Buaileann an tAire Heydon leis an gCoimisinéir Eorpach um an gComhshaol, Jessika Roswall, chun iarratas na hÉireann ar leanúint den Mhaolú Níotráite a phlé
- Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Deireadh Fómhair 2025
Glacann an Coimisinéir Roswall le cuireadh an Aire Heydon cuairt a thabhairt ar Éirinn i mí na Samhna
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, leis an gCoimisinéir Eorpach um an gComhshaol, Athléimneacht Uisce agus Geilleagar Ciorclach Iomaíoch, Jessika Roswall, inniu chun iarratas na hÉireann ar leanúint leis an maolú Níotráite a phlé.
Leag an tAire Heydon béim ar thábhacht an Mhaolaithe d’Éirinn le linn an chruinnithe, a tionóladh sa Bhruiséil. Thug sé cuireadh don Choimisinéir cuairt a thabhairt ar Éirinn freisin agus féachaint go díreach ar an obair chomhoibríoch atá ar siúl ag an earnáil agraibhia chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce.
Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Heydon:
“Is mór agam rannpháirtíocht an Choimisinéara Roswall agus nádúr cuiditheach na plé. Leanann an cruinniú seo inniu cuairt ó oifigigh shinsearacha ó Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil ar Éirinn an tseachtain seo caite, lena n-áirítear cuairt ar fheirm maolaithe i gContae na Mí.”
I ndiaidh chruinniú an lae inniu, dheimhnigh an tAire Heydon go dtabharfaidh an Coimisinéir Roswall cuairt ar Éirinn i mí na Samhna. Dúirt sé:
“Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh an gCoimisinéir Roswall le haghaidh cuairte a thabharfaidh deis bhreise dúinn páirt a ghlacadh ar bhealach an-phraiticiúil. Is príomhthosaíocht ag an Rialtas fós síneadh a chur le Maolú Níotráite na hÉireann. San am atá romhainn, leanfaidh an Rialtas de bheith i mbun rannpháirtíochta agus oibrithe go cuiditheacha le páirtithe leasmhara ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon maidir leis an gcéad Chlár Gníomhaíochta Níotráite eile agus an Maolú Níotráite, chun a chinntiú go gcuirfimid an cás is láidre is féidir chun cinn chun a chinntiú go gcoinneofar é tar éis 2025 chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce.”
Nótaí
Is é an Maolú Níotráite an téarma a úsáidtear go coitianta a thagraíonn don fhoráil laistigh den Treoir maidir le Níotráití a cheadaíonn teorainn níos airde atá údaraithe go heolaíoch maidir le cur i bhfeidhm nítrigine aoiligh beostoic ar thalamh.
Tá Éire ag lorg cead chun leanúint ar aghaidh ag cur níos mó ná 170 kg de nítrigin aoiligh beostoic in aghaidh an heicteáir i bhfeidhm ó 2026 ar aghaidh.
Éascaíonn an maolú córais uathúla táirgthe beostoic lasmuigh atá bunaithe ar féar in Éirinn, agus tá údar maith leis sin mar gheall ar na córais sin. Tá siad bunaithe ar ár ndeascadh glan ard, ar ár séasúr fáis féir fada agus ar ár gcumas barra féir ardtoraidh a tháirgeadh a ghlacann agus a úsáideann leibhéil arda nítrigine.