Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Heydon Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha a oscailt

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu athoscailt an Bhirt Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha le haghaidh 2026.

Soláthrófar leis an mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2026 ranníocaíocht airgeadais d'fheirmeoirí rannpháirteacha a chlúdaíonn 60% den chostas incháilithe suas go ceithre chlúdach seaftaí d'Fhearais Astógála Cumhachta (PTO).

Agus an beart á sheoladh aige inniu, agus Seachtain Shábháilteacht ar Tharracóirí ar siúl freisin, dúirt an tAire Heydon:

Tá an Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha á athoscailt agam chun feirmeoirí a spreagadh clúdaigh chosanta ar threalamh cumhachtaithe PTO a sheiceáil agus clúdaigh nua a chur in áit clúdaigh seaftaí PTO atá lochtach nó caillte. Tá trealamh cumhachtaithe PTO le seaftaí PTO nach bhfuil cosanta i gceart á fheidhmiú ag an iomarca feirmeoirí, rud a chuireann iad féin agus daoine eile i mbaol gortuithe tromchúiseacha nó marfacha. Le bheith éifeachtach maidir leis an oibritheoir a chosaint, ní mór an seafta PTO a bheith clúdaithe go hiomlán ag clúdaigh chosanta. Áirítear leis seo freisin an clúdach-U ar chúl an tharracóra agus an clúdach-O ar an innealra."

Le deich mbliana anuas, ba fheithiclí agus innealra feirme ba chúis le beagnach leath de na básanna uile ar fheirmeacha. Le dhá bhliain anuas, tharlaigh dhá bhás ar fheirmeacha na hÉireann mar gheall ar dhaoine dul i bhfostú i seaftaí PTO.

Casann siad ag 540 nó 1,000 réabhlóid in aghaidh an nóiméid, ní thógann sé ach níos lú ná soicind amháin chun dul i bhfostú i seafta PTO. Má tá duine i bhfostú i seafta PTO, níl mórán seans acu maidir le gortuithe tromchúiseacha nó marfacha a sheachaint. Ní sholáthraítear cosaint le clúdach seafta PTO atá nua fiú, mura bhfuil sé daingnithe i gceart.

Cuireann an tAire Heydon i gcuimhne d'fheirmeoirí an tábhacht a bhaineann le tús áite a thabhairt don tsábháilteacht is cuma cé chomh mór is atá an t-ualach oibre atá acu:

"Is iad na príomhchéimeanna chun timpistí a bhaineann le feithiclí agus innealra feirme a chosc ná oiliúint, cothabháil cheart agus cleachtais oibre shábháilte. Tá am i gceist leis an príomhchéimeanna seo agus cé nach bhfeictear na buntáistí, tá siad dothomhaiste. Mura ndéantar iad áfach, d'fhéadfadh na hiarmhairtí a bheith tragóideach. Agus an tréimhse samhraidh ghnóthach ag druidim linn, molaim d'fheirmeoirí an tarracóir agus innealra a sheiceáil anois chun a chinntiú go ndéantar an chothabháil agus na deisiúcháin cuí lena n-áirítear clúdaigh nua a chur in áit clúdaigh seifte PTO atá lochtach nó caillte."

Tá an Bearta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha á mhaoiniú ón Státchiste Náisiúnta. Is é an dáta deiridh d'iarratais ar íocaíocht a chur isteach ná Dé hAoine, an 6 Samhain 2026 ar www.agfood.ie..

Is é an t-uasmhéid de chabhair faoin mbeart ná ceithre chlúdach seifte PTO. Beidh an chabhair deontais ag ráta 60% faoi réir uaschostas cáilithe de €100 in aghaidh an chlúdaigh seifte PTO. Tá feirmeoirí a chuir isteach ar chabhair deontais faoin mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha i mblianta roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh arís i mbliana.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht Feirme 2026, féach www.gov.ie/farmsafety .

Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD, announcing the reopening of the National Farm Safety Measure for 2026
Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD, announcing the reopening of the National Farm Safety Measure for 2026

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat