An Clár ACORNS chun Tacú le ban-Fhiontraithe i gceantair thuaithe seolta ag an Aire Heydon
- Foilsithe: 21 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu (21 Iúil) an glao ar iarratais don chlár ACORNS 11 (Accelerating the Creation of Rural Nascent New-Ups). An spriocdháta le haghaidh iarratas: meán oíche, 22 Meán Fómhair,
Dúirt an tAire Heydon:
“Ag teacht sna sála ar deich mbliana de thacaíocht ó mo Roinnse do bhanfhiontraithe tuaithe faoin gCiste Forbartha Nuálaíochta Tuaithe, tá áthas orm an timthriall is déanaí a sheoladh. Tá an clár ag dul ó neart go neart i gcónaí agus tá tacaíocht tugtha aige do bhreis is 550 bean i gceantair thuaithe na hÉireann le deich mbliana anuas.”
Dúirt an tAire Heydon freisin:
“Is clár thar a bheith rathúil é clár ACORNS, atá deartha chun tacú le banfhiontraithe atá ag tosú amach i gceantair thuaithe na hÉireann. Tá sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna, fiontraíochta agus cumais a bhíonn roimh banfhiontraithe agus ar an gcaoi sin soláthraítear leis tacaíocht chun cabhrú le dul i ngleic leis na bacainní a chuireann srian go minic ar ghníomhaíocht fiontraíochta i gceantair thuaithe.”
Tagann an glao seo i ndiaidh gur roghnaíodh ACORNS mar iontráil náisiúnta na hÉireann do Ghradaim Chur Chun Cinn Fiontraíochta na hEorpa, sa chatagóir Infheistíocht i Scileanna Fiontraíochta.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
“Ag spreagadh banfhiontraithe i gceantair thuaithe na hÉireann chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin gclár ACORNS a chabhróidh leo a n-aislingí a bhaint amach maidir le gnólachtaí rathúla a thosú agus a fhás.”
Dúirt Príomh-Fhiontraí ACORNS, Mary B Walsh ó Ire Wel Pallets:
“Is cúis áthais dom a bheith i mo Phríomh-Fhiontraí ar chlár ACORNS don11ú bliain as a chéile.”
Mar fhocal scoir, dúirt Ms Walsh:
“Bhí mé thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a rinne rannpháirtithe roimhe seo agus a bhforbairt agus a bhfás a fheiceáil ar leibhéal pearsanta agus gairmiúil. Táim ag tnúth le tacú le comhghleacaithe baineanna atá ina gcónaí i gceantair thuaithe na hÉireann ag an gcéim is luaithe dá dturas fiontraíochta”.
Nóta d’Eagarthóirí
Is tionscnamh saor in aisce é ACORNS, a sheasann doAccelerating the Creation Of Rural Nascent Start-ups, do mhná atá ag foghlaim conas gnólachtaí nuathionscanta a chruthú i gceantair thuaithe na hÉireann. Maoinítear tríd an gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe atá á oibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tá an clár seo ina11ú bliain agus Fitzsimons Consulting a d'fhorbair é.
Bhí ACORNS sa dara háit i nGradaim 'European Enterprise Promotion Awards, Investing in Entrepreneurial Skills'.Tá an clár ar fáil do bhan-fiontraithe luathchéime atá ina gcónaí i gceantar tuaithe na hÉireann agus a bhfuil díolacháin ginte acu tráth nach luaithe ná deireadh mhí an Mheithimh 2022. Tá suas le 50 áit ar fáil. Ní mór dóibh siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh a spéis a chlárú ar dtús tríd an suíomh gréasáin(www.acorns.ie). Seolfar iarratas chucu ansin trí ríomhphost.
Ní bheidh aon táille ar na daoine a roghnófar chun páirt a ghlacadh i gclár ACORNS 11, a bhuíochas leis an tacaíocht leanúnach ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis an ranníocaíocht dheonach ama ó na Príomhfhiontraithe a chreideann go láidir i bhfiontraithe de bheith ag cabhrú le fiontraithe eile.
Tagann an glao is déanaí seo i ndiaidh gur roghnaíodh ACORNS mar iontráil náisiúnta na hÉireann do Ghradaim Chur Chun Cinn Fiontraíochta na hEorpa, sa chatagóir Infheistíocht i Scileanna Fiontraíochta. Tá an clár ag ceiliúradh freisin gur ainmníodh é mar ‘dhea-chleachtas’ ar Ardán Foghlama INTERREG an AE.
Bhí rath ar chlár ACORNS 10 na bliana seo caite arís agus tá torthaí iarbhír mar thoradh air, amhail:
- Chuaigh ceithre ghnólacht i mbun trádála le linn na tréimhse,
- Tháinig méadú i 54% ar láimhdeachas bliantúil comhcheangailte rannpháirtithe ACORNS 10, ó €2.8m go €4.3m,
- Bhí 104 ball foirne fostaithe ag rannpháirtithe ACORNS 10 ag deireadh an timthrialla, méadú de 15, agus
- Bhí taithí easpórtála ag ocht rannpháirtí déag ag deireadh an timthrialla.


