English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Heydon Ordú um Fhiaile Dhíobhálach nua lena n-ainmnítear Fiteog Dhubh mar fhiaile dhíobhálach.

Shínigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, TD Martin Heydon, Ionstraim Reachtúil nua maidir le Fiailí Díobhálacha, le héifeacht ón 14 Bealtaine 2025. Is féar bliantúil nach bhfuil dúchasach d'Éirinn í fiteog dhubh. Tá sé le fáil den chuid is mó i gcórais feirmeoireachta arúla sa Ríocht Aontaithe agus i mór-roinn na hEorpa. Tá sé liostaithe anois mar fhiaile dhíobhálach den chéad uair. Comhdhlúthaíonn an Ionstraim Reachtúil seo an reachtaíocht thánaisteach uile maidir le fiailí díobhálacha, códaíonn sí na speicis fiailí díobhálacha atá ann cheana lena n-ainmneacha luibheolaíocha agus ina theannta sin, teorannaíonn an reachtaíocht rialuithe do speicis feochadáin agus copóige ar leith.

Faoin Acht um Fhiaile Dhíobhálach, 1936, is cion é d'úinéirí agus d'áititheoirí talún gan leathadh fiailí sonraithe a chosc. Is iad seo a leanas na fiailí díobhálacha a shonraítear sa reachtaíocht: Fiteog Dhubh (Alopecurus myosuroides Huds.), Copóg Shráide (Rumex obtusifolius L.), Buachalán Buí (Jacobaea vulgaris Gaertn.), Feochadán Reatha (Cirsium arvense (L.) Scop.), Copóg Chatach (Rumex crispus L.), Feochadán Colgach (Cirsium vulgare (Savi) Ten.), Coirce Fiáin Earraigh (Avena fatua L.) agus Coirce Fiáin Geimhridh (Avena sterilis L.).

Sheol an Roinn Comhairliúchán Poiblí an 1 Samhain 2004, inar leagadh amach tograí chun leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht thánaisteach atá ann cheana maidir le fiailí díobhálacha. Moladh i dTuarascáil Curaíochta Fís Bia 2030 go gcuirfí Fiteog Dhubh san áireamh sa reachtaíocht chun cuidiú le scaipeadh fiailí féir fhadhbaigh ar fheirmeacha na hÉireann a rialú agus a chosc.

Dúirt an tAire Heydon:

“Is dúshlán suntasach é fiteog dhubh maidir le rialú fiailí sa tír seo. Anois go bhfuil Fiteog Dhubh ar liosta na bhfiailí díobhálacha, caithfidh úinéirí talún freagracht a ghlacadh as é a rialú ar a dtalamh. Is am oiriúnach é freisin chun a chur i gcuimhne d’fheirmeoirí, d’Údaráis Áitiúla agus do dhaoine eile gur cion é d’úinéirí agus d’áititheoirí talún gan scaipeadh fiailí díobhálacha a chosc’.

Dúirt an tAire freisin:

‘Chun comhairle a fháil maidir leis an mbealach is éifeachtaí chun scaipeadh fiailí díobhálacha a chosc, déan teagmháil le do chomhairleoir talmhaíochta áitiúil’.

Eisíonn an Roinn litreacha ‘Fógraí maidir le Scriosadh’ i ngach cás ina dtagann sí ar an eolas faoi fhiailí díobhálacha a bheith ann, ó chigireachtaí nó mar thoradh ar thuarascálacha arna ndéanamh ag an bpobal. Ina theannta sin, tá sé d’oibleagáid ar fheirmeoirí faoi cheanglais coinníollachta bearta iomchuí a dhéanamh chun leathadh fiailí díobhálacha a chosc faoi Dhea-riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil (DRTC) uimhir 8. Mura ndéantar amhlaidh, d’fhéadfadh go gcuirfí laghdú ar a n-íocaíochtaí limistéarbhunaithe i bhfeidhm.

Bíonn an Roinn i dteagmháil freisin le gach Comhairle Contae, le hÚdaráis Áitiúla agus leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta chun clár comhsheasmhach cóireála agus diúscartha fiailí díobhálacha a chinntiú ar bhonn leanúnach.