fud an domhain bás gach bliain de bharr confadh agus go bhfuil an confadh fós dúchasach i 150 tír/críoch ar fud an domhain. Nasc WOAH.

Is iad greimeanna madraí is cúis leis an gcuid is mó de na básanna daonna agus tarlaíonn siad i measc leanaí i dtíortha i mbéal forbartha san Afraic agus san Áise. Is féidir formhór na mbásanna seo a chosc trí fheasacht an phobail a mhéadú agus rochtain a fháil ar vacsaín confadh madraí.

Nuair a thagann comharthaí confadh chun solais, is beagnach i gcónaí a bhíonn an galar marfach i ndaoine agus in ainmhithe.

Éilíonn díothú an chonfadh cur chuige ildisciplíneach Aon Sláinte Amháin, lena n-áirítear sláinte an duine, údaráis tréidliachta agus údaráis áitiúla. Is féidir deireadh a chur leis an gconfadh go deo trí oibriú le chéile.

Sa bhliain 2015, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) i gcomhar le comhpháirtithe, an Chomhghuaillíocht Dhomhanda um Rialú an Chonfadh (GARC), a gcreat chun deireadh a chur leis an gconfadh faoi 2030.

Is féidir físeán ón gCoimisiún Eorpach dar teideal ‘Pasanna peataí AE agus an comhrac i gcoinne an chonfadh’ a fháil anseo.

Is galar infhógartha é an confadh in Éirinn. Má cheapann tú go bhfuil confadh ar ainmhí, ní mór duit an Roinn a chur ar an eolas láithreach trí theagmháil a dhéanamh le d’Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil. Is féidir liosta d’Oifigí Tréidliachta Réigiúnacha a fháil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat