Tugann an tAire Heydon nuashonrú ar na tacaíochtaí faoin gclár um Bhuinneach Víreasach Bólachta.

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Heydon nuashonrú ar na tacaíochtaí faoin gclár um Bhuinneach Víreasach Bólachta.

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu athruithe ar an gClár Tacaíochta Airgeadais um bhuinneach víreasach bólachta i gcás ainmhithe ar aimsíodh toradh dearfach orthu in 2025.

Is é cuspóir an Chláir Tacaíochta Airgeadais um bhuinneach víreasach bólachta minicíocht an ghalair sa tréad náisiúnta a íoslaghdú trí laonna nuabheirthe a thástáil agus trí thástáil ar an tréad iomlán i dtréada ina n-aimsítear ainmhí amháin nó níos mó a bhfuil toradh dearfach nó neamhchinntithe acu don ghalar sin.

Dúirt an tAire Heydon:

“Aithnítear agus cuirtear luach ar iarrachtaí feirmeoirí le blianta beaga anuas chun leibhéal an ghalair a laghdú. Mar thoradh air sin, tá mé in ann na tacaíochtaí airgeadais is féidir liom a chur ar fáil d’fheirmeoirí a leasú laistigh den leithdháileadh buiséadach atá ann don chlár seo. Ní fhéadfaí é seo a dhéanamh ach amháin mar gheall ar obair dhícheallach gach duine atá bainteach leis an gclár chun leibhéil an ghalair sa tréad náisiúnta a laghdú ó 2013 i leith.”

Faoin gclár, méadaítear an tacaíocht d’ainmhí de phór déiríochta ó €160 go €200 agus d’ainmhí de phór mairteola ó €220 go €320 faoi seach; íocfar na híocaíochtaí sin le feirmeoirí ar aimsíodh ainmhithe a raibh toradh dearfach nó neamhchinntithe acu don ghalar sin ina dtréada le linn 2025. Déanfar íocaíochtaí i leith laonna a rugadh in 2025 in 2026.

Dúirt an tAire freisin:

“Ba cheart an clár seo a mheas mar éacht mór, agus tá tacaíocht láidir faighte aige ó gach páirtí leasmhar. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid toradh ar ár n-iarrachtaí uile trí stádas saor ón ngalar a bhaint amach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sláinte Ainmhithe Éireann as an obair atá déanta aici ar an gclár ó bunaíodh é, agus impím ar gach páirtí leasmhar oibriú i gcomhar lena chéile chun díriú ar leibhéil an ghalair a laghdú tuilleadh i mbliana agus deireadh iomlán a chur leis an ngalar seo a luaithe is féidir.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat