Fógraíonn na hAirí Heydon agus Dooley leithdháileadh os cionn €4.8 milliún chun tacú le seachadadh 57 tionscadal Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2026
Tá leithdháiltí tionscadail faoin Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil 2026 fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, agus ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil cúram an Iascaigh air, Timmy Dooley, TD.
Agus é ag labhairt faoin Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil, dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm go mbainfidh gach údarás áitiúil cósta a chuir iarratas isteach faoin scéim i mbliana tairbhe aisti. Cuirfidh na tionscadail seo feabhas ar bhonneagar muirí riachtanach, rud a thacóidh lenár n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus a chuirfidh feabhas ar shaoráidí turasóireachta agus áineasa ag an am céanna. Tá ról fíorthábhachtach ag infheistíocht den chineál seo maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch a chothú agus a fhorbairt inár bpobail chósta agus tuaithe.”
D’fhógair an tAire Dooley na leithdháiltí tionscadail faoin Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil 2026 ag ócáid i nDún Canannn Co. Loch Garman, inniu.
Dúirt an tAire Dooley:
“Léiríonn an leibhéal láidir rannpháirtíochta ó údaráis áitiúla, mar atá le feiceáil i gcáilíocht agus i scála na n-iarratas a fuarthas, an gá leanúnach atá le hinfheistíocht spriocdhírithe inár mbonneagar cósta. Le cúig bliana anuas, thacaigh an scéim seo le 161 tionscadal le hinfheistíocht chomhcheangailte de bhreis agus €59 milliún. Cuirfidh na 57 tionscadal a ceadaíodh inniu leis an dul chun cinn sin agus soláthróidh siad tairbhí suntasacha do phobail chósta ar fud na tíre.”
Tacaíonn an scéim bhliantúil seo le hinfheistíocht chaipitil i mbonneagar cósta atá faoi úinéireacht údaráis áitiúil, lena n-áirítear deisiúcháin ar chéanna agus ar chuanta, uasghráduithe ar shleamhnáin bháid, feabhsuithe sábháilteachta agus forbairt saoráidí fóillíochta mara.
I mí Feabhra, d’fhógair an tAire Dooley maoiniú €4.33 milliún do scéim 2026. Fuarthas iarratais ar bhreis agus 100 togra tionscadail ó 13 údarás áitiúil cósta. Le fógra an lae inniu, méadaítear an leithdháileadh go €4.8 milliún, rud a chuirfidh maoiniú ar fáil do 57 tionscadal ar fud na tíre agus a léiríonn rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil agus tiomantas láidir an Rialtais do thacú le pobail chósta.
Faoin scéim, déanfaidh an Roinn suas le 75% de chostais incháilithe tionscadail a chómhaoiniú, faoi réir deontas uasta €187,500 in aghaidh an tionscadail, agus cuirfidh na húdaráis áitiúla lena mbaineann an chuid eile den mhaoiniú ar fáil.
Agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá seachadadh tráthúil, dúirt an tAire Dooley mar fhocal scoir:
“Anois agus na leithdháiltí fógartha, tá sé tábhachtach go gcuirfear tús leis an obair gan mhoill. Oibreoidh mo Roinn go dlúth le gach údarás áitiúil lena chinntiú go gcuirfear an scéim i bhfeidhm go héifeachtúil agus go dtarraingeofar anuas an maoiniú ina iomláine laistigh den bhliain. Má chuirtear na tionscadail seo i gcrích in am, uasmhéadófar an tionchar a bheidh acu ar na pobail agus ar na hearnálacha atá ag brath ar an mbonneagar seo.”
Tá go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 ag údaráis áitiúla chun na hoibreacha uile a chur i gcrích agus a n-éilimh a chur faoi bhráid na Roinne.
Nótaí
Tugtar sonraí i dTábla 1 a ghabhann leis seo faoi na 57 tionscadal caipitil ar leithdháileadh maoiniú orthu in 2026 ar fud 13 údarás áitiúil cósta.