English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann na hAirí Heydon agus Healy-Rae Gairm Oscailte ar Thionscadail Sábháilteachta, Sláinte agus Folláine Feirmeoirí

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, agus an tAire Stáit um Fhoraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD, gairm oscailte inniu ar thionscadail sábháilteachta, sláinte agus folláine feirmeoirí.

Dúirt an tAire Stáit Healy-Rae an méid seo a leanas agus an ghairm á fógairt aige:

“Is í an fheirmeoireacht an tslí bheatha is contúirtí maidir le básanna san ionad oibre. Is féidir léi a bheith ina slí bheatha strusmhar freisin. Agus na dúshláin uathúla atá le sárú ag feirmeoirí á n-aithint, tacóidh an ghairm oscailte seo le tionscadail a thacaíonn le dea-chleachtas a íoslaghdaíonn an riosca do shábháilteacht ár bhfeirmeoirí agus a chuireann sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus folláine dhearfach chun cinn ar fud na hearnála feirmeoireachta. Táim muiníneach, trí oibriú le chéile, go ndéanfaidh na hiarratasóirí rathúla tionscadail a sheachadadh a mbeidh tionchar praiticiúil agus dearfach acu ar shaol na bhfeirmeoirí, a dteaghlach agus gach duine a bhfuil baint aige leis an bhfeirmeoireacht.”

Ag fáiltiú roimh an ngairm oscailte, dúirt an tAire Heydon:

“Trí mhaoiniú tiomnaithe €2.5 milliún don bhliain seo, leanann mo Roinn de thionscnaimh a chur i bhfeidhm a chuidíonn le sábháilteacht, sláinte agus folláine ár bhfeirmeoirí agus ár bpobail feirmeoireachta a fheabhsú. Tógann an ghairm oscailte seo ar rath na chéad ghairme oscailte a mhaoinigh mé anuraidh. Spreagfaidh an ghairm oscailte páirtithe leasmhara chun tionscadail a sheachadadh a chuireann ní amháin sábháilteacht feirme chun cinn, ach a chuireann an tábhacht a bhaineann le sláinte fhisiciúil agus mheabhrach i measc feirmeoirí chun cinn freisin.”

Maoineofar na tionscadail ó bhuiséad tiomnaithe sábháilteachta feirme na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Clúdóidh tionscadail rathúla faoin ngairm ceann amháin nó níos mó de na téamaí seo a leanas:

  • Sábháilteacht feirme
  • Sláinte fhisiciúil feirmeoirí
  • Sláinte mheabhrach agus folláine feirmeoirí
  • Seiceálacha sláinte fisiciúla agus meabhraí feirmeoirí
  • Oiliúint feasachta tiomána tarracóra do leanaí 14 bliana d’aois agus níos sine
  • Oiliúint sáibh shlabhraigh d’fheirmeoirí
  • Imeachtaí/rannpháirtíocht sábháilteachta feirme, sláinte agus folláine

Is féidir iarratais faoin ngairm oscailte a sheoladh le ríomhphost chuig farmsafetycall@agriculture.gov.ie nó a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig:

Rannán um Beartas, Meastóireacht agus Deimhniú Barr

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Foirgneamh Riaracháin Bhacastúin,

Cill Droichid,

Co. Chill Dara

Is é Dé Luain, an 19 Márta 2025 an spriocdháta.

Tá an Doiciméad Sonraíochta agus an Fhoirm Iarratais ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/foilseachain/farm-safety/.