Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Heydon tuarascáil an Choimisiúin um Athnuachan Glúine san Fheirmeoireacht

Ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inniu, d’fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, tuarascáil an Choimisiúin um Athnuachan Glúine san Fheirmeoireacht. Aithnítear go forleathan an dúshlán a bhaineann le hathnuachan glúine ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE araon. Tugann Clár an Rialtais tús áite do thacaíocht a thabhairt do chomharbas feirme idir glúine. Deirtear i bhFís Bia 2030, ár straitéis chomhroinnte don earnáil agraibhia, go bhfuil athnuachan glúine san fheirmeoireacht ríthábhachtach chun inmharthanacht agus inbhuanaitheacht shóisialta earnáil agraibhia na hÉireann agus cheantar tuaithe na hÉireann a chinntiú amach anseo.

Tá roinnt tacaíochtaí ar fáil faoi láthair d’fheirmeoirí le haghaidh athnuachan glúine faoi Phlean Straitéiseach CAP (CSP) na hÉireann 2023-2027. Comhlánaítear na tacaíochtaí seo le sraith beart láidir cánachais náisiúnta agus rochtain ar thacaí airgeadais, chomh maith le tacaíochtaí comhairleacha agus oideachais agus oiliúna. In ainneoin na dtacaíochtaí suntasacha seo, níl feabhas ag teacht ar dhéimeagrafaic aoise na hearnála. Bunaíodh an Coimisiún um Athnuachan Glúine san Fheirmeoireacht chun na saincheisteanna seo a scrúdú agus tá a chuid oibre críochnaithe aige.

Ag foilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Heydon:

“Is ceist chasta í comharbas feirme agus tá go leor fachtóirí ann a mbíonn tionchar acu ar chinntí feirmeoirí. Sin é an fáth ar bunaíodh an Coimisiún agus tá anailís chuimsitheach déanta acu agus 31 moladh déanta acu i réimse leathan réimsí lena n-áirítear Tacaíochtaí CAP; Pinsin; Cánachas; Rochtain ar Airgeadas; Rochtain ar Thalamh; Socruithe Comhoibríocha; Seirbhísí Comhairleacha; Oideachas agus Oiliúint; Cothromaíocht Inscne; agus Tarraingteacht Fhoriomlán na hEarnála. Breithneoidh grúpa cur chun feidhme laistigh de mo Roinn na moltaí seo go cúramach anois agus rachaidh siad i mbun oibre le geallsealbhóirí talmhaíochta agus leis na comhlachtaí poiblí ábhartha.”

Dúirt an tAire freisin:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, Aidan O’Driscoll, agus le gach ball den Choimisiún as a dtiomantas agus a gcuid oibre crua.” Tá sé ríthábhachtach an chéad ghlúin eile feirmeoirí a mhealladh chun a chinntiú go bhfanfaidh an earnáil agraibhia bríomhar agus inbhuanaithe amach anseo agus cinntíonn an anailís seo go bhfuil bunús cuimsitheach, dea-bhreithnithe againn do bheartas amach anseo maidir le hathnuachan glúine.”

Is féidir an tuarascáil iomlán seo a fheiceáil anseo: An Coimisiún um Athnuachan Glúine san Fheirmeoireacht

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Tá tuilleadh eolais faoin gCoimisiún le fáil ag: Fís Bia 2030 - Ceannaire Domhanda i gCórais Bia Inbhuanaithe

Generation Renewal
Foilsíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, tuarascáil an Choimisiúin um Athnuachan Glúine san Fheirmeoireacht ag an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2025.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat