Foilsíonn an tAire Heydon tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí maidir leis na príomhphrionsabail chun an Creat Náisiúnta um Fheirmeoreacht Carbóin a fhorbairt
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2026
D'fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí maidir le dréacht-sraith prionsabal chun Creat Náisiúnta um Fheirmeoreacht Carbóin a fhorbairt.
Dúirt an tAire Heydon:
"Anuraidh, sheol mé comhairliúchán poiblí ar dhréacht-sraith prionsabal chun Feirmoireacht Carbóin a fhorbairt in Éirinn. Tá an-áthas orm leis an freagra agus an rannpháirtíocht fóriomlán ó gheallshealbhóirí sa phróiseas seo."
Tá tiomantas ann faoi Chlár an Rialtais agus Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide chun Creat Náisiúnta um Fheirmeoireacht Carbóin a fhorbairt. Rinneadh 59 n-aighneacht mar gheall ar an gcomhairliúchán poiblí agus rinneadh trí cheardlann geallsealbhóirí (200 duine i láthair ann) chomh maith.
Dúirt an tAire Heydon:
"Is é an tosaíocht atá agam ná plé a bheith agam le geallsealbhóirí i bhforbairt beartas nua, agus soláthraíodh leis an gcomhairliúchán seo aiseolas tábachtach do mo Roinn agus moltaí chun cabhrú leis an gCreat Náisiúnta um Fheirmeoreacht Carbóin a fhorbairt."
Is é cuspóir foriomlán an chomhairliúchán seo ná tacú le forbairt beartais agus glacadh agus scálú na gcleachtas bainistíochta Fheirmeoireacht Carbóin a éascú laistigh den chóras talmhaíochta tháirgeadh príomhúil. Cabhróidh cleachtais mar sin le hÉirinn maidir lena spriocanna aeráiode, bithéagsúlachta agus caighdeán uisce a bhaint amach.
Chuir an tAire Heydon leis sin:
"Is é an aidhm atá agam ná creat a fhorbairt a thabharfaidh treoir d'fheirmeoirí, foraoiseoirí, agus úinéirí talún chomh maith le muinín a thabhairt dóibh siúd ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i bhFeirmeoireacht Carbóin. Iarradh leis an gcomhairliúchán ionchur ó gheallsealbhóirí chun creat a fhorbairt a d'fhéadfadh éagsúlú a dhéanamh ar ioncaim feirme."
"Leanfaidh leis an aiseolas a tugadh maidir le foilsiúchán dréacht-sraith prionsabal le bheith mar bhonn eolais d'fhorbairt beartais ag leibhéal náisiúnta. Ach, tuigim go bhfuil forbairtí ag leibhéal an Aontais Eorpaigh faoin Rialachán Deimhnithe maidir le hAistriú Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin (CRCF). Tá sé tábhachtach go mbeidh aon chreat a fhorbraímid ag teacht leis an rialachán CRCF."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
"Ba mhaith liom leanúint leis na dualgais atá orm chun plé iomlán a bheith agam leis na geallsealbhóirí ar fad maidir le forbairt beartais, agus déanfaidh mé grúpa oibre leathnaithe geallsealbhóirí go luath, chun gach foras feirmeoireachta a chur san áireamh, agus plé a dhéanamh ar fhorbairt an Chreata Náisiúnta Fheirmeoireacht Carbóin. Athluaim aiseolas geallsealbhóirí agus mé ag rá go gcaitear creat rathúil a bheith simplí, oiriúnach d'fheirmeoirí, inbhuanaithe ó thaobh an timpeallachta de agus costéifeachtach."
Nótaí
Is féidir nasc don tuarascáil a fháil ag suíomh gréasáin na Roinne.
Ionchar riachtanach ó gheallsealbhóirí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.
1. Creat Náisiúnta um Fheirmeoireacht Carbóin a fhorbairt agus a sholáthar.
Aithníodh in aiseolas ó gheallsealbhóirí an tiomantas faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Clár an Rialtais chun Creat Náisiúnta um Fheirmeoireacht Carbóin a fhorbairt mar phríomhchumasóir chun cur le muinín agus treoir ar bhunú sraith gníomhaíochtaí agus feirmeoireacht carbóin a sholáthar in Éirinn.
2. Tionscnamh taispeántais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun foghlaim agus scálú a threorú.
Tá gá aitheanta le haghaidh Creat um Fheirmeoireacht Carbóin chun feidhmiú agus comhchruthú múnla nua de thalmhaíocht na hÉireann - ceann a láidríonn agus a cosnaíonn an múnla fheirm teaghlaigh, agus freagracht timpeallachta á haontú le haschur eacnamaíochta. Ba chóir nach nglacann feirmeoireacht carbóin ionad talmhaíocht táirgiúil ach go gcuireann sé leis. Éilíonn an Creat um Fheirmeoireacht Carbóin tástáil trí thionscnamh taispeántais mórscála a d'fhéadfadh cur chuige a thriail ar chineálacha éagsúla feirmeacha, agus a chuirfidh le muinín ar thaobhanna an fheirmeora agus an cheannaitheora den mhargadh. Ba chóir go ndéanfaidh sé seo tionscnaimh atá ann a imeascadh agus fianaise láidir a sholáthar don tionscal, do lucht déanta beartais agus d'fheirmeoirí le bheith mar bhonn eolais ar an gcuma a bheidh ag talmhaíocht inbhuanaithe in Éirinn in 2030 agus ina dhiaidh sin.
3. Bord Rialachais agus Coiste Teicniúil a Bhunú.
Measadh gur cheart Bord Rialachais a dhéanamh le geallsealbhóirí ionadaithe. Chomh maith leis sin, ba chóir go ndéanfar Coiste Teicniúil a bhunú chun comhsheasmhacht sna rialacha agus caighdeáin a úsáidtear a chinntiú, agus go bhfuil ailíniú leis an Rialachán Deimhnithe maidir le hAistriú Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin (CRCF).
4. Clárlann na hÉireann a Fhorbairt.
Tá tuairim láidir gur cóir d'eagraíochtaí rialtais Clárlann na hÉireann a bhunú atá deartha ón tús le bheith idir-inoibritheach le Clárlann Aontais amach anseo (le bheith forbartha ag an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide faoi 2028). Is féidir leis an gClárlann náisiúnta seo a bheith mar phríomhluamhán chun ionracais margaidh a láidriú agus cur le muinín agus iontaoibh i bhFeirmeoireacht Carbóin in Éirinn trí thrédhearcacht agus ionracas a chinntiú agus comhartha soiléir infheistíochta a sheoladh le haghaidh feirmeoirí agus forbróirí tionscadail.