Fógraíonn na hAirí Heydon agus Dooley oscailt na Scéime Tacaíochta Breosla d’Árthaí Cláraithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Heydon agus Dooley oscailt na Scéime Tacaíochta Breosla d’Árthaí Cláraithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Iascach sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Timmy Dooley TD, inniu oscailt na Scéime Tacaíochta Breosla d’Árthaí Cláraithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe.

Ag trácht dó ar oscailt na scéime, dúirt an tAire Heydon:

“Aithníonn an Rialtas an brú eisceachtúil atá curtha ar fheirmeoirí, ar chonraitheoirí agus ar iascairí, idir fhir agus mhná, ag an méadú tobann ar chostas an bhreosla, agus mar fhreagairt air sin tá maoiniú €100 milliún curtha ar fáil aige chun tacaíocht shuntasach ioncaim a chur ar fáil do na hearnálacha sin.

“An 6 Bealtaine d’oscail mé scéim d’fheirmeoirí agus do chonraitheoirí, agus inniu tá áthas orm an scéim seo a oscailt, atá deartha go sonrach chun cabhrú le húinéirí árthaí sna hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe. Beidh suas le €15 milliún ar fáil d’úinéirí incháilithe árthaí ag tráth ríthábhachtach sa séasúr iascaireachta.”

Dúirt an tAire Dooley:

“Is scéim shimplí í an Scéim Tacaíochta Breosla d’Árthaí Cláraithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe atá dírithe ar na hárthaí sin is mó atá buailte ag an méadú tobann ar chostas an bhreosla. D’iarr mé ar Bhord Iascaigh Mhara an scéim seo a riar thar ceann mo Roinne agus impím ar úinéirí árthaí teagmháil luath a dhéanamh le Bord Iascaigh Mhara chun próiseas iarratais réidh a éascú.”

Tá an scéim seo deartha chun cabhrú le húinéirí árthaí iascaireachta agus dobharshaothraithe an costas méadaithe breosla a fhritháireamh mar thoradh ar an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear. Clúdóidh an scéim na míonna ó Mhárta go deireadh mhí Iúil, tréimhse atá ríthábhachtach i bhféilire na hiascaireachta. Is scéim shimplí í atá dírithe orthu siúd is mó atá buailte ag an méadú tobann ar chostas an bhreosla.

Tá an scéim oscailte d’úinéirí árthaí iascaireachta nach mór a bheith cláraithe ar Chlár Chabhlach na hÉireann tráth an iarratais ar dheontas agus nach mór a bheith i mbun iascaireachta go gníomhach ó Mhárta go Iúil in 2025. Tá an scéim oscailte freisin d’úinéirí árthaí dobharshaothraithe nach mór a bheith cláraithe ar Chlár Chabhlach na hÉireann tráth an iarratais ar dheontas, faoin deighleog Dobharshaothraithe. Ní mór do gach iarratasóir a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de tráth na híocaíochta. Beidh incháilitheacht don scéim bunaithe ar an tomhaltas taifeadta breosla le haghaidh príomhtháirgeadh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe anuraidh.

I gcás úinéirí árthaí atá níos mó ná 6m ar fad, féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne trí chóras bainistíochta deontas ar líne Bhord Iascaigh Mhara agus foirmeacha comhlánaithe agus admhálacha a chur isteach mar chuid den phróiseas iarratais. Faoin scéim, beidh íocaíocht amháin ann in aghaidh an iarratasóra chun tréimhse iomlán cúig mhí a chlúdach. Iarrfar ar iarratasóirí a n-úsáid don tréimhse ón 1 Márta go dtí an 31 Iúil 2025 a sholáthar bunaithe ar chaiteachas a bhfuil admhálacha ina leith. Déanfar an fhaisnéis uile a sholáthróidh na hiarratasóirí agus a mbeidh admhálacha ina leith a bhailíochtú sula ndéanfar cinneadh maidir leis an íocaíocht dheiridh.

I gcás úinéirí árthaí atá níos lú ná 6m ar fad iomlán, gheobhaidh siad tacaíocht ar ráta comhréidh. Féadfaidh na hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne trí chóras bainistíochta deontas ar líne Bhord Iascaigh Mhara ach ní bheidh orthu admhálacha breosla a sholáthar.

