Fáiltíonn an tAire Heydon roimh chuairt an Choimisinéara Eorpaigh Jessika Roswall ar Éirinn

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Heydon roimh chuairt an Choimisinéara Eorpaigh Jessika Roswall ar Éirinn

Thug an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, Athléimneacht Uisce agus Geilleagar Ciorclach Iomaíoch, Jessika Roswall, cuairt ar Éirinn inniu tar éis don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., cuireadh foirmiúil a thabhairt di. Chuir an chuairt ar a cumas don Choimisinéir feirmeoireacht in Éirinn a fheiceáil ar an talamh agus bualadh le hionadaithe poiblí agus le páirtithe leasmhara maidir le hiarratas na hÉireann ar dhíolúine Níotráití. Chuir an chuairt deis ar fáil freisin obair ar an mbithgheilleagar a fheiceáil.

Ag trácht ar an gcuairt, dúirt an tAire Heydon:

“Sa chomhthéacs den obair mhaith atá ar siúl ag Éirinn maidir le gníomhartha chun cáilíocht uisce a fheabhsú, agus ár n-iarratas ar leanúnachas na Díolúine Níotráití, mheas mé gur chéim thábhachtach a bhí ann cuireadh a thabhairt don Choimisinéir Roswall teacht ar chuairt, agus gur deis ab ea an lá inniu dul i dteagmháil go díreach léi.”

Lean an tAire leis:

“Is gealltanas lárnach rialtais é leanúint den Díolúine Níotráití, agus táim ag déanamh gach rud ar mo chumas chun an gealltanas sin a chomhlíonadh. Tagann an chuairt seo i ndiaidh roinnt cuairteanna ó oifigigh an Choimisiúin maidir lenár n-iarratas ar leanúnachas na díolúine.

Tar éis bricfeasta oibre leis an Aire, thug an Coimisinéir cuairt ar fheirm i gContae Chill Dara chun an obair atá ar siúl ar cháilíocht uisce a fheiceáil ar an láithreán. Áiríodh leis sin na gníomhartha feirme atá á gcur i bhfeidhm faoi Chlár Gníomhaíochta Níotráití, rannpháirtíocht sa Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach “Feirmeoireacht ar son Uisce”, úsáid trealaimh Astaíochtaí Ísle chun aoileach a chur i bhfeidhm, agus ionchorprú seamair ag leibhéal feirme. Tá an fheirm páirteach freisin sa chlár AG-NAV, áit a ndéantar lorg charbóin na feirme a thomhas agus a mhonatóiriú go dlúth.

Leanfaidh an clár le cuairt ar Teagasc, Baile an Ásaigh. Buailfidh an Coimisinéir leis an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air as Fhoraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae T.D., chomh maith le baill den Oireachtas agus den Pharlaimint Eorpach, agus glacfaidh sí páirt i léiriú ar an mbithgheilleagar. Glacfaidh an tAire don Aeráid, an Fhuinneamh agus an Comhshaol, Darragh O’Brien T.D., páirt i lón oibre leis an gCoimisinéir, arna óstáil ag an Aire Heydon.

Beidh comhrá oscailte agus fairsing ag an gCoimisinéir agus an tAire Heydon ansin le baill den Oireachtas agus de Pharlaimint na hEorpa, agus le páirtithe leasmhara sa talmhaíocht agus sa chomhshaol.

Ghabh an tAire Heydon buíochas leis an gCoimisinéir as an am a chaitheamh ag tabhairt cuairte ar Éirinn agus as a rannpháirtíocht san idirphlé maidir le hiarratas na hÉireann.

Dúirt an tAire:

"Tá sé tábhachtach go bhfuil deis ag an gCoimisinéir Roswall inniu cuairt a thabhairt agus dul i dteagmháil go díreach le feirmeoirí agus le páirtithe leasmhara. Tá mé tiomanta gan cloch a fhágáil gan iompú ina thóir ar ár n-aidhm leanúint den díolúine. Mar a mhínigh mé cheana, tá go leor gnéithe dúshlánacha i gceist leis an athnuachan ar an Díolúine Níotráití, lena n-áirítear an gá measúnuithe mionsonraithe a dhéanamh chun comhlíonadh leis an Treoir Gnáthóga a léiriú, mar a d’iarr an Coimisiún i mí Mheithimh. In ainneoin na ndúshlán sin, is céim an-dearfach atá sa chlár gníomhaíochtaí inniu dar liom.

Leanfaidh an idirphlé sna seachtainí atá romhainn maidir lenár n-iarratas ar leanúnachas na díolúine agus iarracht á déanamh againn comhaontú a bhaint amach, lena n-áirítear an tacaíocht riachtanach ó bhaillstáit eile. Táim lánsásta anois go bhfuil tuigbheáil den scoth ag an gCoimisinéir Roswall ar an gcúinse Éireannach, lena n-áirítear ár dtiomantas chun cáilíocht uisce a fheabhsú, rud atá riachtanach chun leanúnachas na díolúine a chothabháil sa bhliain atá le teacht.”

Minister Heydon and Commissioner Roswall
Image caption: European Commissioner for the Environment, Water Resilience and a Competitive Circular Economy, Jessika Roswall, and Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon, TD, visiting to the farm of Pat Durkin and his daughter Kayleigh Durkin in County Kildare.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat