English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Heydon agus Grealish oscailt clárúcháin don Chomhdháil ‘Talmhaíocht agus Athrú Aeráide: Beart de réir na hEolaíochta’

  • Osclóidh an Taoiseach an chomhdháil, a bheidh ar siúl ar an 5 Meitheamh, ag The Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath.
  • Tá clárúchán ar oscailt anois ag suíomh gréasáin na comhdhála: agriclimateconf.com
  • Beidh beartas láidir agus béim ar eolaíocht agus ar chur i bhfeidhm ag an gcomhdháil, agus réimse cainteoirí mór le rá náisiúnta agus idirnáisiúnta.

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, agus Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD, an clár agus oscailt clárúcháin do mhórchomhdháil a óstálfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an Déardaoin, an 5 Meitheamh 2025.

Ag labhairt dó ag fógairt na hinfheistíochta, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Leagadh amach spriocanna uaillmhianacha don earnáil talmhaíochta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar chuid den iarracht náisiúnta chun neodracht aeráide a bhaint amach. Tá an tsárobair atá á déanamh ag na feirmeoirí feicthe agam fud fad na tíre, bíodh sé trí úsáid leasachán a laghdú, glacadh le sraitheanna féir/seamar, géinitic ainmhithe a fheabhsú, nó carbón a leithlisiú agus a stóráil in ithir. Ach is féidir linn an méid sin a fhorbairt a thuilleadh trí bhearta a thagann as taighde a ghlacadh, taighde atá maoinithe ag mo Roinn den chuid is mó”.

Chuir an tAire an méid seo a leanas leis sin:

“Tiocfaidh an chomhdháil seo, a osclóidh an Taoiseach Micheál Martin, príomhphearsana náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile atá bainteach san iarracht seo agus tabharfar leis seo deis dár bpáirtithe leasmhara go léir na forbairtí is déanaí a chloisteáil agus a mheas conas is féidir linn dlús a chur faoinár dturas neodrachta aeráide le chéile”.

Dá chuid féin, dúirt an tAire Stáit Grealish an méid seo a leanas:

“Mar Aire Stáit le freagracht as taighde agus forbairt, tá áthas orm a bheith páirteach i bhfógairt na comhdhála tábhachtaí seo, comhdháil ina mbeidh béim mhór ar an eolaíocht go háirithe. Le cúig bliana anuas, d’infheistigh mo Roinn níos mó ná €48 milliún i dtaighde aeráide agus talmhaíochta. In éineacht lenár dtaighde comhoibrithe agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, amhail iad siúd leis an gComhaontas Taighde Dhomhanda, feicimid forbairtí leanúnacha eolaíochta atá in ann na huirlisí a thabhairt do na feirmeoirí chun go mbeidís in ann feirmeoireacht níos inbhuanaithe a dhéanamh amach anseo. Tá sé tráthúil go gcuirtear ár bpáirtithe leasmhara ar an eolas is déanaí maidir leis na forbairtí leanúnacha seo”.

Chríochnaigh na hAirí le gach páirtí leasmhar sna hearnálacha talmhaíochta, bia, foraoise agus bithbhunaithe a spreagadh chun clárú don chomhdháil ar a ndéanfaidh an t-iriseoir mór le rá Helen Carroll modhnóireacht.