Freastalaíonn Airí Heydon agus Dooley ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn Airí Heydon agus Dooley ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Iascach, Timmy Dooley, TD, i láthair inniu ag Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil.

Ag labhairt dó faoi shaincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire Heydon:

“Tá an ghéarchéim sa Mheánoirthear tar éis brú a chur, go háirithe, ní hamháin ar phraghas leasacháin ach ar a infhaighteacht dóchúil de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh. Táim ag súil leis an bPlean Gníomhaíochta um Leasacháin atá beartaithe ag an gCoimisiún, a mholfaidh bearta chun táirgeadh leasachán san Aontas a mhéadú agus spleáchas ar allmhairí a laghdú, chomh maith le tacú leis an earnáil agraibhia san Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis na saincheisteanna geopholaitiúla reatha.”

Thug an tAire dá aire, i gcomhthéacs na ndúshlán reatha

“Tá baol ann go gcuirfidh an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) ciseal breise boilscithe ar chostais leasacháin, agus is é sin an fáth go dtacaíonn Éire le foráil maidir le sásra chun cur i bhfeidhm SCCT ar leasacháin a chur ar fionraí go sealadach, agus go ndéanfaí é sin chomh tapa agus is féidir.”

Ag trácht dó ar an bplé maidir le Fís an Aontais don Talmhaíocht agus don Bhia, dúirt an tAire Heydon:

“Pléifimid freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Fhís an Aontais don Talmhaíocht agus don Bhia. Fáiltím roimh an aitheantas sa Fhís go bhfuil an tacaíocht faoin gComhbheartas Talmhaíochta fós riachtanach chun ioncaim feirme a chothú, slándáil bia a áirithiú agus athléimneacht na hearnála agraibhia a neartú. Fáiltím roimh an aitheantas sa Fhís go bhfuil an tacaíocht faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) fós riachtanach chun ioncaim feirme a chothú, slándáil bia a áirithiú agus athléimneacht na hearnála agraibhia a neartú.

“De réir mar a leanann an chaibidlíocht ar chreat CBT i ndiaidh 2027, beidh sé ríthábhachtach CBT atá maoinithe go leordhóthanach faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile a áirithiú chun cuspóirí na Físe a bhaint amach. Beidh sé seo ina phríomhcheist le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.”

Beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Aire Heydon freisin lena chomhghleacaithe ón bhFrainc, ón tSualainn agus ón Ísiltír chun caidrimh a neartú roimh Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle agus chun tosaíochtaí na hÉireann don Uachtaránacht a phlé, chomh maith leis na forbairtí is déanaí sa chaibidlíocht maidir le buiséad an Aontais i ndiaidh 2027 agus creat rialála CBT.

Ag trácht freisin roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire Dooley:

“Tá an plé inniu ar an aistriú fuinnimh agus ar thionchar ardú praghsanna breosla tráthúil agus riachtanach araon. Ní mór tacaíocht a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais chun a chumasú don earnáil iascaigh san Aontas dul i ngleic leis an tréimhse dhúshlánach reatha de phraghsanna arda breosla. Áirítear ar nithe tábhachtacha eile iascaigh ar chlár oibre an lae inniu plé i ndáil le rialú iascaigh agus ronnach. Is í an ronnach an stoc peiligeach is tábhachtaí in Éirinn. Is gá céimeanna práinneacha a ghlacadh chun inbhuanaitheacht an stoic seo a chosaint agus chun sciar an Aontais den Ghabháil Iomlán Incheadaithe don ronnach a chosaint.”

“Tabharfaidh an Coimisiún cur i láthair freisin ar an Idirphlé maidir le Cur Chun Feidhme don Iascach Beagscála agus Cósta. Ós rud é go bhfuil os cionn 80% de chabhlach na hÉireann comhdhéanta d’árthaí cladaigh faoi bhun 12 mhéadar, fáiltím roimh an deis chun tiomantas na hÉireann don earnáil seo a threisiú ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.”

Beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Aire Dooley freisin lena chomhghleacaithe ón Ísiltír agus ón mBeilg chun tosaíochtaí na hÉireann don Uachtaránacht i réimse an iascaigh a phlé.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat