Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Heydon fáilte roimh thoradh an Chomhaontaithe Trádála idir AE-na hIndia

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, roimh an bhfógra go bhfuil an tAontas Eorpach agus an India tar éis caibidlíochtaí ar chomhaontú nua saorthrádála a thabhairt chun críche.

Ag freagairt don fhógra seo, dúirt an tAire Heydon:

“Is toradh dearfach é an comhaontú atá bainte amach idir an tAontas Eorpach agus an India d’earnáil agraibhia na hÉireann. Cuireann sé deiseanna suntasacha ar fáil d’onnmhairí deochanna meisciúla na hÉireann, go háirithe d’uisce beatha na hÉireann, i margadh arb é an margadh uisce beatha is mó ar domhan é agus an margadh is tapúla fáis dár n-onnmhairí uisce beatha."

Faoi láthair, tá taraifí allmhairiúcháin 150% i bhfeidhm ar onnmhairí uisce beatha na hÉireann chuig an India. Cuirfidh an comhaontú atá bainte amach idir an tAontas Eorpach agus an India, laghdófar taraifí amach anseo go 40% thar thréimhse chéimithe. Forálann an comhaontú freisin do laghduithe taraifí ar onnmhairí agraibhia eile, amhail bianna próiseáilte (m.sh. seacláid), feoil chaorach agus beoir. Tá earnálacha íogaire talmhaíochta an Aontais Eorpaigh cosanta faoin gcomhaontú, agus tá roinnt táirgí eisiata ó léirscaoileadh taraifí.

Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Bhí sé soiléir agam i gcónaí go gcaithfidh comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh na hearnálacha is leochailí againn a chosaint. Sa chomhthéacs sin, tugaim faoi deara ón bhfógra seo go bhfuil earnálacha is íogaire an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear earnálacha na mairteola agus na héanlaithe clóis, cosanta ar léirscaoileadh taraifí faoin gcomhaontú.”

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh chun na dréacht-téacsanna a fhoilsiú go luath, agus déanfar scrúdú dlíthiúil orthu ina dhiaidh sin, chomh maith le haistriúchán go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Nótaí don eagarthóir

In 2024, b’ionann onnmhairí agraibhia na hÉireann chuig an India agus €40.5 milliún – beagnach dúbailt luach onnmhairí 2023 (€21.9 milliún). Bhí sé seo faoi stiúir onnmhairí uisce beatha na hÉireann (€30.3 milliún in 2024), mar aon le honnmhairí breise faoi bheatha ainmhithe (€2.4 milliún) agus déiríocht (€2.2 milliún).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat