Leithdháileadh €4.33 milliún fógartha ag an Aire Stáit Dooley do 57 Tionscadal Bonneagair Mhuirí de chuid na nÚdarás Áitiúil
- Foilsithe: 21 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2025
Ag teacht sna sála ar an bhfógra a rinne sé i mí an Mhárta maidir leis an scéim chun infheistíocht a chur ar fáil i mbonneagar muirí atá faoi úinéireacht phoiblí, d'fhógair an tAire Stáit Iascaigh agus Mara, Timmy Dooley, TD, inniu go bhfuil cistiú €4.33 milliún á leithdháileadh ar 57 dtionscadal údaráis áitiúil ar fud aon údarás áitiúil cósta déag.
Cuideoidh an maoiniú leis na húdaráis áitiúla cósta bonneagar muirí atá nasctha le hiascach agus dobharshaothrú a chothabháil agus a fhorbairt faoina n-úinéireacht.
Ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann leis an infheistíocht, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD:
“Is é pacáiste €4.33 milliún na bliana seo an leithdháileadh is mó ar Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil lasmuigh de Scéim BALAMI, agus cuirfidh sé feabhas ar na saoráidí agus na taitneamhachtaí don phobal muirí i gcoitinne sna ceantair chósta sin a bhíonn faoin tuath go minic, agus beidh tionchar dearfach aige sin ar iascairí, ar an turasóireacht agus ar gheilleagair áitiúla. Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas leanúnach an Rialtais d’Éirinn faoin tuath agus cois cósta.”
Dúirt an tAire Dooley:
“Tá sé geallta ag an Rialtas seo go n-infheisteoidh sé inár Lárionaid Chuanta Iascaigh Stáit agus inár mbonneagar muirí poiblí. Dá bhrí sin, tá an-áthas orm, leithdháileadh €4.33 milliún a fhógairt do 11 údarás áitiúla, a mhaoineoidh 57 dtionscadal a thacaíonn le pobail mhuirí ar fud chósta na hÉireann. Tugann luach iomlán méadaithe na dtionscadal aonair i leithdháileadh na bliana seo deis d’údaráis áitiúla leanúint d’fhorbairt agus d’fheabhsú leanúnach saoráidí calafoirt agus iascaireachta, rud a fhágann gur féidir roinnt forbairtí fóillíochta muirí a dhéanamh freisin, rud a théann chun tairbhe do chohóirt éagsúla úsáideoirí.’
Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an clár a riar agus déanfaidh sí suas le 75% de chostais incháilithe an tionscadail a chómhaoiniú, suas le huas-aisíocaíocht €187,500, agus déanfaidh an t-údarás áitiúil na costais eile a chómhaoiniú.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Dooley:
“Is cúis mhór misnigh dom an líon mór iarratas, mar gheall ar chineál éagsúil ilchuspóireach na dtionscadal agus mar gheall ar an ngealltanas a léirigh na húdaráis áitiúla maidir le tionscadail ríthábhachtacha den sórt sin a chur i gcrích agus molaim do na húdaráis áitiúla a n-éilimh a chur isteach roimh spriocdháta mhí na Samhna.”
Nótaí do na heagarthóirí
I dTábla 1, tugtar sonraí faoi na 57 dtionscadal caipitil ar fud 11 údarás áitiúil cósta a formheasadh le haghaidh cistiú in 2025.
Déanann na Lárionaid Chuanta Iascaigh agus an Clár Forbartha Bonneagair Chósta beart de réir Chlár an Rialtais 2025 chun ‘tacaíocht a choinneáil don earnáil iascaireachta cois cladaigh, don dobharshaothrú chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh inár Lárionaid Chuanta Iascaigh Stáit agus inár mbonneagar muirí poiblí’ (an chuid Iascaigh agus Mara).