Fanfaidh an scéim oscailte go dtí Dé hAoine, an 12 Meitheamh 2026.

Ós rud é go bhfuil an scéim seo á cur chun feidhme faoin gCreat Sealadach Géarchéime arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi na Rialacha Státchabhrach uile is infheidhme, ní dhéanfar íocaíochtaí le hiarratasóirí go dtí go mbeidh faomhadh Státchabhrach faighte ag an Roinn.

Is féidir le hiarratasóirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh le Bord Iascaigh Mhara maidir leis an Scéim Tacaíochta Breosla d’Árthaí Cláraithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe ríomhphost a sheoladh chuig an Deasc Chabhrach Deontas ag grantshelpdesk@bim.ie.

Nótaí

Tairbhithe Incháilithe:

Úinéirí árthaí iascaireachta:

· nach mór a bheith cláraithe ar Chlár Chabhlach na hÉireann tráth an iarratais ar dheontas; agus

· nach mór a bheith i mbun iascaireachta go gníomhach ó Mhárta go Iúil in 2025

• Úinéirí árthaí dobharshaothraithe nach mór a bheith cláraithe ar Chlár Chabhlach na hÉireann tráth an iarratais ar dheontas, faoin deighleog Dobharshaothraithe.

• Ní mór do gach iarratasóir a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de tráth na híocaíochta.

• Ní mór do gach iarratasóir a bheith i ndea-sheasamh airgeadais le Bord Iascaigh Mhara.

Tabhair faoi deara, i gcás ina bhfuil árthach díolta ag úinéir árthaigh a bhí aige/aici in 2024 / 2025 agus árthach nua faighte aige/aici:

• Féadfar taifead iascaireachta an árthaigh nua a úsáid chun cáiliú don scéim.

• Sa chás nach gcomhlíonann an t-árthach nua na ceanglais, féadfar taifead an árthaigh roimhe sin a úsáid.

• Ní mór gur thabhaigh an t-iarratasóir féin, agus ní iar-úinéir an árthaigh, an caiteachas atá luaite sa taifead sonrascála / sa doiciméadacht íocaíochta a chuirfear isteach.

Ríomhfar an íocaíocht iomlán do gach iarratasóir nuair a bheidh gach éileamh curtha isteach. Mar sin féin, meastar go mbeidh thart ar 40 cent in aghaidh an lítir den úsáid mheasta thar thréimhse cúig mhí mar bhonn don íocaíocht. I gcás úinéirí árthaí atá níos lú ná 6m ar fad iomlán, déanfar íocaíocht ar ráta comhréidh de €350 ar a laghad. Déanfar an cóimheas úsáide measta agus an méid cent in aghaidh an lítir a shocrú chun a chinntiú go gcloífear le buiséad iomlán na scéime.

Faoin scéim, beidh íocaíocht amháin ann in aghaidh an iarratasóra chun tréimhse iomlán cúig mhí a chlúdach. Iarrfar ar iarratasóirí ar úinéirí árthaí iad atá níos mó ná 6m ar fad iomlán a n-úsáid don tréimhse ón 1 Márta go dtí an 31 Iúil 2025 a sholáthar bunaithe ar chaiteachas a bhfuil admhálacha ina leith. I gcás iarratasóirí ar úinéirí árthaí iad atá níos lú ná 6m ar fad iomlán, gheobhaidh siad tacaíocht ar ráta comhréidh agus ní bheidh orthu admhálacha breosla a sholáthar.

Fanfaidh an scéim oscailte go dtí Dé hAoine, an 12 Meitheamh 2026.

Ós rud é go bhfuil an scéim seo á cur chun feidhme faoin gCreat Sealadach Géarchéime arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi na Rialacha Státchabhrach uile is infheidhme, ní dhéanfar íocaíochtaí le hiarratasóirí go dtí go mbeidh faomhadh Státchabhrach faighte ag an Roinn.

Is féidir le hiarratasóirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh le Bord Iascaigh Mhara maidir leis an Scéim Tacaíochta Breosla d’Árthaí Cláraithe Iascaireachta agus Dobharshaothraithe ríomhphost a sheoladh chuig an Deasc Chabhrach Deontas ag grantshelpdesk@bim.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat