Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Heydon ag freagairt do chomhaontú AE-SAM

Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, freagra inniu ar thoradh na caibidlíochta trádála AE-SAM.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tá an trádáil ríthábhachtach d’earnáil agraibhia na hÉireann atá dírithe ar onnmhairiú. Is iad na Stáit Aontaithe an dara margadh is tábhachtaí d'agraibhia na hÉireann, agus luach €2 billiún ar easpórtálacha anuraidh. Tá buntáistí frithpháirteacha ag baint le caidreamh láidir trádála na hÉireann leis na Stáit Aontaithe do ghnólachtaí ar dhá thaobh an Atlantaigh.

“Ó mhí Aibreáin i leith, tá éiginnteacht mhór roimh ár ngnólachtaí bia agus dí maidir le beartas trádála na Stát Aontaithe amach anseo. Ciallaíonn an comhaontú sin deireadh a chur leis an éiginnteacht sin agus seachnaítear na bagairtí an-suntasach a bhaineann le cás ‘Gan Mhargadh.

“Dheimhnigh an tUachtarán von der Leyen gur uasráta taraife a bheidh sa ráta taraife 15 % a comhaontaíodh, gan aon chruachadh. Tá sé sin dearfach d’easpórtálacha ime na hÉireann go háirithe, a raibh ráta taraife breise 10% os a gcomhair ó mhí Aibreáin i leith, ráta a bhí cruachta ar tharaif 16% a bhí ann cheana.

“Thagair an tUachtarán von der Leyen freisin do tháirgí áirithe a bheith san áireamh i ráta taraife ‘nialas le niala’. Táim ag tnúth le níos mó sonraí a fheiceáil faoi seo sna laethanta amach romhainn.

“Beidh mé i dteagmháil le páirtithe leasmhara maidir le sonraí an chomhaontaithe.”

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Cur Chun Cinn an Bhia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD:

“Fáiltím roimh an toradh seo a thabharfaidh cinnteacht do ghnólachtaí bia agus dí na hÉireann a onnmhairíonn chuig margadh na Stát Aontaithe. In éineacht leis an Aire Heydon, le mo Roinnse agus le Bord Bia, leanfaidh mé de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt nua an mhargaidh agus d’iarrachtaí nua maidir le rochtain ar an margadh dár dtáirgí bia agus dí inbhuanaithe ar ardchaighdeán.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat