Seolann an tAire Heydon an Straitéis Náisiúnta um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2026-2030
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2026
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, an dara Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2026-2030 ag imeacht i saotharlanna Bhacastúin i gCo. Chill Dara.
Chuala na daoine a bhí i láthair go dtáirgeann plandaí 98% den ocsaigin a análaímid agus gurb ionann iad agus 80% den bhia a ithimid, agus nach rud simplí é sláinte plandaí a chosaint, ós rud é go measann Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe go gcailltear suas le 40% de bharra bia gach bliain mar gheall ar lotnaidí plandaí, rud a fhágann nach mbíonn dóthain bia le hithe ag na milliúin daoine ar fud an domhain agus a mbíonn tionchar tubaisteach aige ar an talmhaíocht – príomhfhoinse ioncaim i bpobail thuaithe níos boichte.
Thug an tAire le fios freisin go mbíonn sé níos deacra sláinte plandaí a chosaint de bharr tosca eile amhail taisteal agus trádáil idirnáisiúnta. Tá méadú suntasach tagtha orthu sin le 20 bliain anuas agus féadann siad leathadh lotnaidí agus galair ar fud an domhain a éascú.
Ag seoladh na straitéise nua dó, dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm ár Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil don tréimhse 2026-2030 a sheoladh. Is í fís na straitéise earnálacha talmhaíochta, gairneoireachta agus foraoiseachta na hÉireann, chomh maith leis an gcomhshaol níos leithne, a chosaint ar lotnaidí agus galair plandaí, agus ar an gcaoi sin slándáil bia a chosaint, trádáil shábháilte a éascú agus an comhshaol a chosaint. Táirgeann plandaí 98% den ocsaigin a análaímid agus breis agus 80% den bhia a ithimid. Cuireann plandaí sláintiúla go mór leis an táirgeadh talmhaíochta, leis an tslándáil bia, leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch, leis an mbithéagsúlacht, le sláinte an chomhshaoil agus le folláine daoine.”
Aithnítear sa straitéis príomhbhuntáistí nádúrtha na hÉireann, is iad sin a leithlisiú geografach agus a haeráid mheasartha, rud a chuidíonn le hionsaithe agus ráigeanna lotnaidí agus galair a chosc, ach aithnítear inti freisin go bhfuil na rioscaí do shláinte plandaí ag méadú de bharr domhandú méadaithe, ríomhthráchtáil agus athrú aeráide. I gcomhréir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, cuireann an Roinn bearta i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú. Tá pleananna teagmhasacha ullmhaithe ag an Roinn do 15 lotnaid thosaíochta, lena n-áirítear an ciaróg adharcach Áiseach (Anoplophora glabripennis) agus Xylella fastidiosa, rud a chiallaíonn dá bhfaighfí aon cheann díobh sin in Éirinn, go mbeadh plean ag an Roinn chun freagairt go práinneach d’fhonn iad a dhíothú agus/nó a rialú.
Is galar baictéarach é Xylella fastidiosa a dhéanann damáiste tromchúiseach do raon leathan plandaí, lena n-áirítear dair, silín agus fuinseog, agus a scaipeann feithidí a chothaíonn ar shú plandaí. Aimsíodh Xylella fastidiosa san Iodáil, sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Phortaingéil agus, dá leathfadh sé ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad, d’fhéadfadh sé caillteanas táirgthe bliantúil €5.5 billiún a chruthú agus beagnach 300,000 post a chur i mbaol. Mar chuid d’fhaireachas na hÉireann don ghalar, tógadh agus tástáladh 1,099 sampla don ghalar ag an Roinn le cúig bliana anuas agus níor aimsíodh aon chás den ghalar.
