Seolann an tAire Heydon Plean Forbartha Náisiúnta Earnála 2026-2030 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Heydon Plean Forbartha Náisiúnta Earnála 2026-2030 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Matine, Martin Heydon TD, Plean Forbartha Náisiúnta Earnála 2026-2030 a Roinne inniu.

Dúirt an tAire Heydon:

“Leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta Earnála 2026-2030n leithdháileadh caipitil nua cúig bliana mo Roinne, le leithdháileadh €1.625 billiún de mhaoiniú poiblí.” Is ionann sin agus méadú €160 milliún le linn na tréimhse cúig bliana reatha.”

Thug an tAire Heydon faoi deara:

“Tacóidh an Plean Forbartha Náisiúnta le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil inár bpobail thuaithe agus chósta, agus neartóidh sé an t-iomaíochas ag an am céanna, trí thaighde agus nuálaíocht.”

Áireofar ar thosaíochtaí infheistíochta:

Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS):

Tá ról suntasach ag an Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS) maidir le cistiú a chur ar fáil d'infheistíocht feirme d'fheirmeoirí chun réimse sonraithe foirgneamh agus trealaimh feirme a thógáil agus/nó a fheabhsú ar a ngabháltas chun tacú le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht. Tá tacú le hinfheistíocht ar an bhfeirm ar cheann de mo phríomhthosaíochtaí le linn shaolré an Rialtais seo. Tacaíonn an infheistíocht seo le hiomaíochas ar fheirmeacha na hÉireann, feabhsaíonn sí athléimneacht an bhonneagair, tacaíonn sí le hathnuachan glúine, agus tacaíonn sí le bainistíocht fheabhsaithe cothaitheach atá ríthábhachtach chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce.”

Foraoiseacht:

Is acmhainn ríthábhachtach í an fhoraoiseacht do gheilleagar na hÉireann. Chomh maith lena ról eacnamaíoch, sóisialta agus áineasa, tá ról ríthábhachtach ag foraoisí na hÉireann maidir le maolú ar an athrú aeráide, trí shealbhú carbóin i bhforaoisí agus trí bhreoslaí agus amhábhair in-athnuaite a sholáthar.

Cabhróidh cistí breise anseo leis an Aire Healy-Rae maoiniú a dhéanamh ar an Scéim Athchóirithe Foraoiseachta de bharr Séideadh Gaoithe a bhaineann leis an damáiste a rinne Stoirmeacha Darragh agus Éowyn, a shíneann amach go 25,750 heicteár foraoiseachta, agus tá 11,600 heicteár díobh sin faoi úinéireacht phríobháideach.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD,

“Tacóidh na cistí breise seo leis an Roinn aghaidh a thabhairt ar an damáiste a rinneadh do fhuinneoga foraoiseachta de bharr Stoirmeacha Darragh agus Éowyn.

Dúirt an tAire Healy-Rae freisin:

“Tá an Clár Foraoiseachta reatha le dul in éag ar an 31 Nollaig 2027, agus cuirfear tús leis an obair go luath in 2026 ar an gcéad Chlár Foraoiseachta eile. Beidh leithdháiltí do Foresty ó 2028 ar aghaidh bunaithe ar an gClár Foraoiseachta nua.”

Ionaid Chuan Iascaigh agus Forbairt Bia Mara:

Tá leithdháileadh suntasach faoi Phlean Forbartha Náisiúnta na Roinne atá dírithe ar an earnáil iascaigh. Tabharfaidh na cistí breise seo tús áite d'fhorbairt bhreise chalafoirt Bhinn Éadair agus Ros an Mhíl.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Iascaigh, Timmy Dooley, TD,

“Áiritheoidh an maoiniú seo forbairt leanúnach Chalafort Bhinn Éadair agus Ros an Mhíl mar go bhfuil cistí caite cheana féin ar na tionscadail seo. Is tionscadail mhóra forbartha iad seo a chaithfear a chur i gcrích ar mhaithe le hinmharthanacht agus inbhuanaitheacht earnáil an bhia mara.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD:

“Cabhróidh leithdháileadh NDP na Roinne thar na cúig bliana atá romhainn le mo Roinn tacú le taighde a bhfuil tionchar réadúil aige — bíodh sé sin ag laghdú astaíochtaí, ag feabhsú cáilíocht an uisce, ag feabhsú sláinte agus leas ainmhithe, nó ag tiomáint nuálaíochta digiteach i gcórais bia.”

Cuirfear maoiniú ar fáil freisin do na dhá choláiste tréidliachta, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Beidh mé ag obair go dlúth leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, chun seo a chur chun cinn le linn shaolré an phlean seo.” Glacfaidh an dá choláiste le 40 mac léinn an duine i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn. Tá gá le sruth láidir céimithe tréidliachta ó oileán na hÉireann chun sláinte agus leas ainmhithe a chosaint.”

Cuirfear maoiniú ar fáil freisin don Ionad Eachaí in Éirinn agus do Shaotharlanna Réigiúnacha na Roinne, agus dúirt an tAire Heydon:

‘’Is saotharlann í Ionad Eachaí in Éirinn a bhfuil ilghradam buaite aici agus a bhfuil ról tacaíochta ríthábhachtach aici don tionscal pórúcháin agus rásaíochta each ar fiú €2.46 billiún é.’’ Mar sin féin, ní mór é a athfhorbairt d’fhonn na háiseanna reatha a fheabhsú agus a leathnú agus a sheirbhísí leasa phoiblí don tionscal each a fheabhsú ag an am céanna. Tá sé i gceist go dtosóidh an obair air seo in 2027.”

Maidir le maoiniú a chur ar fáil do Shaotharlanna Réigiúnacha na Roinne, dúirt an tAire Heydon:

“Tá infheistíocht in obair ríthábhachtach na Saotharlann Réigiúnach seo ríthábhachtach do cháil den scoth na hÉireann i dtaca le sábháilteacht bia.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon

“Tá an maoiniú breise ag teacht le gealltanais Chlár an Rialtais. Féachfaidh infheistíochtaí caipitil phoiblí san earnáil agraibhia le forbairt inbhuanaithe na hearnála a thacú i gcomhréir leis an uaillmhian i bhFís don Bhia 2030 agus rialacháin nua an Chomhbheartais Talmhaíochta.

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá Plean Earnála Forbartha Náisiúnta 2026-2030 na Roinne ar fáil ag Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta 2025 – Todhchaí na hÉireann a Shlánú

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat