Cuireann an tAire Timmy Dooley fáilte roimh chuairt an Aire Stáit Lila Frías, Stát Yucatan, Meicsiceo

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Timmy Dooley fáilte roimh chuairt an Aire Stáit Lila Frías, Stát Yucatan, Meicsiceo

Inniu, bhí áthas ar an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Timmy Dooley TD, bualadh le Lila Frías, Aire Stáit Iascaigh agus Dobharshaothraithe Stát Yucatan (Meicsiceo), a thug cuairt ar Éirinn le toscaireacht ardleibhéil Mheicsiceo ina bhfuil ionadaithe ón rialtas náisiúnta agus réigiúnach i Meicsiceo agus i réigiún Yucatan.

Tá earnáil bia mara tráchtála dea-fhorbartha ag Stát Yucatan, agus le cuideachtaí atá ag iarraidh leathnú isteach i margaí na hEorpa agus a bhfuil deiseanna féideartha acu allmhairí a fhorbairt ón Eoraip, agus ó Éirinn go háirithe.

Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Dooley:

“Deis iontach a bhí ann teagmháil a dhéanamh leis an Aire Frías agus le hoifigigh Mheicsiceo. Deis a bhí ann labhairt faoi cháilíocht bhia mara na hÉireann agus faoi phaisean agus tiomantas thionscal bia mara na hÉireann. Tá traidisiún fada ag Éirinn maidir le hiascaireacht mhara agus táirgeadh dobharshaothraithe, agus tá infheistíocht déanta ag an rialtas i dtodhchaí ár n-earnála tráchtála bia mara trí mheascán de mhaoiniú náisiúnta agus AE, ag soláthar na dtacaíochtaí atá ag teastáil ón tionscal agus ónár ngníomhaireachtaí muirí tiomnaithe chun a chinntiú go n-úsáidtear ár n-acmhainní muirí go hinbhuanaithe.

“Is dúshlán é don dá thír táirgeadh iascaigh agus dobharshaothraithe atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de a áirithiú i ndomhan atá ag dul i ngleic le haeráid atá ag athrú. Táimid ag tnúth le tógáil ar an gcaidreamh atá againn le rialtas Stáit Yucatan, agus le rialtas cónaidhme Mheicsiceo freisin, agus le leanúint den chomhrá ar chuireamar tús leis inniu.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat