Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrann an tAire Heydon ar fheirmeoirí tosaíocht a thabhairt don tsábháilteacht maidir le tarracóirí agus innealra

Tá a thacaíocht tugtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, do Sheachtain na Sábháilteachta Tarracóra atá ar siúl an tseachtain seo, ón 25 Bealtaine go dtí an 29 Bealtaine 2026.

Spreagann an feachtas comhoibríoch seo, atá á reáchtáil ag Comhpháirtíocht um Shábháilteacht Feirme an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, gach duine chun machnamh a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tarracóirí agus innealra a oibriú. Is ionann tarracóirí agus innealra agus beagnach leath de na heachtraí marfacha uile ar fheirmeacha. Leagfar béim sa bhfeachtas seo ar na hathruithe beaga is féidir linn a dhéanamh chun na rioscaí a bhaineann le heachtra a íoslaghdú.

Ag fáiltiú dó roimh an bhfeachtas, dúirt an tAire Heydon:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhpháirtíocht um Shábháilteacht Feirme de chuid an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta agus leis na heagraíochtaí leasmhara éagsúla uile as teacht le chéile an tseachtain seo chun sábháilteacht tarracóra a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach go gcuirtear i gcuimhne do gach duine atá bainteach leis an bhfeirmeoireacht a thábhachtaí atá sé sábháilteacht tarracóra a choinneáil chun tosaigh agus iad i mbun a gcuid oibre."

Bhí beagnach 18 n-eachtra mharfacha ar an meán in aghaidh na bliana ar fheirmeacha in Éirinn le deich mbliana anuas. Le linn na tréimhse deich mbliana céanna, fuair ochtar páistí bás in eachtraí feirme, agus feithiclí feirme i gceist i ngach ceann acu. Ar an drochuair, tharla 25 eachtra mharfacha ar fheirmeacha anuraidh, dhá oiread an líon a bhí ann an bhliain roimhe sin, agus deimhníodh trí eachtra mharfacha feirme i mbliana go dtí seo. Tarlaíonn thart ar 4,500 eachtra neamh-mharfacha gach bliain ar fheirmeacha in Éirinn, agus bíonn gortuithe a athraíonn saol an duine mar thoradh ar chuid díobh.

Ag iarraidh ar fheirmeoirí tosaíocht a thabhairt dá sábháilteacht, dúirt an tAire Heydon:

“Ní mór dúinn glacadh leis nach bhfuil aon údar le seansanna a thógáil nuair a bhaineann sé le sábháilteacht feirme, go háirithe maidir le tarracóirí agus innealra, mar is féidir leis na hiarmhairtí a bheith tragóideach. Ní mór drochchleachtas sábháilteachta ar fheirmeacha a dhéanamh do-ghlactha go sóisialta.

Ag cur béim ar a thábhachtaí atá sábháilteacht tarracóra, dúirt an tAire freisin:

“Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí seiceáil ar tharracóirí agus ar innealra gach maidin sula gcuirtear tús leis an obair. Is fiú cúig nóiméad a chaitheamh ar sheiceálacha bunúsacha simplí a dhéanamh. Trí aon chaitheamh agus cuimilt nó damáiste a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, d’fhéadfadh feirmeoir eachtra thromchúiseach a chosc. Mholfainn do gach feirmeoir agus oibreoir tarracóra an t-am a ghlacadh chun féachaint ar fhíseán sábháilteachta tarracóra na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht Feirme, ina dtugtar sonraí faoi na seiceálacha riachtanacha sábháilteachta tarracóra.”

Chuir an tAire Heydon béim ar thiomantas a Roinne maidir le tacú le feirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh ina sábháilteacht. Ag spreagadh feirmeoirí chun leas a bhaint as na tacaíochtaí sin, dúirt an tAire:

“Táim ag iarraidh ar fheirmeoirí machnamh a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil faoi scéimeanna na Roinne chun infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh a chuideoidh lena dtimpeallacht oibre a dhéanamh níos sábháilte. Faoi Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe 3 (TAMS 3), tá cúnamh deontais 60% ar fáil le haghaidh trealamh amhail slisneoirí burlaí sadhláis agus trealamh athraithe roth, agus tá Liúntais Chaipitil Luathaithe ar fáil le haghaidh trealamh amhail ardaitheoirí málaí móra agus meicníochtaí mearcheangail.”

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh chuig: www.gov.ie/farmsafety.

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat