English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Geallann an tAire Stáit Dooley €23.86 milliún mar thacaíocht do bhainistíocht inbhuanaithe na n-aigéan

D’fhreastail an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Timmy Dooley TD, ar lá deireanach an 10ú comhdháil ár n-aigéin in Busan, an Chóiré, áit ar gheall sé €23.86 milliún chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann timpeallacht shláintiúil, inbhuanaithe mara chun cinn.

Ag labhairt dó faoin bhfógairt, dúirt an tAire Dooley an méid seo a leanas:

“Is cúis áthais dom tiomantas na hÉireann atá chomh suntasach sin a fhógairt. Léirítear leis seo tiomantas leanúnach an Rialtais do bheith ag obair le chéile trí roinnt tionscadal náisiúnta agus Eorpach, agus roinnt tionscnamh, chun inbhuanaitheacht ár n-aigéan a chinntiú.”

Geallann Éire chun tacú le réimse éagsúil gníomhaíochtaí, amhail cláir a thacóidh le taighde mara lena gcuirfear bonn eolais faoi mheasúnú speiceas agus bithéagsúlachta amach anseo, tionscnaimh a thabharfaidh aghaidh ar thionchar na haeráide i gceantair chósta, tacaíocht do thionscadail lena mbeifear in ann teicneolaíochtaí digiteacha aigéan a chur chun cinn, mar aon le tiomantas na hÉireann a athdhearbhú do 30% dá limistéar muirí a chosaint faoi 2030.

Dúirt an tAire Dooley mar fhocal scoir:

“Tá sé léirithe arís agus arís eile go bhfuil Éire go mór ar son bainistíocht inbhuanaithe na n-aigéan. Athdhearbhaítear an seasamh sin leis na gealltanais a tugadh inniu. Tá mé muiníneach go dtacóidh siad, ní hamháin le forbairt fhreagrach ár n-aigéan, ach le forbairt leanúnach phobail chósta na hÉireann atá ag brath ar earnáil bia mara a bhainistítear go hinbhuanaithe.”

Our Ocean Conference
Fotheideal an Ghrianghraif; An tAire Stáit ag labhairt ag an 10ú comhdháil ár n-aigéin