Seolann na hAirí Heydon agus Healy-Rae an Scéim leathnaithe um Luathú ar Liúntais Chaithimh agus Chuimilte do Threalamh Sábháilteachta Feirme
- Foilsithe: 10 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, an Scéim leathnaithe um Luathú ar Liúntais Chaithimh agus Chuimilte do Threalamh Sábháilteachta Feirme inniu.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tugann Clár an Rialtas tosaíocht d’fheabhsuithe ar shábháilteacht feirme, ar shláinte agus ar fholláine trí thacaíochtaí neartaithe. Mholfainn do gach feirmeoir machnamh a dhéanamh ar an deis seo chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí agus i dtrealamh a dhéanfaidh a bhfeirmeacha níos sábháilte agus níos éifeachtaí.”
Agus é ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht leanúnach d’fheirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh ina sábháilteacht, sláinte agus folláine, dúirt an tAire Healy-Rae:
“Cuirfidh leathnú an liosta trealaimh incháilithe le haghaidh liúntais chaipitil luathaithe spreagadh breise ar fáil d’fheirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí agus i dtrealamh, rud a sholáthróidh dálaí oibre níos fearr agus a chinnteoidh gur féidir obair a dhéanamh agus an riosca gortaithe nó báis á íoslaghdú. Is ábhar imní é líon na ngortuithe marfacha agus neamh-mharfacha a bhaineann le beostoc agus sonraítear leis sin an gá atá ann go ndéanfadh feirmeoirí measúnú ar na rioscaí agus iad ag obair le beostoc agus go gcinnteoidís go bhfuil a saoráidí ar chaighdeán leordhóthanach chun beostoc a láimhseáil agus plé leo go sábháilte.”
D’fhógair an tAire Airgeadais ar dtús leathnú na scéime mar chuid de Bhuiséad 2025 leis an liosta méadaithe trealaimh a bhfuil reachtaíocht déanta ina leith san Acht Airgeadais, 2024. Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inniu:
“An scéim seo de liúntais chaipitil luathaithe do threalamh sábháilteachta feirme agus an liosta a leathnaíodh le déanaí de threalamh incháilithe, léiríonn siad tiomantas an Rialtais seo do shábháilteacht feirme. Is é is aidhm don scéim dreasachtaí a thabhairt chun trealamh sábháilteachta feirme a cheannach, agus trealamh a d’fhéadfadh a bheith faoi bhun an chaighdeáin a athsholáthar. Tá an beart deartha freisin chun cabhrú le feirmeoirí faoi mhíchumas leanúint den obair, agus tá trealamh oiriúnaitheach áirithe incháilithe don scéim freisin. Cabhróidh an scéim seo le feirmeoirí promhadh sábháilteachta a dhéanamh ar a gcuid feirmeacha agus molaim do gach feirmeoir leas a bhaint as an scéim seo.”
Soláthraítear liúntais chaipitil luathaithe leis an scéim leathnaithe do raon níos leithne de threalamh sábháilteachta feirme. Tá aonaid feistithe láimhseála caorach, gabhlaigh agus cosáin eallaigh, geataí breithe laonna, tuilsoilse, monatóirí beostoic agus doirse sleamhnáin nó rollála incháilithe do liúntais chaipitil luathaithe anois. Tógann an scéim um liúntais chaipitil luathaithe ar an gcúnamh deontais 60% atá ar fáil faoi TAMS3 le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le sábháilteacht. Dhéanfaí aon deontais a gheofar do threalamh cáilitheach a asbhaint ón gcaiteachas cáilitheach sa chaoi nach mbeidh ach an glanchostas ar an bhfeirmeoir incháilithe don scéim um liúntais chaipitil luathaithe. Tá éileamh mór ar infheistíochtaí sábháilteachta feirme faoi TAMS i measc feirmeoirí agus is ionann an Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme agus 30% d’iarratais TAMS3 ar fad.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus na Coimisinéirí Ioncaim a riarann an próiseas deimhniúcháin don scéim um liúntais chaipitil luathaithe do threalamh sábháilteachta feirme. Tá buiséad bliantúil €5 mhilliún in aghaidh na bliana, gan CBL san áireamh, leithdháilte don bheart do 2025 agus 2026.
Sa chás ina bhfuil deimhniú cáilitheach faighte ag feirmeoirí, is féidir leo leas a bhaint as liúntais chaipitil de 50% in aghaidh na bliana, atá le héileamh thar thréimhse luathaithe dhá bhliain ar na hinfheistíochtaí sin, i gcomparáid leis an tréimhse chaighdeánach ocht mbliana do ghléasra agus innealra. Tá an scéim ar fáil d’fheirmeoirí a oibríonn mar thrádálaí aonair, mar chuideachta nó i gcomhpháirtíocht. Is féidir an liúntas a éileamh don tréimhse inmhuirir ina n-úsáidtear an trealamh den chéad uair don trádáil feirmeoireachta. Féadfar an liúntas a éileamh ar thuairisceán cánach an fheirmeora.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na Liúntais Chaipitil Luathaithe do Chaitheamh agus Cuimilt Trealaimh Sábháilteachta Feirme, féach ar https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/foilseachain/farm-safety/ agus https://www.revenue.ie/en/tax-professionals/tdm/income-tax-capital-gains-tax-corporation-tax/part-09/09-02-07.pdf nó seol ríomhphost chuig acafarmsafetyequipment@agriculture.gov.ie.
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá na Téarmaí agus Coinníollacha agus an Fhoirm Iarratais maidir le Luathú ar na Liúntais Chaithimh agus Chuimilte don Scéim Trealaimh Sábháilteachta Feirme ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/foilseachain/farm-safety/. Tá buiséad €5 mhilliún in aghaidh na bliana leithdháilte don Scéim.
Sa chás mar a bhainfidh sé le haonaid feistithe láimhseála caorach, gabhlaigh eallaigh feistithe, geataí breithe laonna, tuilsoilse faoi choinne clóis feirme, monatóirí beostoic agus doirse sleamhnáin nó doirse rollóra le haghaidh foirgnimh thalmhaíochta, níl an liúntas luathaithe caithimh agus cuimilte seo ar fáil ach amháin i leith infheistíochtaí arna ndéanamh idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2026.
I gcás na n-infheistíochtaí eile go léir a liostaítear thíos, tá an liúntas luathaithe caithimh agus cuimilt seo ar fáil i ndáil le hinfheistíochtaí a rinneadh idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2026.
Tá sonraí an trealaimh incháilithe leagtha amach sa tábla thíos.