Tá plean teagmhasach lotnaidí plandaí ullmhaithe ag an Roinn freisin don chiaróg adharcach Áiseach, lotnaid an-scriosach atá ina bagairt ar raon leathan crann leathanduilleogach. In 2012, b’éigean breis agus 2,000 crann a leagan mar chuid den fhreagairt rialtais ar ráig sa Ríocht Aontaithe agus measadh gur éirigh leis an bhfeachtas díothaithe, ach tháinig costas níos mó ná €1.1 milliún leis.
Braitheadh an leamhan tiúbar prátaí (Phthorimaea operculella), riosca a sainaithníodh roimhe seo agus atá ina bhagairt thromchúiseach do tháirgeadh prátaí, anuraidh ag cigirí na Roinne i gcoinsíneacht prátaí a allmhairíodh ón Éigipt. Dá mbunófaí daonra de na leamhain sin in Éirinn, bheadh tionchar suntasach aige ar thionscal prátaí na hÉireann, ar fiú €80-100 milliún é. Tar éis cigireacht na Roinne, diúltaíodh láithreach don choinsíneacht agus athonnmhairíodh í, agus cuireadh na húdaráis ábhartha ar an eolas. Chuir an fhreagairt thapa cosc ar leathadh féideartha isteach sa chomhshaol níos leithne agus sa slabhra soláthair.
Aithnítear sa straitéis an tábhacht a bhaineann leis an gcomhar idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe agus an Institiúid Agraibhia agus Bith-Eolaíochtaí i dTuaisceart Éireann chun cur chuige uile-oileáin a choinneáil maidir le sláinte plandaí agus bithshlándáil a chosaint.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
“Tá comhar agus comhpháirtíocht ríthábhachtach chun ár sláinte plandaí agus ár mbithshlándáil a chosaint. Ba mhaith liom an comhar agus an chomhpháirtíocht leanúnach ar leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta a aithint, chomh maith lenár bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Líonra Páirtithe Leasmhara um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil agus Líonra Páirtithe Leasmhara Sláinte Foraoise. Is chun leasa gach duine sláinte plandaí agus bithshlándáil a chosaint, agus molaim do gach duine a ról féin a imirt.”
Nótaí
Leagtar amach sa Straitéis um Shláinte Plandaí agus Bithshlándáil 2026-2030 trí sprioc straitéiseacha:
Sprioc 1: Tá sé mar aidhm ag réamh-mheas riosca rioscaí do shláinte plandaí agus don bhithshlándáil a thuar agus a mhaolú.
Sprioc 2: Tá sé mar aidhm ag faireachas agus bainistiú riosca cláir faireachais agus bainistíochta a chur i bhfeidhm chun lotnaidí agus galair plandaí a bhrath, a bhainistiú agus a mhaolú go réamhghníomhach, agus
Sprioc 3: Tá sé mar aidhm ag feasacht agus cumarsáid riosca feasacht ar shláinte plandaí agus bithshlándáil a mhéadú i measc páirtithe leasmhara, úinéirí talún agus an phobail, agus iad a chur ar an eolas faoina bhfreagrachtaí agus faoi na gníomhartha dearfacha is féidir leo a dhéanamh chun sláinte plandaí agus bithshlándáil a chosaint.
Sainaithnítear sa Straitéis 15 chuspóir straitéiseacha agus 45 gníomh tosaíochta chun na spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.
Sláinte plandaí agus bithshlándáil i bhfigiúirí
- 16,083 coinsíneacht de phlandaí, de tháirgí plandaí agus d’earraí eile faoi réir rialuithe allmhairiúcháin in 2025
- 9,220 coinsíneacht faoi réir cigireachta fisiciúla in 2025
- 2,780 deimhniú fíteashláintíochta a eisíodh in 2025, rud a d’éascaigh thart ar €63 milliún in onnmhairí
- 9,000+ cigireacht ar lotnaidí limistéar cosanta gach bliain
- 21,000+ cigireacht ar lotnaidí tosaíochta an Aontais gach bliain
- 2,000+ cigireacht ar lotnaidí coraintín an Aontais gach bliain